Tóibín éirithe as Sinn Féin tar éis 21 bliain toisc ‘imeallú’ a bheith á dhéanamh air sa pháirtí

D’fhógair an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i litir a d’fhoilsigh sé ar na meáin shóisialta inniu go raibh sé ag fágáil an pháirtí mar nach bhfeictear dó go bhfuil áit dó féin sa pháirtí amach anseo

Tóibín éirithe as Sinn Féin tar éis 21 bliain toisc ‘imeallú’ a bheith á dhéanamh air sa pháirtí

Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Peadar Tóibín, iar-urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, go bhfuil sé ag éirí as an pháirtí tar éis 21 bliain.

I litir éirí as a chuir sé chuig Príomhaoire Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, agus a scaip sé ar na meáin shóisialta inniu, dúirt Tóibín gur le “croí trom” a bheadh sé ag éirí as an pháirtí ach nach bhfeictear dó go bhfuil todhchaí aige féin ná ag a mhacasamhla atá ar son na beatha sa pháirtí.

Dúirt Tóibín, a cuireadh ar fionraí ón pháirtí ag tús na míosa seo caite mar gur vótáil sé i gcoinne reachtaíocht ghinmhillte, go raibh sé ag éirí as mar nach ann a thuilleadh don mhargadh a rinne sé le ceannairí an pháirtí in 2012 go gcaithfí go cothrom leis agus nach ndéanfaí imeallú air sa pháirtí mar gheall ar a sheasamh in aghaidh an ghinmhillte. 

Dúirt sé gur éirigh leis an socrú sin ar feadh ceithre bliana ach go raibh an margadh “caite i dtraipisí’ ag an pháirtí le 18 mí anuas. Mhaígh sé sa litir  go raibh cead cainte bainte de, go raibh cúraimí oibre agus a ról mar urlabhraí caillte aige agus go raibh cinsireacht á déanamh ar a chaidreamh leis na meáin. Dúirt sé freisin nach raibh sé in ann “ionadaíocht cheart” a dhéanamh ar lucht a dháilcheantair de bharr na srianta sin.

Luaigh Tóibín ina litir éirí as gur ardaigh sé an cheist seo “go leor” amanna agus gur theip ar na hiarrachtaí a rinne sé “spás” a aimsiú sa pháirtí do dhaoine atá ar son na beatha.

Dúirt sé gur fhiafraigh sé de Chathaoirleach Shinn Féin coicís ó shin, i litir a chuir sé chuig an Phríomhaoire agus chuig ceannasaí an pháirtí, faoin todhchaí a bheadh ag daoine a bheadh ar aon tuairim leis féin sa pháirtí,  ach nach bhfuair sé aon fhreagra  ar an litir sin go fóill.

Bhí Tóibín ar dhuine de na polaiteoirí ba ghníomhaí san fheachtas i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus bhí sé ar dhuine den 12 Teachta Dála a vótáil an tseachtain seo caite i gcoinne an Bhille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil).

Bhí sé ina Chathaoirleach ar an Choiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta agus bhí sé ina bhall de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chomh maith.

Dúirt Príomhaoire Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a bhfuil na cúraimí sin air anois, go raibh an Bille sin ag teacht le toil an phobail i reifreann na Bealtaine agus le polasaí an pháirtí mar a aontaíodh é ag an Ard-Fheis. 

Cuireadh an Teachta Dála ón Mhí Thiar ar thréimhse fionraíochta eile óna pháirtí in 2013 nuair a vótáil sé i gcoinne an Bhille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis.

Fág freagra ar 'Tóibín éirithe as Sinn Féin tar éis 21 bliain toisc ‘imeallú’ a bheith á dhéanamh air sa pháirtí'

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Tá áthas orm gur dhein Peadar an gníomh ceart agus cúl a thabhairt don dream uafásach sin nach bhfuil meas acu ar thuairimí na dTeachtaí Dála sa pháirtí agus an leanbh soineanta sa bhroinn.Tá sé thar am páirtí nua úr a bhunú chun saoirse a thabhairt dóibh siúd sa pháirtí agus iad taobh amuigh den pháirtí,Tá an mianach agus an ábaltacht chuí ag Peadar agus dhéanfadh sé ceannaire maith don bpáirtí nuachruthaithe sin,

  • Traolach Ó Murchú

    An ceart ar fad ag Peadar.
    Guím gach rath air agus ar an bpáirtí nua so atá á chruthú aige.

  • Antaine Ó Caollaidhe

    An-fhear agus an ceart aige an páirtí sin a fhágáil nuair nach ligtear dhó a chuid thuairimí fhéin ona uile chroí istigh a nochtadh mar ba cheart . Tá mé go hiomláin ar shon na beatha agus labhrann Peadar amach go cróga ar shon an linbh gan bhreith nach fearacht baill eile an pháirtí aige é . Ceist chonsiasa í ar deireadh agus molaim go hard na spéire é as an seasamh atá tóigtha aige .