TOGHCHÁN 2020: Déanfar Gaillimh Thiar a ghlasú agus seasfaidh Grealish an fód

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Déanfar Gaillimh Thiar a ghlasú agus seasfaidh Grealish an fód

#togh2020 #GE2020

Dáilcheantar: Gaillimh Thiar

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan Amach an dáilcheantair: Cathair na Gaillimhe, Conamara agus Oileáin Árann, chomh maith leis an gceantar soir ón gcathair a shíneann ó Órán Mór go Áth Cinn. Tá póca beag d’oirdheisceart Mhaigh Eo, ó dheas de Bhaile an Róba, sa dáilcheantar seo chomh maith.

Teachtaí Dála ag seasamh: Éamon Ó Cuív (FF), Seán Kyne (FG), Hildegarde Naughton (FG), Catherine Connolly (NS) agus Noel Grealish (NS)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016,  i dtoghcháin áitiúla 2019

agus i bpobalbhreith TG4

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) “Pobalbhreith
TG4 (%)”
Fianna Fáil 24.3 29 20
Fine Gael 24 20 23
Lucht Oibre 5 4 5
Sinn Féin 9 6 7
Comh Glas 2.5 6 10
Daon. Shóis 5 3 12
Clé 11* 3 11*
Eile 8 29 11**

** Vóta Noel Grealish (NS) san áireamh.

* Vóta Catherine Connolly (NS) san áireamh.

Anailís: As an gcúigear Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo níl ach duine acu, Éamon Ó Cuív (FF), a d’fhéadfadh a beith réasúnta cinnte de shuíochán. Beidh suíochán amháin ag Fine Gael cinnte. Ag dul de réir na pobalbhreithe ar TG4 aréir, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Hildegarde Naughton (FG) chun cinn go maith ar Sheán Kyne (FG).

De réir na pobalbhreithe céanna ní bheadh suíochán ag Ollie Crowe (FF), in ainneoin feachtas láidir ar a shon i gcathair na Gaillimhe. Ag 8% bheadh sé ró-íseal le bheith san iomaíocht ag an deireadh. Gan an tríú hiarrthóir ag Fianna Fáil agus gan cuóta ag Éamon Ó Cuív ní bheadh aon mhórfhoinse vótaí aistrithe aige.

Chuaigh Trevor Ó Clochartaigh (SF) i ngaireacht 1,000 vóta don chúigiú suíochán a fháil in 2016. Fuair sé 9% den vóta ach chinn air a dhóthain aistriúchán a fháil. Tá Mairéad Farrell (SF) san iomaíocht an babhta seo, iarrthóir an-ábalta le togha na Gaeilge. Ach nuair nár éirigh léi a suíochán a choinneáil ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mí Bealtaine seo caite, ní móide go bhfaighidh sí suíochán Dála.

Ó thaobh na tíreolaíochta de, ba cheart go dtoghfaí beirt taobh thiar den Choirib, beirt sa gcathair agus duine taobh thoir den chathair. Ach d’fhéadfadh an leagan amach sin a bheith curtha in aer an babhta seo agus gur trí shuíochán a bheas sa gcathair.

Is iad na vótaí a aistríodh ó John O’Mahony (FG), iarrthóir Mhaigh Eo, a chinntigh an dara suíochán d’Fhine Gael in 2016. Ní bheidh na vótaí aistrithe sin  ar fáil an babhta seo agus gan aon iarrthóir i Maigh Eo ag bailiú vótaí d’Fhine Gael.

Is cinnte go bhfuil an dea-scéal faoin airgead mór atá ceadaithe ag an rialtas don staid rugbaí ar an mBóthair Mór i nGaillimh, ag cabhrú le Hildegarde Naughton (FG) i measc lucht tacaíochta Chonnacht sa gcathair. Tá sé suntasach freisin gur ó iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre in 2016, Derek Nolan, a fuair sí an líon is airde vótaí aistrithe san olltoghchán deireanach, níos mó ná mar  a fuair Catherine Connolly (NS).

Ní raibh ach 8% den vóta ag Catherine Connolly (NS) in 2016 ach d’éirigh léi a vóta a dhúbailt le vótaí aistrithe agus dul chun tosaigh ar Trevor Ó Clochartaigh gar don deireadh. Sa phobalbhreith is déanaí, tá 9% de na vótaí céad rogha aici agus í díreach taobh thiar den iarrthóir ó Chomhaontas Glas, Pauline O’Reilly, atá ar 10%, agus Niall Ó Tuathail ó na Daonlathaigh Shóisialta, atá ar 12%. De réir na pobalbhreithe bheadh 31% idir an triúr seo – Connolly, O’Reilly agus Ó Tuathail – dóthain tacaíochta le dhá shuíochán a fháil ach na vótaí a bheith ag aistriú go láidir eatarthu.

Níl suíochán Noel Grealish (NS) slán agus 7% sa phobalbhreith aige. Ach 7% a bhí aige i bpobalbhreith TG4 in 2016 nuair a d’éirigh leis 11% a fháil sa toghchán féin agus an dara suíochán a fháil go héasca.

Má ghlactar leis go mbeidh suíochán ag Ó Cuív (FF) agus Naughton (FG), beidh an troid don trí shuíochán eile idir Catherine Connolly (NS), Seán Kyne (FG), Pauline O’Reilly (CG), Noel Grealish (Nspl), Ollie Crowe (FF) agus Niall Ó Tuathail (SD). Bheadh seans beag ag Ollie Crowe ar shuíochán dá bhfanfadh sé chun cinn ar Noel Grealish (NS) ó tharla go bhfuil cóir na gaoithe le Fianna Fáil de réir na bpobalbhreitheanna náisiúnta agus feachtas láidir ag Crowe. Ach is mó seans gurb é Grealish a thoghfar le cabhair vótaí aistrithe Ollie Crowe.

Ar na hiarrthóirí eile, tá Méara na Gaillimhe Mike Cubbard (NS) a fuair 1,292 vóta sna toghcháin áitiúla i gcathair na Gaillimhe. Ag dul de réir a tharla in 2016, rachaidh formhór a vótaí chuig Grealish (NS) agus Connolly (NS). Ag seasamh d’Aontú tá Cormac Ó Corcaráin, a fuair 429 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá beirt iarrthóirí ag Pobal Roimh Bhrabús, Joe Loughnane agus Conor Burke. Fuair siad 580 vóta eatarthu sna toghcháin áitiúla. Tá Daragh O’Flaherty (NS) ag seasamh chomh maith. Fuair sé 83 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tuar: Ó Cuív (FF), Naughton (FG), Grealish (NS), Connolly (NS) agus O’Reilly (CG)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Déanfar Gaillimh Thiar a ghlasú agus seasfaidh Grealish an fód'