TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Valerie Cox i gCill Mhantáin

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Valerie Cox i gCill Mhantáin

Dáilcheantar: Cill Mhantáin

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan Amach an dáilcheantair: Contae Chill Mhantáin

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Stephen Donnelly (FF), Andrew Doyle (FG), Pat Casey (FF), Simon Harris (FG) agus John Brady (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 13.5 22
Fine Gael 27.5 26
Lucht Oibre 3.8 5
Sinn Féin 16.2 8
Glas 2 5
Clé 23.4 7
Eile 13.5 28

Anailís: D’éirigh le Fine Gael dhá shuíochán a fháil in 2016 le 27.5% den vóta. Bhí Stephen Donnelly (FF) ar bharr an chomhairimh do na Daonlathaigh Shóisialta agus 3,000 vóta le spáráil aige. D’athraigh sé a gheansaí ó shin agus tá sé ina urlabhraí sláinte ag Fianna Fáil anois agus Simon Harris (FG) á chéasadh aige faoi na liostaí feithimh agus an tranglam sna hospidéil.

Ón toghchán deireanach tá a gheansaí athraithe chomh maith ag an iarTheachta Dála Billy Timmins (FG). Chaill sé a shuíochán in 2016 agus é ag seasamh do Renua. Tá sé ar ais i bhFine Gael an babhta seo agus é ag seasamh in éindí leis an Aire Sláinte Simon Harris (FG) agus Andrew Doyle (FG) a rinne an beart freisin in 2016.

Tá Pat Casey (FF) ag seasamh éindí le Stephen Donnelly d’Fhianna Fáil. Ní bheidh sé éasca ar Fhianna Fáil an dá shuíochán a choinneáil. Beidh laghdú ar vóta Donnelly (FF) ach seans maith go dtoghfar é. Le seans a bheith aige ar shuíochán beidh Casey (FF) ag brath ar go leor vótaí aistrithe a fháil ó Joe Behan (NS), iarrthóir a bhíodh ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil go dtí 2009. Ach beidh Brady (SF) é féin ag súil le vótaí go leor a fháil ó Behan (NS) ar bhonn tíreolaíochta, mar gurb as Bré don bheirt acu.

Toghadh John Brady (SF) in 2016 réasúnta éasca. Bhí 11,151 vóta céadrogha aige. Ó shin bhí fadhbanna ag Sinn Féin i gCill Mhantáin.

D’fhág triúr comhairleoirí contae an páirtí agus toghadh beirt acu nuar a sheas siad mar neamhspleáigh sna toghcháin áitiúla anuraidh. Tá duine acu, John Snell (NS) ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách le tacaíocht ón mbeirt eile, is cosúil. Is as baile Chill Mhantáin John Snell (NS) an ceantar céanna le Paul O’Brien (LO). Má bhíonn Snell (NS) chun cinn ar O’Brien (LO), d’fhéadfadh sé slám maith vótaí aistrithe a fháil uaidh agus fanacht sa rás go dtí an deireadh.

Le haistriúchán maith óna tríú hiarrthóir, Billy Timmins (FG), is féidir le Fine Gael a bheith réasúnta cinnte de dhá shuíochán – ceann do Simon Harris (FG) agus ceann d’Andrew Doyle (FG).

Seans maith go gcoinneoidh Stephen Donnelly (FF) a shuíochán ach is ar éigean go bhfuil dóthain tacaíochta ag Fianna Fáil i gCill Mantáin le dhá shuíochán a fháil.

Steven Matthews atá ag seasamh do Chomhaontas Glas. Toghadh é ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 1,578 vóta i mBré Thoir. Níl mórán tacaíochta ag Comhaontas Glas taobh amuigh de na Clocha Liatha agus Bré, áfach. Fós féin d’fhéadfadh go mbeadh os cionn 3,000 vóta aige le roinnt.

Roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre  Jack O’Connor, iarUachtarán SIPTU, le seasamh ach d’athraigh sé a intinn agus is é Paul O’Brien (LO) a bheidh ar an bpáipéar ballóide ina áit. Is beag seans go n-éireoidh le Paul O’Brien (LO) an suíochán a chaill Páirtí an Lucht Oibre anseo in 2016 a fháil ar ais don pháirtí. Ag seasamh chomh maith tá Jennifer Whitmore (DS) do na Daonlathaigh Shóisialta, a toghadh ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 1,920 vóta. D’fhéadfadh sí aistriúchán maith a fháil ó Paul O’Brien (LO) ach a bheith chun tosaigh air.

Ní féidir Valerie Cox (NS) a chur as an áireamh.

Tá aithne mhór uirthi, mar chraoltóir agus mar iriseoir. An bealach a chaitear le daoine aosta an chloch is mó ar a paidrín sa toghchán seo agus ní dhéanfaidh sé aon dochar di go bhfuil an cheist faoi ardú aois an phinsin ina cnámh spairne sa bhfeachtas. Más féidir léi fanacht chun tosaigh ar Matthews (CG), Paul O’Brien (LO), Behan (NS). Whitmore (DS) agus Snell (NS) d’fhéadfadh sí a dóthain vótaí aistrithe a fháil uathu le bheith san iomaíocht don chúigiú suíochán.

Tá Sharon Briggs, a fuair 393 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh do Phobal Roimh Brabús. Tá Séamus Connor ag seasamh d’Aontú agus tá Eileen Gunning san iomaíocht don National Party.

Chomh maith le Valerie Cox (NS) John Snell (NS) agus Joe Behan (NS) tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile ag seasamh –  Tom Dunne, Anthony Fitzgerald, Charlie Keddu agus William King – rud a fhágann go bhfuil scór iarrthóir ar fad sa rás.

Tuar: Donnelly (FF), Harris (FG), Doyle (FG), Brady (SF) agus Cox (NS)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Valerie Cox i gCill Mhantáin'