TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an raibh aon bhuaiteoir againn sa díospóireacht aréir?

Agus an feachtas ag druidim chun deiridh mórdhíospóireacht na hoíche aréir idir Micheál Martin, Mary Lou McDonald agus Leo Varadkar atá faoi chaibidil ag ár bpainéal saineolaithe an geábh seo

TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an raibh aon bhuaiteoir againn sa díospóireacht aréir?

Cé a bhuaigh díospóireacht na hoíche aréir?

Ar deireadh, ceapaim gurb é an Taoiseach féin a bhuaigh an díospóireacht aréir. Bhí an jab is deacra ag Leo Varadkar agus a pháirtí chun deiridh sa rás seo. Bhí sé éirimiúil, agus ábhairín croíúil agus daonna. 

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent é John Downing)

Má bhí bua ag éinne sa díospóireacht, is ag na láithreoirí a bhí sé. Rinneadh cíoradh níos fearr an babhta seo ar ábhair éagsúla, an eacnamaíocht, tithíocht agus athrú aeráide.

(Craoltóir agus tráchtaire polaitíochta í Áine Ní Chiaráin)

Seans go raibh Leo Varadkar beagáinín chun tosaigh ar Mhicheál Martin. Ní raibh aon bhuaiteoir soiléir ann ach níl aon dabht faoi ach gurbh í Mary Lou McDonald a chaill go mór.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times é Harry McGee)

An díospóireacht féin a bhí ina buaiteoir aréir. Fuair na ceannairí deis a gcuid cainte a dhéanamh ach cuireadh brú freisin orthu faoi ábhair ar leith Bhí Micheál Martin ina mháistir ar na sonraí mar is dual dó. Bhí cuma níos compordaí ar Leo Varadkar ná mar a bhí ag díospóireachtaí eile.

(Craoltóir agus iriseoir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie í Máirín Ní Ghadhra)

Mary Lou McDonald, cé gur ar éigean a bhí sí chun cinn ar an mbeirt eile. Ní foláir smaoineamh ar na lagfhreagraí a thug sí ar cheisteanna éagsúla – go háirithe maidir le ráitis a rinne aire Shinn Féin in Stormont Conor Murphy faoi dhúnmharú Paul Quinn. Ní raibh aon dul as ag McDonald (a bhuí le taighde RTÉ) ach a admháil nach raibh a ndúirt sí féin agus Murphy faoin marú roimhe seo fírinneach.

Mar sin féin, sílim gur éirigh le ceannaire Shinn Féin a chur ina luí ar dhaoine atá míshásta le staid na tíre, maidir le cúrsaí tithíochta go háirithe, gur ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil in éineacht atá an milleán. Níor léirigh sí go mbeadh a páirtí ábalta an ghéarchéim tithíochta a leigheas, ach thóg sí bearna shoiléir i mbriathra idir meon Shinn Féin, dar leo féin, agus cur chuige an dá pháirtí eile.

(Craoltóir agus iriseoir agus colúnaí le Tuairisc.ie é Cathal Mac Coille)

Ní roghnóinn aon bhuaiteoir ón triúr. Cé go raibh Leo Varadkar go maith aréir ceapaim go bhfuil an ghaoth taobh thiar d’Fhianna Fáil agus Shinn Féin go fóill.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis The Business Post é Michael Brennan)

Cé leis nár éirigh go maith?

Bhí deacrachtaí ag Mary Lou McDonald. Dhein sí go maith. Níor chuir sí i mbaol an borradh atá faoina páirtí ach seans go ndéanfadh sé níos mó maitheasa di gan cuireadh a fháil chun na díospóireachta. Scairteadh solas arís ar oidhreacht dhorcha Shinn Féin leis an IRA agus ar fhadhbanna eile a bhaineann le polasaithe eacnamaíochta a páirtí. 

Má bhí éinne acu míshásta leo féin chuile sheans gurb í Mary Lou McDonald í. Ba bhuntáiste don bheirt eile í a bheith sa stiúideo. Tar éis brú millteanach fuair sí cuireadh a bheith i láthair,  caithfidh dá réir go raibh a fhios aici go bhfiafrófaí di faoin gCúirt Choiriúil Speisialta agus faoi dhúnmharú Paul Quinn uirthi ach is iad na scéalta sin a bhain barrthuisle aisti.

Ceapaim go ndearna Mary Lou McDonald go hiontach sna díospóireachtaí eile ach go raibh droch-oíche aici aréir. Bhí deacracht aici le ceisteanna faoin gCúirt Speisialta Choiriúil agus faoin athrú aeráide. Bhí deacrachtaí móra chomh maith aici maidir leis an gceist faoi Paul Quinn. Níor thug sí freagra ar an gceist agus bhréagnaigh sí an méid a dúirt sí ag tús na seachtaine. Bhreathnaigh sé go dona. Cuireadh i gcuimhne do dhaoine an stair fhoréigneach a bhaineann le Sinn Féin.

Cuireadh Mary Lou McDonald faoi bhrú ar dhá ócáid ar leith nár láimhseáil sí go maith. Ghéill sí ar deireadh go raibh sí féin agus Conor Murphy mícheart faoin méid a dúirt siad faoi dhúnmharú brúidiúil Paul Quinn in 2007. Níor bhreathnaigh na leaganacha éagsúla den scéal a cuireadh inár láthair rómhaith di.

I gcás na Cúirte Coiriúla Speisialta ní raibh uirthi ach tagairt don imní atá ar ghrúpaí cearta daonna ar fud an domhain faoi chúirteanna dá leithéid seachas a bheith anonn agus anall faoi sheasamh Shinn Féin. Níor láimhseáil sí go maith é.

Ní raibh freagra rómhaith ag Micheál Martin nuair a dúradh leis nach raibh mórán taithí idirbheartaíochta ag ionadaithe a pháirtí. Bhí taithí aige féin, a dúirt sé, ag Brendan Smith agus ag Éamon Ó Cuív, cé nárbh ionann sin agus a rá go mbeadh Ó Cuív ina aire arís. B’in uile. Ba léir laigí i gcaint Leo Varadkar agus é ag iarraidh cur chuige an rialtais sa tseirbhís sláinte a chosaint. Ach tríd is tríd ní dóigh liom go rachaidh tacaíocht pháirtí ar bith ar gcúl mar gheall ar chaint a gceannairí le linn na díospóireachta.

Cé go raibh Mary Lou McDonald an-láidir ó am go céile ba léir go raibh sí ag streachailt le cúpla ceist. Ní raibh sí in ann a rá ar thacaigh Sinn Féin leis an gCúirt Speisialta Chóiriúil. Ní raibh sí in ann freagra a thabhairt ar an gceist faoi líon na ndaoine gan dídean sa Tuaisceart. Mhaígh Leo Varadkar gur 20,000 duine a bhí i gceist. Tá easaontas faoin bhfigiúr sin ach ní raibh freagra na ceiste aici agus buille a bhí ann do Mary Lou. Caithfidh mé a rá, áfach, go raibh sí go maith le linn na díospóireachta agus nach dóigh liom go ndéanfaidh sé dochar rómhór don pháirtí nó go mbeidh mórán tionchair aige ar an tacaíocht atá sé a fháil san Olltoghchán.

An bhfuil aon rud eile a sheas amach sa díospóireacht?


Bhí Micheál Martin ag iarraidh é féin a chur chun tosaigh mar an t-aon duine, go réalaíoch, a d’fhéadfadh a bheith ina Thaoiseach tar éis an toghcháin seo. D’éirigh leis faoi dhó cheana déanamh níos fearr ná mar a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna agus bhí sé ag déanamh amach go bhféadfadh sé comhrialtas a chur le chéile an uair seo. Neosfaidh an aimsir.

An rud a sheas amach domsa ná nach iad an bheirt cheannairí eile ach na láithreoirí a leaindeáil na buillí ab fhearr.

Tá mé ag ceapadh gurb í díospóireacht na hoíche aréir an uair ar tháinig deireadh leis an dlús atá le Sinn Féin le linn an fheachtais seo.

Cuireadh an triúr ceannairí faoi bhrú faoi eachtraí a tharla sa stair. Cuireadh Sinn Féin faoi bhrú faoin bhforéigean. Dhírigh siad ar Mhicheál Martin faoin ngéarchéim eacnamaíochta, faoi thréimhsí rialtais Fhianna Fáil, faoi Bertie Ahern, agus faoi chás Niall Collins agus Timmy Dooley. Cuireadh Leo Varadkar faoi bhrú faoi Dhara Murphy, Maria Bailey agus Verona Murphy. Cé go meabhraíonn na scéalta seo eachtraí agus ócáidí ar leith dúinn, cé mhéad vóta a chaill nó a ghnóthaigh ceachtar ceannaire de bharr na bhfreagraí a thug siad?

Sársmacht na láithreoirí David McCullagh agus Miriam O’Callaghan ar an díospóireacht. Bhí na ceisteanna a chuir Miriam ar Mary Lou chomh héifeachtach, agus laige na bhfreagraí chomh soiléir, nár dúirt na ceannairí eile focal ina ndiaidh – bhí an t-ábhar cíortha go hiomlán. Is fearr comhchathaoirleacht ná cathaoirleacht aonair ar dhíospóireacht dá leithéid.

Sílim go raibh Micheál Martin go maith i mbun díospóireachta aréir. Rinne sé ionsaí go leor ar Fhine Gael agus ar Shinn Féin agus bhí deis aige labhairt faoina fhís féin.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an raibh aon bhuaiteoir againn sa díospóireacht aréir?'

  • Donncha

    Tríd is tríd bhí an díospóireacht leadránach don ghnáth duine, cé go raibh an bheirt láithritheoirí thar barr. Ach Fine Gael is fearr a tháinig as, dar liomsa.

    Do dhaoine a bheadh imníoch faoi eacnamaíocht na tíre, sé Leo Varadkar is fearr a tháinig as an díospóireacht.

    Léiríodh na ligeachtaí ag Sinn Féin maidir le cúrsaí cánach agus athrú aeráide. Ní dóigh liom go ndéanfaidh an freagra seachantach a thug sí faoin Cúirt Speisialta Cóiriúlachta mórán difríocht ach láimhseáil sí an cheist go dona. Léiríodh nach bhfuil bunús le polasaí eacnamaíochta Sinn Féin. Is deacair a chreidiúnt gur féidir déileál go héifeachtach leis an 3 ghéirchéim atá ag bagairt ar an stát – córas sláinte faoi bhrú, an fhadhb mhór tithíochta agus an gá le eisilt carbónach a laghdú – agus ag am am céanna cánacha a thugann go leor airgid isteach a ghearradh chomh mór is atá Sinn Féin ag geallúint.

    Maidir le Fianna Fáil léirigh Micheál Martin don lucht féachana an ganntan talann atá ar fáil aige le cur i rialtas agus an easpa taithí atá anois sa pháirtí i gcomparáid le Fine Gael. Nuair a cuireadh brú air ní fhéadfadh sé ach Brendan Smith agus Éamon Ó Cuív a lua agus an cuma air go raibh leisce ar ainm Uí Chuív a lua.