TOGHCHÁN 2020: Troid mhór don suíochán deiridh i bPort Láirge

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Troid mhór don suíochán deiridh i bPort Láirge

Dáilcheantar: Port Láirge

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair:  Port Láirge ar fad idir chathair is chontae

Teachtaí Dála ag seasamh: Mary Butler (FF) agus David Cullinane (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019 

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 20.5 19
Fine Gael 28.7 25
Lucht Oibre 4.4 8
Sinn Féin 18.8 14
Glas 4.3 6
Clé 19.2* 2
Eile 4.1 26

* Vóta John Halligan (NS) san áireamh

Anailís: Agus John Deasy (FG) ó Dhún Garbhán agus John Halligan (NS) ag éirí as, beidh beirt Teachtaí Dála nua ar a laghad le toghadh. Beidh sciar maith den vóta a bhí ag Halligan ag dul i dtreo Cullinane (SF) ach beidh an t-iarrthóir neamhspleách Matt Shanahan (NS) ag fáil roinnt chomh maith. * Vóta John Halligan (NS) san áireamh.

Toghadh Mary Butler (FF) ar an gcéad chomhaireamh in 2016 agus gan ach í ag seasamh d’Fhianna Fáil. Tá an dara hiarrthóir ag Fianna Fáil an babhta seo, an Comhairleoir Eddie Mulligan (FF), a bhí sa nuacht le gairid nuair a dícháilíodh é mar stiúrthóir comhlachta mar gheall ar leachtú gnó a bhí aige. 

Tá beirt iarrthóirí ag Fine Gael, an Comhairleoir John Cummins (FG) sa gcathair agus an Comhairleoir Damien Geoghegan (FG) as ceantar Dhún Garbhán, an ceantar céanna le John Deasy (FG). Is ag  Geoghegan (FG) a bhí an dara vóta ab airde sna toghcháin áitiúla i gcontae Phort Láirge. Is mó seans gurb eisean seachas Cummins a bheas ag dul go Teach Laighean ar son Fhine Gael in áit Deasy (FG).

Tá beirt ag seasamh mar gheall ar chúrsaí seirbhísí cúram croí i bPort Láirge, Bernadette Philips (NS) agus an Comhairleoir Matt Shanahan (NS). Tá feachtas láidir ar bun faoin gceist seo. Deirtear nach bhfuil seirbhísí cairdiacha ar fáil tar éis gnáthuaireanta oibre san ospidéal i bPort Láirge ná ag an deireadh seachtaine agus go mbíonn turas in otharcharr go Baile Átha Cliath nó Corcaigh le déanamh le cúram ospidéil a fháil. Gan Halligan sa rása tá seans an-mhaith ag Shanahan (NS) suíochán a fháil. Ba é a fuair an vóta ab airde i gcontae Phort Láirge sna toghcháin áitiúla mí Bealtaine seo caite. Beidh vótaí aistrithe ó gach taobh agus ón iarrthóir Bernadette Philips (NS) atá san iomaíocht faoi cheist an aonaid chairdiach chomh maith.

Ní féidir an Comhairleoir Marc Ó Cathasaigh (CG) a chur as an áireamh, ná an Comhairleoir John Pratt (LO) ach an oiread. Toghadh Ó Cathasaigh (CG) ar an gComhairle Contae agus é ar bharr an chomhairimh le 1,122 vóta agus toghadh Pratt (LO) ar bharr an chomhairimh i gceantar Leasa Móire le 1,385 vóta. An buntáiste atá ag Ó Cathasaigh gur sa gcathair atá sé lonnaithe agus de réir na tíreolaíochta tá níos mó ná leath de na vótaí sa gcathair.

Tá Rónán Cleary ag seasamh d’Aontú agus tá Úna Dunphy, a fuair 332 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús.

Tuar: Cullinane (SF), Butler (FF), Geoghegan (FG) agus Shanahan (NS)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Troid mhór don suíochán deiridh i bPort Láirge'