TOGHCHÁN 2020: Sinn Féin ag fiach go láidir ar an dá shuíochán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Sinn Féin ag fiach go láidir ar an dá shuíochán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán

Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Meán

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan Amach an dáilcheantair: Na bruachbhailte Baile Phámar, Cluain Dolcáin, Leamhcán, Teach Sagard agus Ráth Cúil

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: John Curran (FF), Eoin Ó Broin (SF), Mark Ward (SF) agus Gino Kenny (PsB).

Staid na bpáirtithe in 2016 in Olltoghchán 2016, toghcháin áitiúla 2019 agus fothoghchán 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) “Fothoghchán
2019 (%)”
Fianna Fáil 16.2 15 12
Fine Gael 126.4 17 19
Lucht Oibre 5 9 7
Sinn Féin 22.7 11 24
Glas 0.9 12 6
Clé 18.0 17 9
Eile 10.9 12 23

Anailís: Roinn Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre na suíochán go cothrom eatarthu in 2011, ach tá rudaí athraithe go mór ó shin. Ag dul isteach sa toghchán seo, níl aon suíochán ag Fine Gael agus suíochán amháin atá ag Fianna Fáil. Ach tá dhá shuíochán ag Sinn Féin, mar gur éirigh le Mark Ward (SF), suíochán an MEP Frances Fitzgerald (FG) a bhuachan sa bhfothoghchán i dtús mhí na Nollag seo caite. Cé go mbeidh sé deacair ar Eoin Ó Broin (SF) agus ar Mark Ward (SF) an dá shuíochán a choinneáil tá an ghaoth i seolta Shinn Féin sna pobalbhreitheanna agus má éiríonn leo an vóta a roinnt réasúnta cothrom idir an bheirt acu, coinneoidh siad an dá shuíochán.

Tá Joanna Tuffy (LO) ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre agus í ag iarraidh an suíochán a chaill sí in 2016 a fháil ar ais.  Ó tharla nár éirigh léi ach 7% den vóta a fháil sa bhfothoghchán agus nach raibh ach thart ar 9% ag Páirtí an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla, is beag seans go mbeidh sí san iomaíocht do shuíochán, ach cabhróidh a cuid vótaí aistrithe le Emer Higgins (FG) a thoghadh.

Bhíodh suíochán ag Paul Gogarty (NS) do na Glasaigh sa cheantar seo, ach tá sé imithe ó na Glasaigh agus ina chomhairleoir neamhspleách do Leamhcán. Sa bhfothoghchán tháinig sé sa tríú háit le 12.7% den vóta. Rinne sé a vóta a dhúbailt le vótaí aistrithe agus is comhartha é sin go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht don cheathrú suíochán.

Tá beirt ag seasamh d’Fhine Gael, drochstraitéis nuair nach bhfuil ach suíochán amháin le fáil. Sheas an Comhairleoir Emer Higgins (FG) sa bhfothoghchán agus fuair sí 19% den vóta ach beidh uirthi an vóta a roinnt leis an gComhairleoir Vicky Casserly (FG). Beidh sí ag brath ar ráta ard vótaí aistrithe óna comhiarrthóir le suíochán Frances Fitzgerald (FG) a fháil ar ais d’Fhine Gael.

Tá Eoin Ó Broin (SF) ar dhuine de na hurlabhraithe is cumasaí atá ag Sinn Féin sa Dáil. Seans maith go mbeidh sé sa chéad áit agus go mbeidh suíochán aige ar an gcéad chomhaireamh. Má tharlaíonn sin, d’fhéadfadh sé a chomhiarrthóir, an Teachta Dála nua Mark Ward (SF), a fhágáil ar an ngannchuid agus ní bheadh an dara suíochán ag an bpáirtí.

Ní bhfuair Fianna Fáil ach 12% den vóta sa bhfothoghchán dhá mhí ó shin. Ní leor é sin le bheith cinnte de shuíochán ach bheadh vóta maith pearsanta ag John Curran (FF) agus ba cheart go gcoinneodh sé a shuíochán.

Nuair a thoghfar Ó Broin (SF), beidh géarchoimhlint idir Curran (FF), Gogarty (NS), Kenny (PsB), Higgins (FG) agus Ward (SF) don trí shuíochán deireanacha. Tiocfaidh vótaí aistrithe go leor ó Tuffy (LO) chuig Higgins (FG) agus Gogarty (NS), más aon chomhartha ar tharla sa bhfothoghchán. Beidh Gogarty (NS) ag súil le haistriúchán maith vótaí ó Peter Kavanagh (CG), iarrthóir an Chomhaontais Ghlais.

Más féidir le Gogarty a smut a choinneáil chun tosaigh ar John Curran (FF) d’fhéadfadh sé suíochán a fháil. Ar an gcaoi chéanna, beidh ar Mark Ward (SF) fanacht chun tosaigh ar Gino Kenny (PsB) agus aistriú maith vótaí a fháil uaidh leis an suíochán a choinneáil.

Beidh sé an-deacair ar Gino Kenny a shuíochán a choinneáil. Is é is mó a fuair vótaí aistrithe ón bhfarasbarr a bhí ag Eoin Ó Broin (SF) in 2016 ach beidh Mark Ward (SF) ag fáil na vótaí sin anois, chomh maith le vótaí ó Gino Kenny má chuirtear as an áireamh eisean.

Níl aon iarrthóir ag na Daonlathaigh Shóisialta. Rinne Ann-Marie McNally go dona don pháirtí sin sa bhfothoghchán nuair nár éirigh léi ach 4% den vóta a fháil.

Tá David Gardiner ag seasamh do Pháirtí na nOibrithe, cé nach raibh aige ach 317 vóta sa bhfothoghchán. Ag seasamh chomh maith tá an Comhairleoir Francis Timmons (NS) a fuair 1,299 vóta sa bhfothoghchán. Má aistrítear go leor vótaí ó Timmons (NS), chuig Ward (SF) cabhróidh sé leis an ceathrú suíochán a thógáil agus Gogarty (NS) a choinneáil ó dhoras.

Tuar: Ó Broin (SF), Higgins (FG), Curran (FF), Ward (SF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Sinn Féin ag fiach go láidir ar an dá shuíochán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán'