Tommy réidh chun bóthair

Níl aon gá go ndéanfadh na hÉireannaigh athrú mór ar a stíl imeartha, a deir Tommy Bowe le Tuairisc.ie

Tommy Bowe. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Tommy Bowe. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Ní fheicfear mórán athruithe ar chur chuige na hÉireann agus iad ag iarraidh Comórtas na Sé Náisiún a a bhuachan don dara bliain as a chéile. Sin an méid a bhí le rá ag cliathánaí na hÉireann Tommy Bowe agus é ag féachaint roimhe ar an gcluiche i gcoinne na hIodáile an deireadh seachtaine seo. 

Tar éis dóibh gach cluiche dár imir siad le linn an fhómhair a bhuachan, níl aon ghá lena stíl imeartha a athrú, a deir Bowe, agus é dóchasach go maith faoina bhfuil i ndán don bhfoireann sa dá mhí amach romhainn.

“Ba dheacair dom a shamhlú go mbeidh sí (an stíl) ró-éagsúil. Bhí rath ar an méid a bhí á dhéanamh againn le bliain anuas agus ní bheidh aon athruithe móra ann dá bharr. B’fhéidir go ndéanfar mionathruithe agus sinn ag tabhairt aghaidh ar fhoirne éagsúla, ach i láthair na huaire tá sé fíorchosúil leis an stíl a bhí againn sa bhfómhar.”

Agus cén fáth a n-athródh seaimpíní an chomórtais a stíl imeartha, go háirithe agus buaite acu chomh maith sin ar an Astráil agus an Afraic Theas sa bhfómhar? Bíodh is nach bhfuil mórán fonn cainte ar Joe Scmidt faoin scéal go bhfuil a fhoireann mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí, tá cúis leis go bhfuil an stádas sin acu. 

Ba dheacair a áiteamh gurb í seo an fhoireann is fearr a bhí ag Éireann le linn réimeas Eddie O’Sullivan (2002-2008), Declan Kidney (2008-2013) agus Schmidt (2013- ), ach tá siad ar an bhfoireann is eagraithe le 14 bliana anuas. Níl aon fhaitíos ar an bhfoireann roimh éinne.

“Níbheidh aon imní orainn ag dul chun páirce,” a deir Bowe agus é ag caint linn i Carton House inniu.

“Beimid ag dul amach chun an bua a fháil. Dála aon chluiche as baile, beidh smaointe agus bealaí imeartha ar leith againn ar gá dúinn iad a chur i bhfeidhm agus sinn ar an ionsaí.

“Gan amhras, ní bheidh aon rud diúltach faoin gcur chuige againn. Ach ag an am céanna, as baile, beimid ag iarraidh an brú a chur orthu.”

Bhí Bowe in easnamh an uair dheireanach a chaill Éire sa Róimh (22-15), i gcluiche deireanach na Sé Náisiún i 2013, nuair a chríochnaigh Peter O’Mahony an lá ag imirt ar an gcliathán. I mbliana tá tús maith á lorg ag foireann Schmidt, ar féidir tógáil air i gcoinne na Fraince i mbabhta a dó den chomórtas i gceann coicíse.

“Tá tús maith uainn ar dhá bhealach. Táimid ag iarraidh an slua a chur ina dtost agus tús maith a chur leis an gcomórtas. Teastaíonn uainn go mbeadh linn sa chomórtas. Más féidir linn tús maith a chur leis agus cosc a chur ar an Iodáil imirt, is féidir linn ár stíl imeartha féin a chur i bhfeidhm.

“Ba mhaith linn filleadh abhaile agus bua faighte againn; ní fhéadfaí tús níos fearr ná sin a fháil. Beimid ullamh agus le seachtain mhaith traenála curtha dínn againn, beidh cuma na maitheasa orainn.”

Fág freagra ar 'Tommy réidh chun bóthair'