TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – inis dúinn arís cá rachaidh an 160 suíochán sin?

Agus gan ach lá amháin fágtha sula mbeidh muintir na tíre ag triall ar na botháin vótála d’Olltoghchán 2020, d’iarr muid ar ár bpainéal saineolaithe a gcuid tuartha deireanacha a roinnt linn faoi líon na suíochán ag na páirtithe éagsúla…

TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – inis dúinn arís cá rachaidh an 160 suíochán sin?

Do thuar faoi líon na suíochán ag na páirtithe éagsúla agus cén fáth?

Fianna Fáil 55
Fine Gael 35
Sinn Féin 32
An Comhaontas Glas 9
Páirtí an Lucht Oibre 6
Pobal Roimh Bhrabús agus Solidarity (Neart le Chéile) 2
Neamhspleáigh/Eile 21

Bhí toghchán tubaisteach ag Fine Gael agus beidh sin le feiceáil i líon na suíochán a chaillfidh siad. Roimh an toghchán bhí 30% de na suíocháin acu ach i ndiaidh an toghcháin beidh siad ag 20-21%. Bhí Fine Gael i rialtas le naoi mbliana agus tá daoine míshásta amach is amach de bharr cúrsaí tithíochta. Tá fonn athraithe ar na daoine. Tá ionadh ar Shinn Féin faoi cé chomh maith is atá ag éirí leo sa bhfeachtas seo agus ní hiontas mar sin nach bhfuil a ndóthain iarrthóirí sa ghort acu chun na vótaí atá ar fáil dóibh a fháil. Is iad Sinn Féin an t-aon dream nach raibh baint acu le rialtas go dtí seo agus tá daoine ag féachaint orthu agus ag súil go bhféadfaidís sin rudaí a athrú.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent é John Downing)

Fianna Fáil 54
Fine Gael 39
Sinn Féin 28
Comhaontas Glas 8
Lucht Oibre 8
Daonlathaigh Shóisialta 4
Pobal Roimh Bhrabús agus Solidarity (Neart le Chéile) 6
Neamhspleáigh/Eile 12

Is ionadh liom agus mé ag dul trí gach dáilcheantar nach bhfuil mé in ann níos mó suíochán a thabhairt do Shinn Féin. Bhí dáilcheantair áirithe a mbeadh dhá shuíochán ann dóibh ach beirt iarrthóirí a bheith acu.

(Craoltóir agus tráchtaire polaitíochta í Áine Ní Chiaráin)

Fianna Fáil 54
Fine Gael 38
Sinn Féin 27
Comhaontas Glas 14
Lucht Oibre 8
Daonlathaigh Shóisialta 3
Pobal Roimh Bhrabús agus Solidarity (Neart le Chéile) 2
Neamhspleáigh/Eile 14

Ní fhéadfadh aon duine a thuar go ndéanfadh Sinn Féin chomh maith sin san fheachtas olltoghcháin seo. Rinne siad go dona sna toghcháin áitiúla agus sna toghcháin Eorpacha agus ní raibh siad féin den tuairim go ndéanfaidís go maith. Níor tugadh faoi deara i gceart ag tús an fheachtais an meon láidir i measc an phobail go bhfuil athrú ag teastáil uathu ó thaobh rialtais. Bhí teachtaireacht Shinn Féin an-soiléir; gurb iadsan an t-aon pháirtí a bheadh in ann athrú suntasach a chur i bhfeidhm. Tá Fianna Fáil róchosúil le Fine Gael. Thug Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas le fios go mbeadh siad toilteanach dul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil nó Fine Gael agus ní athrú suntasach a bheadh ansin, dar le go leor daoine.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times é Harry McGee)

Fianna Fáil 58
Fine Gael 34
Sinn Féin 29
Comhaontas Glas 9
Lucht Oibre 7
Daonlathaigh Shóisialta 3
Pobal Roimh Bhrabús agus Solidarity (Neart le Chéile) 3
Neamhspleáigh/Eile 17

Níl aon amhras ach gur athraigh cúrsaí i rith an fheachtais. Bhí cúpla drochsheachtain ag Fine Gael. Bhí mé amhrasach i gcónaí faoin rabharta glas taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Ní mór cuimhneamh mar sin féin gur 39 ‘toghchán áitiúil’ a bheidh á reáchtáil amárach. D’fhéadfadh cúpla cor fós a bheith sna torthaí bunaithe ar chúinsí logánta.

(Craoltóir agus iriseoir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie í Máirín Ní Ghadhra)

Fianna Fáil 55
Fine Gael 38
Sinn Féin 28
Comhaontas Glas 9
An Lucht Oibre 6
Pobal Roimh Bhrabús (PrB) 4
Daonlathaigh Shóisialta 3
Neamhspleáigh/Eile 17

Na fáthanna gur athraigh mé an buille faoi thuairim a thug mé ag tús an fheachtais?  Dhá cheann: uimhir a haon, lagfheachtas Fhine Gael, a chuir róbhéim ar a ndearna siad roimhe seo, ar láimhseáil an Bhreatimeachta, agus ar an gcontúirt go scriosfadh Fianna Fáil an geilleagar mar a tharla deich mbliana ó shin, agus, uimhir a dó, an míshásamh leis an rialtas a neartaigh tacaíocht Fhianna Fáil agus Sinn Féin le linn an fheachtais, cé nach léir fós comhghuaillíocht a bheith ann chun comhrialtas a bhunú le móramh seasmhach sa Dáil nua.

(Craoltóir agus iriseoir agus colúnaí le Tuairisc.ie é Cathal Mac Coille)

Fianna Fáil 55
Fine Gael 40
Sinn Féin 27
Comhaontas Glas 10
An Lucht Oibre 7
Pobal Roimh Bhrabús (PbP) 2
Daonlathaigh Shóisialta 3
Neamhspleáigh/Eile 17

Tá breis suíochán á tabhairt agam do Shinn Féin agus don Chomhaontas Glas bunaithe ar na pobalbhreitheanna. Tá móiminteam ag Sinn Féin agus tacaíocht bhreise faighte acu ó thús an fheachtais, cé go bhfuil an scéal faoi Paul Quinn ag cur isteach ar an bpáirtí. Is ag Fianna Fáil atá an buntáiste anois mar go bhfuil an oiread sin iarrthóirí ag seasamh dóibh. Ní thiocfaidh Fine Gael slán ó na fadhbanna a bhí acu le linn an fheachtais agus is léir go bhfuil a lán daoine ag lorg athrú mór sa rialtas. Tá a lán post cruthaithe, tá an eacnamaíocht go maith ach tá daoine ag iarraidh rud éigin difriúil.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis The Business Post é Michael Brennan)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – inis dúinn arís cá rachaidh an 160 suíochán sin?'