TOGHCHÁN 2020: Beag seans go mbeidh aon athrú i gcontae Luimnigh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Beag seans go mbeidh aon athrú i gcontae Luimnigh

Dáilcheantar: Contae Luimnigh

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: An chuid is mó de chontae Luimnigh taobh amuigh de chathair Luimnigh agus póca ag síneadh ón gcathair soir ó thuaidh chomh fada leis an tSionainn

Teachtaí Dála ag seasamh: Patrick O’Donovan (FG), Tom Neville (FG) agus Niall Collins (FF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán (2011) % Toghcháin Áitiúla % (2014)
Fianna Fáil 28 30
Fine Gael 37 43
Sinn Féin 8 4
Nspl/Eile 27 23

Anailís: Seans maith nach mbeidh aon athrú sa dáilcheantar seo agus go dtoghfar an triúr céanna arís, beirt ó Fhine Gael agus duine ó Fhianna Fáil.

Níl aon iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre. Sheas Seamus Browne (SF) in 2016 agus fuair sé 3,347 vóta.  Sna toghcháin áitiúla, mí Bealtaine seo caite, chaill sé a shuíochán agus níor roghnaíodh é an uair seo. Ina áit beidh Séighin Ó Ceallaigh (SF). Fuair sé 515 vóta sna toghcháin áitiúla sa gcathair. Taobh amuigh den chathair, ní bhfuair Sinn Féin ach 4% den vóta sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo agus ní bheidh an páirtí san iomaíocht an mhí seo chugainn.

Fuair James Heffernan, a sheas do Pháirtí an Lucht Oibre in 2011, (SD) 3,270 vóta sa toghchán in 2016.

Bhí a dhóthain deacrachtaí ó shin aige nuair a gearradh trí mhí príosúin air as triúr Gardaí a ionsaí ag Féile Cheoil i mBaile an Mhistéalaigh.

Is mac é an Teachta Dála Tom Neville(FG) leis an iarTheachta Dála Dan Neville a d’éirigh as in 2016. Ní bheidh aon stró ar Tom Neville (FG) ná a chomhghleacaí, an tAire Stáit Patrick O’Donovan (FG), an dá shuíochán atá acu a choinneáil. Is minic Patrick O’Donovan (FG) sna meáin ina urlabhraí don rialtas. D’fhéadfadh ardú céime a bheith i ndán dó, dá n-éireodh le Leo Varadkar rialtas a chur le chéile tar éis an toghcháin.

Ar an taobh eile den scéal, más é Micheál Martin a bheas ina Thaoiseach, is cinnte go mbeidh Niall Collins (FF) i measc na ndaoine a bheas ag fáil aireacht de chineál éicint, in ainneoin gur chaill sé a áit ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil mar gheall ar an gconspóid faoi é a bheith ag vótáil dá chomhghleacaí Timmy Dooley (FF) sa Dáil. Bhí Fianna Fáil sách mall ag roghnú an dara hiarrthóir sa dáilcheantar seo, an Comhairleoir Eddie Ryan ó oirdheisceart an chontae, a fuair    1,822 vóta sna toghcháin áitiúla.

Bhí leibhéal tacaíochta Fhianna Fáil (30%) i bhfad chun deiridh ar Fine Gael (43%) sna toghcháin áitiúla i gcontae Luimnigh agus ar an gcaoi sin is ag Fine Gael a bheas an dá shuíochán agus an tríú ceann ag Fianna Fáil.

Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre. Ag seasamh chomh maith tá an Comhairleoir neamhspleách Richard O’Donoghue a fuair 1,751 vóta sna toghcháin áitiúla, Claire Keating, Comhaontas Glas, Conor O’Donoghue atá ag seasamh d’Aontú agus Cristín Ní Mhaoldomhnaigh, An Páirtí Náisiúnta.

TUAR: Neville (FG), O’Donovan (FG), Collins (FF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Beag seans go mbeidh aon athrú i gcontae Luimnigh'