TOGHCHÁN 2020: Lombard is láidre ag Fine Gael i gCorcaigh Thiar Theas, ach ná cuir Coleman as an áireamh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Lombard is láidre ag Fine Gael i gCorcaigh Thiar Theas, ach ná cuir Coleman as an áireamh

Dáilcheantar: Corcaigh Thiar Theas

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Iardheisceart chontae Corcaí ó Dhroichead na Bandan, Cloich na Coillte siar go Beanntraí agus Baile Chaisleáin Bhéarra

Teachtaí Dála ag seasamh: Margaret Murphy O’Mahony (FF) agus Michael Collins (NS)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 19.6 32
Fine Gael 31.9 29
Lucht Oibre 7.0 0
Sinn Féin 8.5 4
Glas 1.7 2
Eile 31.3 33

Anailís: Rinne Fianna Fáil go maith suíochán a fháil anseo in 2016 nuair a bhí 19.6% den vóta acu. Bhí Margaret Murphy O’Mahony (FF) ar bharr an chomhairimh le 8,482 vóta, gan ach í ag seasamh an fhóid d’Fhianna Fáil. Toghadh an triúr Teachtaí Dála in 2016 gan an cuóta a bhaint amach. Seo dáilcheantar ina mbíodh suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre go dtí 2016.

An uair seo beidh beirt iarrthóirí ag Fianna Fáil, Margaret Murphy–O’Mahoney (FF) as Droichead na Bandan agus an Comhairleoir Christopher O’Sullivan (FF) as Cloich na Coillte. Iarrthóir láidir é O’Sullivan (FF). Toghadh é ar Chomhairle Chontae Chorcaí anuraidh le 2,703 vóta agus tá sé ina mhéara ar chontae Chorcaí faoi láthair. Is mac é leis an iarTheachta Dála Christy O’Sullivan (FF). Tá seans an-mhaith aige ar an suíochán.

Buaileadh buille trom ar Fhine Gael sa dáilcheantar seo nuair a shocraigh an Teachta Dála Jim Daly gan seasamh. Tá beirt iarrthóirí ainmnithe ag Fine Gael agus iad ag iarraidh suíochán Daly a choinneáil, an Comhairleoir Karen Coakley (FG) as an Sciobairín agus an Seanadóir Tim Lombard (FG). Fuair Coakley (FG) 1,222 vóta sna toghcháin áitiúla. Toghadh Lombard (FG) don Seanad in 2016 ar an bPainéal Talmhaíochta. Is as an gceantar thart ar Charraig Uí Leighin é agus cara é leis an Tánaiste Simon Coveney. Bhí míshástacht i measc bhaill an pháirtí nár roghnaíodh Noel O’Donovan le seasamh agus d’fhéadfadh sin cur as do sheansanna Tim Lombard (FG). Ach tá buntáiste na tíreolaíochta ag Lombard (FG) ar Coakley (FG) agus seans gurb eisean a thógfaidh suíochán Fhine Gael dá bharr.

Ní féidir an Comhairleoir Alan Coleman (NS) a chur as an áireamh. Bhíodh sé ina chomhairleoir de chuid Fhianna Fáil ach d’fhág sé an páirtí in 2015 agus is mar iarrthóir neamhspleách a sheas é in 2016 nuair a fuair sé beagnach 5,000 vóta.

D’fhéadfadh Alan Coleman (NS) a bheith san iomaíocht le haghaidh suíochán dá bhfanfadh sé chun cinn ar Margaret Murphy-O’Mahoney (FF).

Toghadh an Comhairleoir Paul Hayes (SF) ar Chomhairle Chontae Chorcaí anuraidh le 982 vóta. Seans go mbeidh 3,000 vóta á n-aistriú uaidh aige agus d’fhéadfaidís a bheith cinniúnach.

Tá Holly Cairns ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta, tá Mairéad Ruane ag seasamh d’Aontú agus tá Kevin O’Connor ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús/Neart le Chéile.

TUAR: O’Sullivan (FF), Lombard (FG), Collins (NS)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Lombard is láidre ag Fine Gael i gCorcaigh Thiar Theas, ach ná cuir Coleman as an áireamh'