D’fhéadfadh gurb í Bogue a dhéanfaidh an beart do Chomhaontas Glas i gCorcaigh Theas Lár

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

D’fhéadfadh gurb í Bogue a dhéanfaidh an beart do Chomhaontas Glas i gCorcaigh Theas Lár

Dáilcheantar: Corcaigh Theas Lár

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: An chuid is mó den cheantar taobh ó dheas den chathair

Teachtaí Dála ag seasamh: Simon Coveney (FG),  Micheál Martin (FF), Michael McGrath (FF) agus Donnchadh Ó Laoghaire (SF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 41.5 24
Fine Gael 26 23
Lucht Oibre 4 5
Sinn Féin 12.5 11
Comh. Glas 4 12
Eile ar chlé 3 9
Eile 9 16 


Anailís
: Seo é Dáilcheantar cheannaire Fhianna Fáil. Toghfar Micheál Martin (FF) agus a leathbhádóir Michael McGrath, atá ina urlabhraí airgeadais ag Fianna Fáil, gan stró. Agus beidh suíochán chomh maith ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney (FG), a bhfuil go leor bainte amach aige sa phost sin ó thaobh déileáil leis an mBreatimeacht agus le rialtas Stormont a chur ar ais ar na ráillí. Chaill an Seanadóir Jerry Buttimer (FG) a shuíochán sa dáilcheantar seo in 2016.

Le go mbeadh seans aige ar shuíochán, theastódh vótaí Fhine Gael a roinnt go cothrom idir é féin agus Simon Coveney (FG) agus aistriú maith a fháil ón Lucht Oibre.

Níl aon chinnteacht ag baint leis an gceathrú suíochán a fuair Donnchadh Ó Laoghaire (SF) in 2016. Sna toghcháin áitiúla bhí beagán níos mó tacaíochta ag Comhaontas Glas ná mar a bhí ag Sinn Féin. Dá réir sin tá Sinn Féin i mbaol suíochán a chailliúint, ceann a bheadh ag Lorna Bogue (Comh. Glas), a fuair 2,064 vóta in olltoghchán 2016 agus 2,207 vóta sna toghcháin áitiúla, an dara vóta ab airde i gCathair Chorcaí. Bhíodh suíochán anseo ag na Glasaigh ach chaill Dan Boyle an suíochán in 2007 agus rinne sé go dona in 2011, nuair nach bhfuair sé ach 1,640 vóta. Fuair Comhaontas Glas ceithre suíochán ar Chomhairle Cathrach Chorcaí sna toghcháin áitiúla agus bhí breis is 5,000 vóta ag iarrthóirí an pháirtí.

Dá mbeadh Lorna Bogue in ann 1,000 eile a chur leis an bhfigiúr sin bheadh seans maith aici ar an gceathrú suíochán. Ní féidir Jerry Buttimer (FG) a chur as an áireamh. Beidh sé san iomaíocht le Bogue (CG) agus Ó Laoghaire (SF) don cheathrú suíochán. Dá bhféadfadh iarrthóir Chomhaontas Glas fanacht chun cinn ar Jerry Buttimer (FG) ba cheart go mbeadh níos mó aistriúchán le fáil aici ó Buttimer (FG) ná mar a bheadh ag dul chuig iarrthóir Shinn Féin.

Beidh Donnchadh Ó Laoghaire (SF) ag súil le haistriú maith vótaí a fháil ó na hiarrthóirí ar an eite chlé, ar nós Bobby Murray Walsh (PBPA) agus Fiona Ryan (SP), mar a fuair sé in 2016. Fuair Fiona Ryan (PBPA) 885 vóta nuair a sheas sí sna toghcháin áitiúla. Seans go mbeidh dúbailt an vóta sin aici an uair seo.

Chaill Páirtí an Lucht Oibre suíochán sa dáilcheantar seo in 2016 nuair a fuair a n-iarrthóir 2,417 vóta. Ní léir ó na toghcháin áitiúla go bhfuil aon teacht aniar déanta ag an Lucht Oibre. Ní bhfuair an t-iarrthóir Ciara Kennedy (LO) ach 553 vóta sna toghcháin áitiúla. Ní bheidh sí san iomaíocht ar deireadh ach d’fhéadfadh aistriú a cuid vótaí a bheith cinniúnach.

Ag seasamh chomh maith tá Patricia O’Dwyer (SD) do na Daonlathaigh Shóisialta, a fuair 369 vóta sna toghcháin áitiúla. Ag seasamh d’Aontú tá Anna Daly, fuair sí 498 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Bobby Murray Walsh (PBP) ag seasamh do Solidarity. Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh chomh maith: Seán O’Leary (NS), John Donohue (NS) agus an Comhairleoir Paudie Dineen (NS), a fuair 554 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tuar: Martin (FF), McGrath (FF), Coveney (FG), agus Bogue (CG)

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gurb í Bogue a dhéanfaidh an beart do Chomhaontas Glas i gCorcaigh Theas Lár'