Tógtar anuas den tseilf an Ghaelainn sa Daingean agus déantar gaisce fúithi

Is cúis lúcháire go bhfuil áiteanna sa Daingean gur féidir le cainteoirí dúchais Gaelainn a labhairt, ach cad faoin strainséir?

Tógtar anuas den tseilf an Ghaelainn sa Daingean agus déantar gaisce fúithi

Ba shuim liom an t-alt le Dáithí áe Mórdha ar Tuairisc.ie le gairid faoi cheist na Gaelainne, nó ar theirce na Gaelainne, i mbaile an Daingin, mar a chuir Dáithí féin friotal air. Más rud ait é d’fhear Dhún Chaoin a gceart a thabhairt do mhuintir an Daingin, seo rud níos aite fós: Ciarraíoch ag seasamh an fhóid, ní le Ciarraíoch eile, Dáithí, ach leis an gCorcaíoch a chum an litir a tharraing an chaint faoin ábhar seo nuair a foilsíodh le déanaí í san Irish Examiner.

Tháinig tuile cuimhní chomh tiubh le tiul ar ais chugam agus mé ag smaoineamh siar ar mo chéad chuairt ar bhaile breá Dhaingean Uí Chúis roinnt de bhlianta ó shin. Thógas an bus ó Chiarraí Thuaidh siar chun blaiseadh a fháil den teanga dhúchais. Agus an bus ag tarraingt isteach ar an mbaile, bhíos fós ag cíoradh go sceitimíneach na nótaí a chumas chun feabhas a chur ar mo chuid Gaelainne.  Ba ghearr go mbeinn i measc cainteoirí den scoth, dar liom, agus an teanga á labhairt gan stad gan stopadh timpeall orm. Dar fia, ní mar sin a thit rudaí amach, faraor.

Is cinnte go raibh muintir an bhaile cairdiúil cúirtéiseach croíúil ach tásc ná tuairisc ar an teanga ní bhfuaireas.  Ní ar feadh cúpla lá ar a laghad. Bhuaileas isteach chuig pé áit sa bhaile arbh fhéidir liom. Caiféanna, tithe óil, siopaí leabhar, dánlanna agus mar sin de. Tada á labhairt ach Béarla ag muintir na háite. Chuas anonn chuig áiteanna eile. B’ann don chibeal agus don chraic cinnte dearfa, ach tada ní raibh le cloisint i dtaobh na teanga féinig. Nada. Nichts. Nothing. Ba chúis mhór díomá agus iontais dom é. Chuile sheans go rabhas chomh soineanta leis an leanbh a rugadh aréir ina thaobh ach cén dochar. Dheamhan smid den Ghaelainn timpeall anseo, a dúradh liom. ‘Go west’ chun dul sa tóir ar an teanga. Má théim níos faide siar, arsa mise liom féin, ba bhaol dom titim isteach san fharraige fhiáin fhuar.

Ar a son nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, thógas rothar ar cíos agus bhaineas amach músaem cúpla míle siar ón mbaile. Bíodh is go raibh sé thar a bheith suimiúil, ní raibh macalla na Gaelainne ná baol air ar na seacht dteanga ina raibh an t-eolas ar fáil. Chuireas ceist ar dhuine de na fostaithe ann cad chuige sin. Bhuel, bheadh an-chur amach cheana féin ag lucht na Gaelainne ar an scéal, a míníodh dom. Dheamhan aistriúchán ag teastáil dá thoradh sin, a dúradh. Thit an lug ar an lag orm agus d’fhilleas ar an mbaile.

Chun scéal casta, fada a dhéanamh gairid,  d’éirigh liom faoi dheireadh thiar, ar an tríú lá teacht ar chúpla cainteoir cumasach sa teanga. Duine i siopa ceoil ar an mbaile (dheamhan a gcuimhním cén t-ainm a thug an fear fóinteach sin air féin) agus an scríbhneoir mór le rá, Maidhc Dainín Ó Sé, ina measc, go ndéana Dia grásta air. Ar m’anam ach go rabhas fíorbhuíoch díobh.

Is cúis ghliondair agus lúcháire domsa gur féidir le duine de mhuintir na háite, leithéid Dháithí (de Mórdha), ar cainteoir dúchais é, Gaelainn a labhairt in iliomad áiteanna ar fud an bhaile. Mo ghraidhin go deo é.

Ní móide, áfach, gur féidir le strainséir nach bhfuil an teanga ó dhúchas aige amhlaidh a dhéanamh le linn cuairte ar an mbaile. Agus sin croí na faidhbe, dar liomsa. Níl teacht go héasca ar an teanga i nDaingean Uí Chúis.

Seachas í a bheith caite sa ghearradh díobh, canathaobh nach dtógaimis anuas den tseilf an Ghaelainn agus gaisce a dhéanamh fúithi le fonn agus le flosc? Seoid ar leith dár gcultúr is ea í agus ní beag an tsuim a léireodh cuairteoirí ó chuile chearn den domhan inti dá thoradh. Táim cinnte de. 

‘Níl sí in ann freastal do thalamh ná do thrá,’ a dúirt duine de na carachtair i mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille. Ní hamhlaidh sa chás áirithe seo. Is féidir leis an nGaelainn an dá thrá a fhreastal – an cultúr agus an diabhal airgead.

Fág freagra ar 'Tógtar anuas den tseilf an Ghaelainn sa Daingean agus déantar gaisce fúithi'

  • Orlaith Ruiséal

    Faraor a Sheosamh is ró thógalach atá daoine fén rud ar fad – níl sé maith go leor go bhfuil sí ann ach dul ar a tóir – caithfear mothúcháin pearsanta a thógaint as an gcómhrá chun gur feidir comhrá macánta a bheith ann…

  • Des O Murchu

    Na bac leis an strainsear sa Daingean! Tabhair aire do ar muintir fein i dtus aite! Des O Murchu

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Cad chuige nach casadh Sharon Ní Chonchúir leis an duine seo? An bhfuil sí fós ann?

  • Pádraig

    Tá Gaeilge agam agus táim breá sásta labhairt le gach duine má tá fonn orthu an Ghaeilge a labhairt.Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus gach tacaíocht de dhith uirthi.Má thagann stroinséir do dtí an Baile bí cúirtéiseach leis agus cabhrraigh leis ár dTeanga a mhúineadh dó.Muna bhfuil tú sásta é sin a dhéanamh don Teanga ní Gael thú