Toghchán Tionóil i dtús na hathbhliana – bagairt nó geallúint?

Paradacsa na polaitíochta abhus go bhfuil margadh idir páirtithe aontachtacha bailí onórach ach go mbeadh margadh idir páirtithe atá ina gcoinne seicteach

Toghchán Tionóil i dtús na hathbhliana – bagairt nó geallúint?

Mí i ndiaidh olltoghchán na Nollag fógrófar toghchán Tionóil mura mbeidh dul chun cinn déanta idir an dá linn chun Stormont a athbheochan. Rinne Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith an gheallúint – nó an bhagairt sin – ag an gcruinniú de chomhdháil na Breataine-na hÉireann a bhí i dTeach Farmleigh le gairid.

Cheadaigh reachtaíocht éigeandála sa Pharlaimint in Westminster go gcuirfí cinneadh faoi thoghchán Stormont siar go dtí lár mhí Eanáir tráth a mbeidh sé trí bliana ó thit an Feidhmeannas as a chéile. D’ainneoin babhtaí éagsúla de chainteanna réitigh níor deineadh aon mhargadh agus tá an dá mhórpháirtí ag cur an mhilleáin ar a chéile.

An scaoilfidh toghchán an glas? Más leide an sórt feachtais atá ar siúl don olltoghchán, beag an seans; beidh dínimhiú ar an gcaidreamh idir na páirtithe riachtanach i ndiaidh an 12 Nollaig. Thairis sin má chailleann ionadaithe sinsearacha ón DUP a suíocháin in Westminster beidh guagacht sa pháirtí sin. Buille trom a bheadh ann Nigel Dodds a chailliúint.

Tá an fheachtasaíocht éirithe an-salach in áiteacha, í fíochmhar go háirithe sa toghcheantar ina bhfuil a shuíochán á chosaint ag Nigel Dodds in aghaidh Shinn Féin a bhfuil John Finucane mar iarrthóir acu. Comórtas siombalach is ea an choimhlint sin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus luíonn sé le réasún go mbeadh dian-iomaíocht ann ach is geall le cothú fuatha cuid dá bhfuil ar siúl.

Tá an PSNI ag scrúdú gearáin faoi bhratacha a crochadh i mBéal Feirste Thuaidh ach tá cinn crochta i mBéal Feirste Theas agus in Aontroim Thuaidh chomh maith. Chroch dílseoirí anaithnide ábhar clúmhillteach faoi John Finucane, Sinn Féin, ag dhá láthair i dtuaisceart na cathrach; bhain Comhairle Bhéal Feirste ceann acu anuas ar an Luan. Cuireadh an fógra céanna ar bhratach anairde ar an mBaile Meánach, i dtuaisceart Aontroma. Maítear gurb é aidhm an fheachtais sin aontachtaithe agus dílseoirí a ghríosú chun suíochán Nigel Dodds ón DUP a chosaint. Níor thaispeáin meáin chumarsáide áirithe pictiúir na mbratach mar gur cinneadh go raibh siad clúmhillteach agus gurbh fhéidir gur ghríosú chun foréigin iad.

I mBéal Feirste Theas crochadh fógra i gceantar dílseach ag maíomh go mbeadh buamadóir na Seanchille, Seán Kelly ag stocaireacht ar mhaithe le Claire Hanna ón SDLP toisc gur sheas Sinn Féin i leataobh ansin. Maíomh áiféiseach, bhí an SDLP in aghaidh an fhoréigin riamh agus tá i gcónaí. Bhí Seán Kelly ag obair d’fheachtas Shinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh, cor a cháin aontachtaithe agus daoine eile. Cáineadh iad sin a chroch an bhratach as mí-úsáid a bhaint as íobartaigh na Seanchille gan cead gan iarraidh.

Bhain an bhratach i ndeisceart na cathrach le fearg na n-aontachtach faoin ‘margadh’ i measc chuid de na páirtithe frithBhreatimeachta. Ba é Jeffrey Donaldson ón DUP a rinne an líomhain i dtosach, ag fiafraí an mbeadh Kelly ag stocaireacht don SDLP. Ní raibh baol ar bith go dtarlódh sé sin agus mheabhraigh Colum Eastwood, ceannaire an SDLP do Jeffrey Donaldson gur shuarach an mhaise dó a leithéid a rá – go háirithe agus iar-pharaimíleataigh ag obair don DUP. Dúirt an DUP nár cheart imeaglú a dhéanamh ar éinne ach níor cháin siad na bratacha sin go sonrach.

B’fhéidir go mbeadh nimh ag baint leis an bhfeachtas i mBéal Feirste Thuaidh ar aon nós i ngeall ar an uimhríocht; 2,000 de mhóramh a bhí ag Dodds ar Finucane in 2017 nuair a bhí an SDLP sa rás. Is cinnte, áfach, gur bhain aistarraingt an SDLP as an iomaíocht an uair sin croitheadh as aontachtaithe agus dílseoirí. Paradacsa na polaitíochta abhus é go bhfuil margadh idir páirtithe aontachtacha bailí, onórach ach go mbeadh margadh idir páirtithe atá ina gcoinne seicteach. Mar a tharla go minic cheana, sheas an UUP i leataobh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar mhaithe le Nigel Dodds agus sheas an DUP siar i bhFear Manach-Tír Eoghain Theas i bhfabhar Tom Elliott ón UUP.

Go dtí seo dhiúltaigh SDLP as éadan d’éilimh Shinn Féin ar mhargadh réamhthoghcháin ar an mbonn go mbeadh sé seicteach. Tuige nach sásódh sé sin aontachtaithe? An uair seo, chuir an Breatimeacht cor nua sa scéal agus sheas an SDLP i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh mar chuid den chomhghuaillíocht le Sinn Féin agus Comhaontas Glas in aghaidh an Bhreatimeachta. Is léir gur chothaigh an plean, nach dtugtar margadh air, míshocracht i measc aontachtaithe agus dílseoirí.

Bhí siad trína chéile cheana féin i ngeall ar ‘fheall’ Boris Johnson orthu féin agus ar an DUP. Le roinnt seachtainí tá sraith cruinnithe eagraithe chun dílseoirí agus aontachtaithe, polaiteoirí ina measc, a thabhairt le chéile ‘chun an t-aontas a chosaint’. Níl ceangal díreach déanta idir na cruinnithe sin agus na bratacha bagartha ach níor tugadh droim láimhe dóibh.

é’n tionchar a bheidh ag an ngangaid seo ar chúrsaí Stormont? Dúshlán don dá rialtas é comhthéacs sábháilte a aimsiú chun tabhairt faoin obair. Sin má chinntear gur fiú é – ceist a gcaithfear a dhul i ngleic léi go luath.

Fág freagra ar 'Toghchán Tionóil i dtús na hathbhliana – bagairt nó geallúint?'