TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh an rabharta ‘Glas’ cathair Luimnigh a bhaint amach

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh an rabharta ‘Glas’ cathair Luimnigh a bhaint amach

Dáilcheantar: Cathair Luimnigh

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Cathair Luimnigh agus an ceantar tuaithe in oirthuaisceart an chontae a shíneann soir ón gcathair i dtreo Thiobraid Árann

Teachtaí Dála ag seasamh:  Maurice Quinlivan (SF), Willie O’ Dea (FF), agus Jan O’ Sullivan (LO).  Tá an t-iar-aire airgeadais Michael Noonan (FG) ag éirí as

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 27.8 23
Fine Gael 28.5 24
Lucht Oibre 11.2 9
Sinn Féin 12.6 8
Comh. Glas
Nspl/Eile
2.1
17.8
9
27

Anailís: Lá an chomhairimh beidh an Dáilcheantar seo ar cheann de na cinn is spéisiúla sa stát. Chaill Fine Gael an suíochán a bhí ag Kieran O’Donnell (FG) in 2016 le 340 vóta, ach ba cheart go dtógfadh sé an suíochán sin ar ais agus gan Michael Noonan (FG) san iomaíocht an uair seo. Coinneoidh Willie O’ Dea (FF) a shuíochán chomh maith. Bhí 3,600 vóta mar fharasbarr ag Willie O’Dea (FF) in 2016 nuair nach raibh an dara hiarrthóir ag Fianna Fáil. Tá an Comhairleoir James Collins ar an ticéad le O’Dea (FF) i mbliana. Má bhíonn farasbarr maith ag O’Dea (FF) coinneoidh sé Collins (FF) sa rása go dtí an deireadh. Sna toghcháin áitiúla fuair Collins (FF) 1,375 vóta in 2019 agus 1,445 in 2014, agus é ar bharr an chomhairimh sa dá thoghchán.

Ag glacadh leis go mbeidh suíochán an duine ag O’Dea (FF) agus O’Donnell (FG) beidh coimhlint ghéar ann don dá shuíochán eile. D’fhéadfadh dornán vótaí difríocht mhór a dhéanamh maidir le cé acu Maurice Quinlivan (SF), Frankie Daly (NS), Jan O’ Sullivan (LO), Maria Byrne (FG), James Collins (FF) nó Brian Leddin (Glas) a thógfaidh an dá shuíochán.

Fuair Maurice Quinlivan (SF) 12.6% den vóta in 2016. Ach sna toghcháin áitiúla anuraidh bhí vóta Shinn Féin sa gcathair tite go 8%, níos lú ná na Comhaontas Glas a bhí ar 9%.

Tá an ghaoth i seolta na nGlasach faoi láthair agus is iarrthóir maith é Brian Leddin (CG), innealtóir a bhfuil cúlra polaitiúil aige nach ndéanfaidh aon dochar dó ar na doirse. Sna toghcháin áitiúla fuair sé 1,397 vóta, an dara vóta ab airde sa gcathair. 

D’éirigh le Jan O’Sullivan (LO) a suíochán a choinneáil le 350 vóta in 2016 agus go leor den phobal iompaithe in aghaidh Pháirtí an Lucht Oibre go náisiúnta. Sna toghcháin áitiúla anuraidh, bhí 9% den vóta ag iarrthóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre sa gcathair agus toghadh triúr acu ar an gComhairle Contae. Chomh maith leis sin tá vóta láidir pearsanta ag Jan O’ Sullivan (LO) agus beidh sí ag súil le vótaí aistrithe a chruinniú ó iarrthóirí eile ar an eite chlé, go speisialta Jenny Blake ó na Daonlathaigh Shóisialta agus Mary Cahillane-Vallely (PBPA) ó Solidarity. Ní bhfuair Mary Cahillane-Vallely (PBPA) ach 371 vóta sna toghcháin áitiúla ach fuair sí poiblíocht iontach di féin nuair a bhain sí anuas póstaer de Leo Varadkar a bhí crochta os cionn comhartha faoi ionad Breastcheck.

Bhí 1,373 vóta ag iarrthóirí ó na Daonlathaigh Shóisialta i gcathair Luimnigh sna toghcháin áitiúla, agus ba cheart go mbeadh Jenny Blake (SD) in ann an méid sin vótaí ar a laghad a bhailiú ach drochsheans go mbeidh sí san iomaíocht le haghaidh suíocháin.

Iarrthóir a bheas san iomaíocht is ea Frankie Daly (NS). Ba é ba mhó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla i gcathair Luimnigh le 1,861 vóta. Is as an gceantar céanna i Luimneach é féin agus Brian Leddin (CG).  

Má chuirtear Daly (NS) as an rása gar don deireadh d’fhéadfadh aistriú a chuid vótaí a bheith cinniúnach maidir le cá rachaidh an tríú agus an ceathrú suíochán.  Má bhíonn Brian Leddin (CG) chun tosaigh air, ba chóir go bhfaigheadh sé aistriúchán maith ar bhonn tíreolaíochta. Is as an taobh céanna den chathair an Seanadóir Maria Byrne (FG) a bhí ina comhairleoir contae sular toghadh don Seanad í in 2016.

Beidh sé deacair ar Maurice Quinlivan (SF) a shuíochán a choinneáil. Toghadh é in 2016 de bharr aistriú 3,492 vóta ó Chian Prenderville (PBPA), ach níl Prenderville ag seasamh an babhta seo. 

Drochsheans go mbeidh a ndóthain vótaí ag Fianna Fáil ná ag Fine Gael le go bhféadfadh ceachtar acu an dara suíochán a fháil. Ach seans láidir ann go mbeidh suíochán i Luimneach ag Comhaontas Glas agus gurb é Sinn Féin a bheidh thíos leis.

Tá Michael Ryan, a fuair 722 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh le haghaidh Aontú agus tá Rebecca Barrett (NP) ag seasamh don Pháirtí Náisiúnta. 

Tuar:  O’Dea (FF), O’Donnell (FG), O’Sullivan (LO) agus Leddin (CG)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: D’fhéadfadh an rabharta ‘Glas’ cathair Luimnigh a bhaint amach'