TOGHCHÁN 2020: Katherine Zappone i mbaol agus na Glasaigh ag neartú i mBaile Átha Cliath Thiar Theas

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Katherine Zappone i mbaol agus na Glasaigh ag neartú i mBaile Átha Cliath Thiar Theas

Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Thiar Theas

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Na bruachbhailte Tamhlacht, Ráth Fearnáin, Teach na Giúise, Teach Mealóg, Bóthar na Bruíne

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Seán Crowe (SF), Paul Murphy (Rise), John Lahart (FF), Colm Brophy (FG) agus Katherine Zappone (NS)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus sna toghcháin áitiúla in 2019 (Ráth Fearnáin, Tamhlacht Láir, Tamhlacht Theas, Teach na Giúise curtha le chéile)

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 14.3 22
Fine Gael 21.9 17
Lucht Oibre 6.5 9
Sinn Féin 14.3 11
Glas 1.9 12
Clé 18.2 17
Eile 11.8 12

Anailís: Bhí dhá shuíochán ag Páirtí an Lucht Oibre as ceithre cinn in 2011, agus ceann acu ag Pat Rabbitte, ach chaill siad an péire in 2016. Gan ach 9% acu sna toghcháin áitiúla is beag seans atá acu ar shuíochán a fháil sa toghchán seo.

Beidh brú ar Paul Murphy (PrB) a shuíochán a choinneáil. D’imigh sé i gcaitheamh na bliana ón bPáirtí Sóisialach agus bhunaigh sé RISE agus is faoin mbranda Pobal Seachas Brabús atá sé ag seasamh agus an Comhairleoir Sandra Fay (PrB) ón bPáirtí Sóisialach ar an ticéad leis. Más féidir le Murphy (PrB) fanacht chun cinn ar Sandra Fay (PrB) ba cheart go mbeadh sé in ann a shuíochán a choinneáil, le vótaí aistrithe uaithi.

Níl ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin agus tá seans láidir ann go dtoghfar Seán Crowe (SF) ar an gcéad chomhaireamh agus farasbarr mór le roinnt aige ar Fay (PrB) agus ar Murphy (PrB). D’fhéadfadh an roinnt sin a bheith cinniúnach lena shocrú cé acu den bheirt ó Phobal Roimh Bhrabús a bheas san iomaíocht do shuíochán.

Tá suíochán anseo d’Fhianna Fáil agus iad ag súil le bheith san iomaíocht don dara suíochán, ach ní cúnamh ar bith trí iarrthóir a bheith acu. Seans maith gurb é John Lahart (FF) a thógfaidh an suíochán agus go mbeidh an seanfhondúir Charlie O’Connor (FF) san iomaíocht don suíochán deireanach. Ach níor cheart an Comhairleoir Deirdre O’Donovan (FF) a chur as an áireamh. Sheas sí mar iarrthóir neamhspleách in 2016 agus fuair sí 2,197 vóta. Agus geansaí Fhianna Fáil uirthi sna toghcháin áitiúla bhí sí ar bharr an chomhairimh i gceantar Bhóthar na Bruíne-Teach na Giúise le 2,344 vóta. Is mó seans ná a mhalairt gurb í Deirdre O’Donovan (FF) a bheas ag súil le haistriúchán maith ó Charlie O’Connor (FF) le fanacht san iomaíocht go dtí an deireadh. 

Ba bheag nár éirigh le Fine Gael dhá shuíochán a fháil sa Dáilcheantar seo in 2016. Ní raibh idir Ann-Marie Dermody (FG) agus Katherine Zappone (NS) ach 152 vóta don chúigiú suíochán. Ach níl Dermody (FG) ag seasamh an babhta seo. Ar an ticéad le Colm Brophy (FG) tá Ellen O’Malley Dunlop (FG), an Cathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn. Níl dóthain tacaíochta ag Fine Gael sa Dáilcheantar seo le dhá shuíochán a fháil agus níl mórán aithne ar O’ Malley Dunlop sa dáilcheantar. Ba cheart go gcoinneodh Colm Brophy (FG) an suíochán a thóg sé in 2016. Bíonn sé go minic ar an raidió agus ar an teilifís ina urlabhraí ag Fine Gael.

Tógfaidh Seán Crowe (SF) suíochán gan stró agus seans maith go mbeidh Sinn Féin san iomaíocht don dara suíochán dá mbeadh iarrthóir eile ar an ticéad acu. Má bhíonn farasbarr mór ag Crowe (SF) roinnfear an sciar is mó de ar an dá iarrthóir ó Phobal Roimh Bhrabús, Sandra Fay ón bPáirtí Sóisialach agus Paul Murphy ó RISE. Tá níos mó aithne ar Murphy agus ar an gcaoi sin d’fhéadfadh buntáiste a bheith aige ar Fay leis an sciar is mó den fharasbarr a fháil ó Crowe.

Le suíochán amháin ag Seán Crowe (SF), ceann ag Paul Murphy (PrB), ceann ag Colm Brophy (FG) agus ceann ag John Lahart (FF) Fianna Fáil, beidh coimhlint spéisiúil ann don chúigiú suíochán idir Katherine Zappone (NS) agus iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, Francis Noel Duffy (CG). Is mó seans gur Duffy (CG) a gheobhaidh na vótaí aistrithe. Toghadh é ar an gComhairle Contae le 1,823 vóta anuraidh, den dara huair as a chéile. Is as an gceantar céanna é le Deirdre O’Donovan (FF). Beidh roinnt vótaí aistrithe le fáil aige ó iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ciarán Ahern (LO) agus ón gComhairleoir Carly Bailey (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta, páirtí nach bhfuil ag fáil an oiread tacaíochta sna pobalbhreitheanna is a theastódh le go mbeadh seans acu ar shuíochán sa dáilcheantar seo.

Chomh maith le Katherine Zappone (NS) tá beirt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht, an Comhairleoir Mick Duff (NS) agus Colm O Keefe (NS). Bhíodh Mick Duff (NS) le Páirtí an Lucht Oibre agus tá tacaíocht aige i dTamhlacht. Fuair sé 1,483 vóta sna toghcháin áitiúla. Beidh vóta maith le haistriú aige, agus d’fhéadfadh na vótaí sin a bheith cinniúnach maidir le cé aige a bheidh an suíochán deireanach.

Ag seasamh chomh maith tá Anne Marie Condren do Renua agus Philip Dwyer don Pháirtí Náisiúnach.

Tuar: Crowe (SF), Lahart (FF), Murphy (Rise), Brophy (FG) agus Duffy (CG)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Katherine Zappone i mbaol agus na Glasaigh ag neartú i mBaile Átha Cliath Thiar Theas'