TOGHCHÁN 2020: Na ‘Secret Gaeilgeoirí’ i nDáil Éireann agus scéalta eile…

MEASCRA TOGHCHÁIN: Fáilte go dtí meascra toghcháin Tuairisc.ie, mar a mbíonn gach cineál iontais agus neamhiontais againn ó Olltoghchán 2020

TOGHCHÁN 2020: Na ‘Secret Gaeilgeoirí’ i nDáil Éireann agus scéalta eile…

Na ‘Secret Gaeilgeoirí’

Is ríshuimiúil an taighde a rinne Méabh Ní Thuathaláin an tí seo maidir le cé hiad na hiarrthóirí in Olltoghchán 2020 a bhfuil Gaeilge acu.

59 duine ó na páirtithe a thug le fios go raibh dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta nó Nuacht TG4.

Ach chuireamar spéis go háirithe sna Gaeilgeoirí sin atá i dTithe an Oireachtais le tamall ach nach raibh a fhios againn gur Ghaeilgeoirí iad.

Níor chuala Meascra Toghcháin, mar shampla, an Teachta Dála Darragh O’Brien, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Fine Gall, riamh ar na meáin chraolta Ghaeilge ná níor chualamar ag labhairt as Gaeilge i dTeach Laighean é.

Ach is cosúil go bhfuil Gaeilge ag Darragh agus nach mbíonn aon leisce air í a labhairt le daoine. Ní hamháin sin ach chuamar ag póirseáil ar a shuíomh idirlín féin agus thángamar ar pholasaí breá Gaeilge agus é ar fad i nGaeilge. I measc na rudaí ba mhaith le Darragh O’Brien a dhéanamh ná ‘Seachtain na Gaeltachta’ a bhunú agus daltaí scoile a thabhairt ón nGaeltacht go dtí a thoghcheantar féin ar feadh seachtaine.

Tá ‘Gaeilge agus fáilte’ curtha ag fear Fhianna Fáil lena chuntas Twitter le déanaí chomh maith.

Ach ní hé Darragh O’Brien an t-aon ‘Secret Gaeilgeoir’ a bhí sa 32ú Dáil, ná an t-aon duine acu ina pháirtí féin fiú.

Bhí roinnt amhrais ar dhaoine nuair a dúirt an t-iarTheachta Dála as Corcaigh Billy Kelleher le linn thoghchán na hEorpa go labhródh sé Gaeilge i bParlaimint na hEorpa dá dtoghfaí é. Bhí Kelleher ina Theachta Dála do Chorcaigh Thuaidh-Lár idir 1997-2019 ach má labhair sé Gaeilge sa Dáil nó ar na meáin le linn na tréimhse sin ba i ngan fhios do Meascra Toghcháin é.

Gaeilgeoir faoi cheilt eile ab ea an t-aire stáit Jim Daly nach mbeidh ag seasamh an babhta seo. Bhí fear Fhine Gael tamall maith sa Dáil sula bhfuarthas amach faoina rún. Pé acu arbh áin nó nárbh áin leis é, bhí sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 ina dhiaidh sin. 

Ar ndóigh, d’fhéadfadh gur ceist mhuiníne is údar leis an drogall a bhíonn ar an ‘Secret Gaeilgeoir’ a rún a nochtadh, ach d’fhéadfadh smuta den realpolitik a bheith i gceist.

Mhaithfeá do dhuine é dá gcinnfeadh sé gur beag an chabhair dó a bheadh sna hagallaimh go léir a rinne sé ar Admhaidin Tús Áite Seacht Lá ach a dtiocfadh an crú ar an tairne le linn an 14ú comhaireamh in, abair, Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

N’fheadar an mó Gaeilgeoir agus ‘Secret Gaeilgeoir’ a thoghfar go dtí an 33ú Dáil?

Arbh fhearr leat labhairt faoi Brexit?

 

Mo cheol í Sláine Ní Chathalláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhfuil gradam speisialta tuillte aici mar an t-aon iriseoir a chuir fonn ar Mhicheál Martin labhairt faoi chúrsaí Breatimeachta. Chuir bean an raidió faoi agallamh ceannaire Fhianna Fáil i dTrá Lí an tseachtain seo agus in áit an freagra céanna á fháil arís eile uaidh faoi dhul i gcomhrialtas le Sinn Féin shocraigh sí ábhairín brú a chur air faoi roinnt ceisteanna atá i mbéal an phobail in iarthar Duibhneach, ina measc ceist chonspóideach chiondíothú na rónta.

Den chéad uair le linn an toghcháin, tharraing Martin anuas cúrsaí Breatimeachta mar mhalairt ábhar cainte.

Daonlathas na Gaeltachta

Gheall Micheál Martin le linn an agallaimh chéanna go leasódh Fianna Fáil an reachtaíocht laistigh de shé mhí chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais. Bheadh an daonlathas faoi bhláth arís ar fud na Gaeltachta, a mhaígh sé.

Ach an lasfar aon tinte cnámh sna garbhchríocha má tharlaíonn a leithéid? Tá amhras nach beag ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, a dúirt le linn dhíospóireacht iarrthóirí Ghaillimh Thiar ar Iris Aniar inné nár luaigh oiread is duine amháin leis ceist an toghcháin agus é amuigh ag stocaireacht.

Dúirt sé nár luadh an toghchán le haon iarrthóirí eile ach oiread, go bhfios dó.

Cé aige atá an ceart? B’fhéidir go bhféadfaí pobalbhreith a reáchtáil ar dtús.

Tuar na suíochán

Tá sé chomh maith ag Meascra Toghcháin buille faoi thuairim a thabhairt maidir le toradh an toghcháin ionas gur féidir le daoine a bheith ag gáire fúinn lá an chomhairimh.

Seo agaibh mar sin an leagan amach a bheidh ar an 33ú Dáil…

FF – 56
FG – 33
SF – 28
CG – 10
LO – 8
DS – 4
PSB – 2
Eile – 19

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Na ‘Secret Gaeilgeoirí’ i nDáil Éireann agus scéalta eile…'

  • Sibéal

    Nach bhfuil na céadta mílte des na “Gaeilgeoirí Rúnda” seo timpeall na tíre. Ní aithníonn siad a chéile. Níl an fáinne sách feiceálach agus toisc an méid sin cnaipí atá cosúil le fáinni air cótaí agus seaicéid ní sheasann an fáinne amach. Baineann an fáinne leis an 20ú aois gomdtí na 1960daí nuair a chaithfeadh fir seaicéid, léine agus carbhat. Ní raibh an fáinne le tabhairt faoi deara ar gúnaí riaimh. Ba chóir dearthóirí agus saineolaithe a cur ag obair ar lógó nua leis an litir G mar shiombal nua. Teastaíonn lógó a thabarfadh le fios go bhfuil Gaeilge agat. An litir G ar t-léinte, fáinní, bróistí srl.

  • Liam Mac Lochlainn

    Moladh fiúntach. Ní aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir eile faoi láthair. Tá siombal sofheicthe nua de dhíth gan amhras.

  • Liam Mac Lochlainn

    Moladh an-mhaith. Ní aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir eile faoi láthair. Tá siombal nua dofheicthe de dhíth.

  • Seán Fennell

    Smaoineamh an-mhaith!! Thaitneodh seo le déagóirí agus daltaí scoile, ar an ábhar go mbíonn dúil acu de ghnáth i suaitheantais agus cnaipí srl
    Rud éigin cosúil le G mór mar a mhol sibh thuas. Feachtas nua, smaoinigh cé chomh éifeachtach agus feiceálach is a bhí feachtas DREAM DEARG ó thuaidh leis an Chiorcal bhán ar chúlra dearg. Spreag sé neart plé, cáinte, díospóireachta srl ar na meáin chumarsáide
    Simplí agus éifeachtach, socraigí comórtas náisiúnta don dearadh nua..Conradh na Gaeilge ag éisteacht…