TOM O’DONNELL 1926-2020: An t-iar-aire Gaeltachta as Luimneach ar shlí na fírinne

Deir an t-iarThaoiseach John Bruton gurbh 'iontach an gaisce' a rinne Tom O'Donnell mar aire Gaeltachta agus gur thuill sé meas mhuintir na Gaeltachta

TOM O’DONNELL 1926-2020: An t-iar-aire Gaeltachta as Luimneach ar shlí na fírinne

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Tom O’Donnell tar éis bháis in aois a 94 bliain.

Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mochealllóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave.

Bhí Tom O’Donnell ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite. Cé nach raibh an teist ar an gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a raibh sé mar bhall de go raibh leas na teanga mar thosaíocht acu, bhí meas ar O’Donnell féin sa Ghaeltacht.

An creideamh mór a bhí aige mar aire ná nach mairfeadh an Ghaeltacht ná an teanga gan na daoine agus nach mbeadh aon daoine fágtha sa Ghaeltacht mura gcuirfí fostaíocht ar fáil dóibh.

Leag sé béim mhór ar fhostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht le linn a thréimhse mar aire.

Dúirt an t-iarThaoiseach John Bruton aréir gurbh “iontach an gaisce” a rinne Tom O’Donnell mar aire Gaeltachta.

“Bhí an-chion ag muintir na Gaeltachta air agus tharraing sé aird orthu agus ar a gcás ag an leibhéal is airde ar bhealach nár tharla riamh roimhe sin. Bhain sé líofacht amach sa Ghaeilge agus rinne sé cúram oifgiúil a roinne go léir trí Ghaeilge…

“…Thug sé tús áite do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Le linn na tréimhse a bhí ag Tom san oifig, mhéadaigh líon na bpostanna sa Ghaeltacht faoi dhó agus tháinig feabhas mór ar an infreastruchtúr inti,” arsa John Bruton.

30 bliain a thug Tom O’Donnell sa saol poiblí. Toghadh chun na Dála den chéad uair i 1961 agus d’éirigh sé as i 1989. Toghadh chun parlaimint na hEorpa é é i 1979 agus arís i 1984.

Ba dhuine é d’fhathaigh Fhine Gael i Luimneach. Nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht ag deireadh na n-ochtóidí lean sé air ag obair go deonach ar son an phobail.

Fág freagra ar 'TOM O’DONNELL 1926-2020: An t-iar-aire Gaeltachta as Luimneach ar shlí na fírinne'

  • Tiarnan de Fréine

    Fear ionraic uasal. Leaba i measc na Naomh aige!

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’é Tom O’Donnell ar dhuine dos na hairí Gaeltachta ab fhearr a bhí riamh ann, a thuill meas phobal na Gaeltachta agus a dhein gach iarracht ar na riachtanais a bhí acu a chomhlíonadh agus a gcuid fadhbanna a shárú. É sin in ainneoin gach bac a bhí curtha roimhe ag an státchóras. Agus lean sé ar aghaidh ar an mbonn céanna ina dhiaidh sin agus é ina fheisire Eorpach. O’Donnell abú.

  • Domhnall O Broin

    Fear agus Aire maith. Go ndéana Dia grásta air.

  • Máire (Whelan) Dermody

    Aire maith agus fear go raibh sé éasca labhairt leis. Beannacht Dé lena anam

  • Séamus Caomhánach

    Cé nár bhuail mé leis ach aon uair amháin i Mainistir Eimhin bhí mé an-tógtha leis mar fhear uasal ionraic.
    Go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis.

  • Seán Mistéil

    Mar onóir dom a bheith ag obair le Tomás Ó Dónaill agus é mar Aire. Creidim go mbeadh Údarás na Gaeltachta níos láidre ar an saol níos luaithe marach bac náireach, polaitiúil ó dhaoine áirithe sa státchóras ag an am – macasamhail Yes Minister. Fear ionraic, dílis. Suaimhneas síoraí dó.

  • Cathal Mac Suibhne

    Fear maith mianach macánta. Trócaire Dé ar a anam uasal. Ba é a chinntigh go mbeadh bád farantoireacht ag pobal Arainn Mhór. Is doighe gurbh ó Dhalaigh Dhùn na nGall a shíolraigh sé.
    Dia leis

  • JOHN MODONOGHUE

    Ceann des na hÁiri Gaeltachta is fearr riamh agus gan é fiú ón nGaeltacht. Fear lach séimh, macánta, ar dheis lámh Dé go raibh a anam uasal.