Toghchán Nollag le reáchtáil sa Bhreatain agus gan aon réiteach ar an tsáinn Bhreatimeachta

Meastar go mbeidh an toghchán seo ar cheann de na toghcháin is cinniúnaí sa Bhreatain le fada an lá agus ceist an Bhreatimeachta idir dhá cheann na meá i gcónaí

Toghchán Nollag le reáchtáil sa Bhreatain agus gan aon réiteach ar an tsáinn Bhreatimeachta

Beidh olltoghchán sa Bhreatain ar an 12 Nollaig i ndiaidh do 438 feisire vótáil ar a shon i bparlaimint Westminster.

Níor vótáil ach 20 feisire i gcoinne an bhille do thoghchán.

D’fhág sin gur glacadh faoi dheireadh anocht le héileamh an Phríomh-Aire Boris Johnson ar thoghchán.

Níl le déanamh anois ach beannacht Theach na dTiarnaí a fháil don chéad toghchán Nollag sa Bhreatain ó 1923.

Ba léir go n-éireodh gan stró leis an gceathrú hiarracht ag Johnson ar thoghchán a fháil nuair a d’fhógair Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, go mbeadh a pháirtí ag tacú le bille toghcháin an Rialtais.

Bhí Corbyn sásta sin a dhéanamh, a dúirt sé, mar go raibh an Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh ó glacadh le síneadh ama eile ón AE go dtí an 31 Eanáir 2020.

Tuairiscíodh go raibh scoilt mhór i bPáirtí an Lucht Oibre maidir le tacú le cuspóir an Phríomh-Aire atá ag súil go mbeidh an bua aige sa toghchán agus go n-éireoidh leis an Breatimeacht a chur i gcrích ina dhiaidh.

Tá na Tóraithe roinnt mhaith chun cinn sna pobalbhreitheanna le tamall.

Thacaigh na Daonlathaithe Liobrálacha agus an SNP le bille gairid Johnson chun toghchán luath a ghairm chomh maith.

Tá an dá pháirtí sin ag súil le leas a bhaint as an toghchán chun an Breatimeacht a stopadh.

Bhí easaontas ann faoi dháta an toghcháin. An 12 Nollaig a theastaigh ón Rialtas ach an 9 Nollaig a theastaigh ón bhfreasúra. Níor éirigh le leasú Jeremy Corbyn ar mhaithe leis an dáta a athrú.

Chrom Príomh-Aire na Breataine an tseachtain seo caite ar thoghchán a lorg nuair nár éirigh leis a chlár ama Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint.

Ghlac Johnson Dé Luain le tairiscint an AE ar shíneadh ama ar an mBreatimeacht go dtí an 31 Eanáir 2020, rud a gheall sé go minic nach ndéanfadh sé go brách.

‘Flextension’, nó ‘lúbshíneadh’ atá i gceist, is é sin síneadh ama a dtiocfaidh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

Dúirt Boris Johnson go mion minic cheana go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlódh.

Dúirt sé chomh maith go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur leis an mBreatimeacht.

Beidh an gealltanas briste sin i measc mhórthéamaí an toghcháin tráth a bhfuil éiginnteacht mhór ann i saol na polaitíochta sa Bhreatain.

Meastar go mbeidh sé ar cheann de na toghcháin is tábhachtaí agus is cinniúnaí sa Bhreatain le fada an lá agus ceist an Bhreatimeachta idir dhá cheann na meá i gcónaí.

 

 

Fág freagra ar 'Toghchán Nollag le reáchtáil sa Bhreatain agus gan aon réiteach ar an tsáinn Bhreatimeachta'