TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Fear Manach agus Tír Eoghain Theas, 2 Thoghcheantar Taobh Thiar den Bhanna

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – an geábh seo is é Béal Feirste Thoir atá faoi chaibidil

Stormont

Beidh dráma againn cois Éirne agus trí dhuine dhéag san iomaíocht do na sé shuíochán sa toghcheantar stairiúil seo. Ina measc sin tá an Chéad-Aire, Arlene Foster agus í sa choimhlint den chéad uair mar cheannaire ar an DUP. Tá dhá shuíochán á gcosaint aici féin agus ag cathaoirleach an pháirtí. Tá bean iomráiteach eile, Michelle Gildernew i measc an cheathrair ó Shinn Féin atá ag cosaint trí shuíochán.

Tá beirt ón UUP ag iarraidh cur le líon na suíochán a bhí acu. I measc an chúigir eile tá iarrthóir ón SDLP ag súil le buntáiste a bhaint as an bpraiseach a rinne Sinn Féin de roghnú iarrthóirí.

Toghcheantar fada fairsing é seo; tá Contae Fhear Manach ar fad ann nach mór       agus deisceart Thír Eoghain siar chomh fada le Dún Geanainn. Tá an choimhlint idir ghlas agus oráiste nimhneach agus tá ceisteanna móra sa cheantar faoi easpa infheistíochta agus conspóidí ann faoi fhraiceáil, faoi chúrsaí oideachais agus sláinte. Tá ospidéal galánta nua in Inis Ceithleann, mar shampla, ach níl na speisialtóirí atá riachtanach ann.

73,615 a bhí ar chlár na dtoghthóirí ag tús na míosa. Fuair Tom Elliott ón UUP an ceann is fearr ar Michelle Gildernew ó Shinn Féin san olltoghchán anuraidh. Buille mór do Shinn Féin ab ea é ‘suíochán Bobby Sands’, mar a thugadar air, a chailliúint. Ghnóthaigh Sinn Féin an suíochán Parlaiminte ón UUP in 2001 agus choinnigh é sé bliana ó shin le farasbarr ceithre vóta.

Thacaigh an DUP leis an UUP san olltoghchán anuraidh. Roinneadh na suíocháin Tionóil go cothrom idir an dá thaobh i dtoghchán 2011 –

Screen Shot 2016-04-22 at 17.16.22

Mar is dual d’Fhear Manach/Tír Eoghain Theas, mar sin, beidh dian-iomaíocht ann an babhta seo. Rinne Sinn Féin brachán den phróiseas ainmniúcháin s’acu agus b’éigean dóibh an coinbhinsiún roghnaithe a rith faoi dhó. Sa deireadh ní bhfuair réalt an pháirtí, an t-iarfheisire Michelle Gildernew ainmniúchán. Fir ar fad a roghnaíodh, na h-iartheachtaí Seán Lynch agus Phil Flanagan agus an t-iarrthóir nua John Feely. Chuir ceannasaíocht an pháirtí Gildernew ar liosta na n-iarrthóirí agus sin é an fáth go bhfuil ceathrar san iomaíocht, cleas a d’fhéadfadh a bheith contúirteach óir bhuaigh siad an tríú suíochán an uair dheiridh agus gan acu ach farasbarr 68 vóta ar an SDLP.

Tá an comhairleoir Richie McPhilipps san iomaíocht don SDLP agus chun go mbeadh seans aige, níor mhór do phatrún vótála thoghchán na comhairle seasamh.

Chuideodh botúin aistrithe Shinn Féin leis. Is iad Alastair Patterson, a comhthoghadh mar Theachta Tionóil an UUP le gairid, agus an comhairleoir seanbhunaithe, Rosemary Barton iarrthóirí an pháirtí a mhaíonn go bhfuil beocht nua ann. Tá siad ag iarraidh an dara suíochán a fháil agus dá n-éireodh leo, an DUP a bheadh thíos leis.

Déantar talamh slán de go gcoinneoidh Arlene Foster a suíochán ach bunaithe ar thoghcháin áitiúla meastar go bhféadfadh a comhghleacaí an Tiarna Maurice Morrow a bheith faoi bhrú. Seans gur bearna bheag a chinnteoidh an séú suíochán.

Ní ceart an iomarca suntais a chur i dtorthaí an olltoghcháin anuraidh mar gur babhta coraíochta idir aontachtaithe aontaithe agus Sinn Féin a bhí ann go príomha. Is iad na hiarrthóirí eile ná Kerri Blyberg (Alliance), Donald Crawford, (TUV), Tanya Jones (An Comhaontas Glas) agus Damien Harris (Lucht Oibre neamhspleách).

Toghchán an Tionóil 2011

Screen Shot 2016-04-22 at 17.16.56

Olltoghchán 2015

Screen Shot 2016-04-22 at 17.17.28

Tír Eoghain Thiar

Tá 18 san iomaíocht do na sé shuíochán i dTír Eoghain Thiar, toghcheantar nach bhfuil ann ach ó 1995. Bhí trí shuíochán ag Sinn Féin agus tá ceathrar sa rás an t-am seo. Tá beirt ón DUP ag iarraidh suíochán sa bhreis a chur leis an gceann a bhí acu agus tá iarrthóir ón UUP agus iarrthóir ón SDLP ag cosaint a gcuid suíochán féin. Tá scoilt nimhneach san SDLP – agus ní hé an chéad uair é – agus easaontas i Sinn Féin freisin. Tá iar-bhaill den dá pháirtí sin san iomaíocht anseo agus tá aontachtaithe ag súil le buntáiste a bhaint as na fadhbanna i measc na náisiúnach.

Toghcheantar cois teorann é seo, bunaithe ar cheantair na hÓmaí agus an tSratha Báin. Cé is moite den deighilt ghlas/oráisteach is iad an dífhostaíocht, an bochtanas, faillí Stormont maidir le hinfheistíocht taobh thiar den Bhanna, laigí na seirbhíse sláinte agus teip an phlean chun príomhbhóthar a thógáil na ceisteanna is mó sa toghchán seo.

65,270 toghthóirí a bhí ar an gclár ag tús na míosa agus tabharfar suas chun dáta an clár roimh an toghchán. Ta móramh mór náisiúnach ann agus an lámh in uachtar ag Sinn Féin. Bhain Pat Doherty ó Shinn Féin an suíochán Parlaiminte ón UUP in 2001 agus tá sé coinnithe aige gan stró ó shin. Dhá shuíochán aontachtacha a bhíonn ann go hiondúil.

In 2011

Screen Shot 2016-04-22 at 17.17.59

Díol suntais é an geábh seo cén tionchar a bheidh ag an siosma san SDLP ar iarracht Daniel McCrossan, iarrthóir an pháirtí a mhéadaigh a vóta san olltoghchán anuraidh. Comhthoghadh é ina Theachta Tionóil i gcomharbacht ar Joe Byrne a d’éirigh as faoi Nollaig agus chinn coinbhinsiún gurbh eisean an t-aon iarrthóir a bheadh acu. Tharraing sé seo raic agus  seanfhonduirí nár sheas ag an gcoinbhinsiún ag maíomh go ndearnadh beag is fiú díobh agus go bhfuair McCrossan fabhar. D’fhág scata comhairleoirí agus oifigigh an páirtí agus tá beirt acu, an Dr Josephine Deehan san Ómaigh agus Patsy Kelly sa tSrath Bán, ag seasamh in éadan an SDLP. Rinne easaontas sa pháirtí ansin dochar dóibh go minic cheana ach choinnigh siad an suíochán in 2011 in ainneoin na scoilte. Tá Sinn Féin agus an DUP ag súil go n-éireoidh leo teacht i dtír ar an scoilt an uair seo.

Ach tá scoilt dá gcuid féin ag Sinn Féin. Tá an t-iarchomhairleoir dá gcuid, Sorcha McAnespy ag seasamh ina gcoinne mar nár ainmníodh í. Mar sin féin, meastar go gcoinneoidh triúr den cheathrar iarrthóirí –Barra Mac Giolla Duibh, Michaela Boyle, Grace McDermott agus Declan McAleer – trí shuíochán Shinn Féin. Ba cheart go mbeadh an lá le Ross Hussey (UUP) arís agus tá an DUP cinnte de shuíochán amháin, a deir siad. Is iad an t-iartheachta Tionóil Thomas Buchanan agus Allan Bresland iarrthóirí an DUP. Tá an Comhaontas Glas, Alliance, an Páirtí Caomhach agus triúr neamhspleách eile san iomaíocht ach is idir na páirtithe móra a bheidh.

Toghchán an Tionóil 2011

Screen Shot 2016-04-22 at 17.19.35

Olltoghchán 2015

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Fear Manach agus Tír Eoghain Theas, 2 Thoghcheantar Taobh Thiar den Bhanna'