TOMÁS Ó MEARRAÍ 1936-2020: Bunaitheoir Chairde Rince Céilí na hÉireann ar shlí na fírinne

Tomás agus a bhean chéile a bhunaigh Craobh Ucht-Uí-Néill Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

TOMÁS Ó MEARRAÍ 1936-2020: Bunaitheoir Chairde Rince Céilí na hÉireann  ar shlí na fírinne

Fuair Tomás Ó Mearraí as Ucht-Uí-Néill, Contae na Mí agus Baile an tSiarlaigh, Baile Átha Fhirdhia, Contae Lú bás faoi shíocháin in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha an mhí seo caite. Bhí sé 83 bliain d’aois. Maireann a bhean chéile Síle, a iníon Eilís, a dheirfiúr an tSiúr Teresa, SSL agus a dheartháir Enda.

Chaith Tomás a shaol ag obair go deonach chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn. Ina óige d’imir sé peil Ghaelach agus sna seachtóidí bhí sé gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta, go háirithe ag cuidiú le teaghlaigh na bpríosúnach. Eisean agus a bhean chéile a bhí freagrach as Craobh Ucht-Uí-Néill Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú i 1983 agus sa bhliain 1984, cheannaigh Tomás Halla Naomh Pádraig, Ucht-Uí-Néill, rinne sé athchóiriú air agus chuir sé ar fáil é saor in aisce do ghrúpaí áitiúla Gaelacha ó shin ar aghaidh. Bhunaigh Tomás agus a bhean chéile T.U.N.E. (Top Ughtyneill Non-Alcoholic Entertainment), eagraíocht a chur siamsaíocht gan alcól ar fáil ar feadh níos mó ná 21 bliain. Sa bhealach seo, bhí Tomás ag gníomhú ar a chreideamh Críostaí agus a bhallraíocht i gCumann na Réadóirí le 70 bliain. Bhí sé ar dhuine de thriúr sa bhabhta ceannais de Phearsa na Mí sa bhliain 1991 as a chuid oibre do T.U.N.E. agus d’oidhreacht na hÉireann.

Sa bhliain 1996, comóradh an chéid den chéad chéilí, bhunaigh sé Cairde Rince Céilí na hÉireann chun rince céilí neamhchomórtasach a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na hÉireann in ionaid atá saor ó alcól. Thar thréimhse 23 bliana, d’oibrigh Tomás i ngach contae in Éirinn ar bhonn deonach mar Chathaoirleach Náisiúnta, mar mhúinteoir rince agus mar thraenálaí/scrúdaitheoir múinteoireachta.

Bhí ardmheas aige ar pháistí mar thuig sé gur iontu atá an dóchas do thodhchaí na hÉireann. Chuir sé áthas air gur fhoghlaim 10,000 páiste rince céilí gach bliain tríd na cúrsaí a d’eagraigh an eagraíocht. Cúis bhróid ina áit dhúchais dó an Céilí Crosbhóthair bliantúil in Ucht-Uí-Néill a raibh sé mar phríomh-eagraí air le 36 bliain anuas.

Bhí grá mór ag Tomás don Ghaeilge. Bhain sé féin agus a bhean chéile Síle Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach amach sa bhliain 2008 agus bhunaigh siad Ciorcal Comhrá Bhaile Átha Fhirdhia, bhí suim aige i gcónaí cuidiú le daoine a bhí ar bheagán Gaeilge.

Ba mhór an onóir dó gur cuireadh faoi agallamh é ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ar Comhrá TG4 sa bhliain 2013.

Aistríodh a chorp óna theach cónaithe go dtí a áit dhúchais in Ucht-Uí-Néill, Co. na Mí áit a raibh grúpa ó Chairde Rince Céilí na hÉireann ag damhsa ag an gcrosbhóthar. I ndiaidh Aifreann na Sochraide i Maigh nEalta, cuireadh Tomás i Reilig Mhuire. Sheinn a iníon Eilís Róisín Dubh ar an bhfeadóg stáin ag an uaigh. Is mór ag Síle agus Eilís gach duine a bhí páirteach i gceiliúradh shaol Thomáis.

Ní críoch ach athfhás.

Fág freagra ar 'TOMÁS Ó MEARRAÍ 1936-2020: Bunaitheoir Chairde Rince Céilí na hÉireann ar shlí na fírinne'

  • Mait Ó Brádaigh, Cinn Mhara

    Sárfhear agus sárGhael a bhí i gcónaí dílis dá dhúchas. RIP a Thomáis.

  • Seán Ó Raghallaigh

    Mairfidh an maitheas a rinne Tomás i mbéal an phobail.
    Suaimhneas síoraí dá anam.