Toiréasa Ferris lena hainm a chur chun cinn do Shinn Féin don chéad olltoghchán eile

Ag Ard-Fheis an pháirtí san RDS i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, d’fhógair uachtarán an pháirtí, Gerry Adams, nach seasfaidh sé féin ná Martin Ferris don Dáil an chéad uair eile

Toiréasa Ferris lena hainm a chur chun cinn do Shinn Féin don chéad olltoghchán eile

Thug an comhairleoir contae as Ciarraí Toiréasa Ferris le fios go bhfuil sé i gceist aici a hainm a chur chun cinn le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile. Cuirfidh Ferris a hainm chun cinn ag coinbhinsiún Shinn Féin a bheidh ar siúl ag tús na míosa seo chugainn.

Ag labhairt di ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, thug Ferris le fios gur bheartaigh sí gurb “é seo an t-am” le hí féin a chur chun cinn toisc dea-scéala a bheith faighte le déanaí aici ó thaobh a sláinte de agus toisc athruithe móra a bheith ar bun sa pháirtí féin le bliain anuas.

“Timpeall bliain nó bliain go leith ó shin, thosnaíos ag caint le m’fhear céile faoi. Chun a bheith an-mhacánta faoi, cuid mhór den chúis nach rabhas sásta mé féin a chur os comhair an phobail ag an leibhéal náisiúnta ná nach raibh m’fhear céile sásta faoi. Bíonn an-bhrú air nuair nach mbím timpeall.

“Thosnaíomar á phlé le linn na bliana, le bás Martin McGuinness agus dea-scéal a bheith ann dom féin ó thaobh mo shláinte de, bheartaíomar gurb é seo an t-am, agus má tá baill Shinn Féin i gCiarraí sásta mise a roghnú chun a bheith mar ionadaí, bheinn sásta m’ainm a chur os comhair an pháirtí,” a dúirt Ferris.

Tá súil ag Ferris suíochán a hathar, Martin, atá ina Theachta Dála do Chiarraí ó 2002, a bhuachan sa chéad olltoghchán eile. Ag Ard-Fheis an pháirtí san RDS i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, d’fhógair uachtarán an pháirtí, Gerry Adams, nach seasfaidh sé féin ná Martin Ferris don Dáil an chéad uair eile.

Dúirt Toiréasa Ferris gur tháinig an fógra nach mbeadh a hathair ag seasamh arís don Dáil aniar aduaidh ar chuid mhaith de mhuintir agus de chlann a hathar.

“Sin rud conspóideach ar maidin do mo chlann, mar ní raibh a fhios ag aon duine i mo chlann, seachas iad siúd atá ina mbaill de Shinn Féin, ach bhí a fhios ag baill áitiúla Shinn Féin. Labhair m’athair linn cúpla seachtain ó shin, agus chuir sé litir chuig gach ball an tseachtain seo caite chun a rá leo nach raibh sé chun a bheith san iomaíocht an chéad uair eile,” a dúirt sí.

Tá Toiréasa Ferris ina comhairleoir contae ó 2003. Roimhe sin, bhí sí ina ball d’Ógra Shinn Féin ina baile dúchais, Trá Lí, agus le cumann na hollscoile in Ollscoil Luimnigh. Thóg sí suíochán a hathar ar Chomhairle Contae Chiarraí nuair a toghadh Martin Ferris chun na Dála.

Ba í an chéad chomhairleoir de chuid Shinn Féin le bheith ina Cathaoirleach ar an gComhairle agus ba í an chéad Mhéara mná ar Thrá Lí í in 2005. Sheas sí do thoghchán Pharlaimint na hEorpa in 2009 ach níor éirigh léi suíochán sa Bhruiséil a bhuachan.

Fág freagra ar 'Toiréasa Ferris lena hainm a chur chun cinn do Shinn Féin don chéad olltoghchán eile'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    “Dynasties”, nárbh é sin a bhí ar siúl ag FF agus FG.
    SF á rá go mbeidh said difriúil. FF a rá nách rachfaidh said i gcomhrialtas le SF ach go mbeidh na murtha fáilte do Peadar Toibín dá dtitfeadh sé go tóin poill i SF.

    Tá said go léir mar an gcéile.

  • donnchadh Ó Seaghdha

    Murach na trioblóidí sa tuaisceart bfheidir nach mbeadh cloiste againn in aonchor faoi Máirtin Ferris maidir le cursaí polaitaiochta ach ta seans ann go mbeadh níos mo clú air mar pheileadoir mar d’imir sé leis an foireann sin faoi 21 a raibh clu agus cail orthu nios deanai. Ni doigh liom go bhfuil an comparaid sin cothrom mar ní ‘career ‘ polaiticeoiri na Ferrises