TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh go gcuirfí Eoghan Murphy go tóin poill i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh go gcuirfí Eoghan Murphy go tóin poill i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Dáilcheantar: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Taobh ó dheas den Life mar a bhfuil Ráth Maonais, Ráth Garbh, Dumhach Thrá, cuid de Thír an Iúir, cuid de Ráth Fearnáin, Droichead na Dothra agus An Rinn.

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Eoghan Murphy (FG), Eoin Ryan (CG), Jim O’Callaghan (FF) agus Kate O’Connell (FG).

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 11.5 10
Fine Gael 30.1 25
Lucht Oibre 10.6 12
Sinn Féin 9.5 8
Glas 11.4 31
Clé 11.1 8
Eile 15.8 5

Anailís: Ceantar láidir Fhine Gael é seo agus d’éirigh leo dhá shuíochán a fháil le 30% den vóta in 2016 nuair a toghadh an tAire Eoghan Murphy (FG) agus Kate O’Connell (FG). Coinneoidh duine acu suíochán, ach is deacair a rá cé acu. Is ar Eoghan Murphy (FG) a leagtar cuid den mhilleán faoin ngéarchéim tithíochta agus caillfidh sé vótaí dá bharr.

Rinne an Comhaontas Glas an-mhaith sa gceantar seo sna toghcháin áitiúla nuair a fuair a chuid iarrthóirí thart ar 31% den vóta. Ag seasamh sa gceantar seo sna toghcháin áitiúla anuraidh, fuair Hazel Chu (CG) 4,069 vóta, an vóta ab airde i mBaile Átha Cliath. Dá réir sin toghfar Eamon Ryan (CG), ceannaire an Chomhaontais Ghlais gan stró agus beidh farasbarr maith vótaí le roinnt aige.

Cé nach raibh ach 10% ag iarrthóirí Fhianna Fáil anseo sna toghcháin áitiúla, níor cheart go mbeadh aon fhadhb ag Jim O’Callaghan (FF) a shuíochán a choinneáil.

Bhíodh an Comhairleoir Chris Andrews (SF) le Fianna Fáil ach d’athraigh sé a gheansaí agus sheas sé do Shinn Féin in 2016. Le go bhfanfaidh sé sa rása, beidh gá aige le haistriú maith vótaí ó Annette Mooney (PrB) atá ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús. Agus ardú suntasach ar thacaíocht Shinn Féin i mBaile Átha Cliath de réir na bpobalbhreitheanna, tá seans maith go mbeidh sé san iomaíocht ag an deireadh.

Tá Páirtí an Lucht Oibre réasúnta láidir i gcónaí sa gceantar seo, le 12% den vóta sna toghcháin áitiúla. Más féidir le Kevin Humphreys (LO) an leibhéal tacaíochta sin a fháil, beidh sé san iomaíocht do shuíochán má thagann vótaí aistrithe go leor a threo ó Sarah Durcan (DS) ó na Daonlathaigh Shóisialacha. Ní raibh idir Humphreys agus Kate O’Connell (FG) ach 326 vóta in 2016 don suíochán deireanach.

Beidh suíochán amháin ag Fine Gael agus ag Kate O’Connell (FG) a bheidh sé. Bhí sí go maith ag fáil poiblíochta dearfaí di féin an fhad is a bhí Eoghan Murphy (FG) ag cosaint polasaí tithíochta an rialtais. Beidh dian-iomaíocht ann don cheathrú suíochán idir Kevin Humphreys (LO) agus Chris Andrews (SF). Má théann Murphy (FG) nó Andrews (SF) amach i dtosach, toghfar Humphreys (LO). Má théann Humphreys (LO) amach i dtosach toghfar Murphy (FG). Ar an gcaoi sin tá seans maith ag Kevin Humphreys an suíochán a chaill sé in 2016 a bhuachan ar ais sa gcás go gcaillfeadh Fine Gael suíochán sa dáilcheantar seo. Beidh an ceann seo ar cheann de na comhairimh is spéisiúla as measc na 39 Dáilcheantar.

Tá Sarah Durcan (SD) ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta, ach nuair nár éirigh léi ach 341 vóta a fháil sna toghcháin áitiúla anuraidh, drochsheans go mbeidh sí san iomaíocht anseo. Mar sin féin d’fhéadfadh aistriú a cuid vótaí a bheith cinniúnach sa gcoimhlint idir Humphreys (LO) agus Andrews (SF).

Sheas Lucinda Creighton anseo mar cheannaire ar Renua in 2016 ach sciob Kate O’Connell (FG) an suíochán uaithi le farasbarr 326 vóta agus d’éirigh sí as ceannaireacht an pháirtí. Tá Jacqui Gilbourne (Renua) san iomaíocht an uair seo ach beidh sí ag déanamh go maith má fhaigheann sí 2,000 vóta. Seans maith gur ar Fhine Gael a fhillfidh formhór na vótaí sin, nuair a chuirtear as an áireamh í.

Fuair an Comhairleoir Mannix Flynn (NS) 1,525 vóta anseo in 2016 agus bhí 1,728 vóta ag Annette Mooney (PrB) atá ag seasamh arís do Phobal Roimh Bhrabús i mbliana. Cuideoidh vótaí aistrithe na beirte sin le Chris Andrews (SF) agus Eamon Ryan (CG).

Ag seasamh chomh maith tá na neamhspleáigh Peter Dooley, Norma Burke, John Keigher agus Seán O’Leary (NS). Tá Ben Scallan san iomaíocht don Irish Freedom Party.

TUAR: Ryan (Glas), Callaghan (FF), O’Connell (FG) agus Humphreys (LO)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh go gcuirfí Eoghan Murphy go tóin poill i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas'