TOGHCHÁN 2020: An chuma ar an scéal go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin i nDún na nGall

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: An chuma ar an scéal go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin i nDún na nGall

Dáilcheantar: Dún na nGall

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Dhún na nGall ar fad seachas ceantar i ndeisceart an chontae thart ar Bhéal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin atá sa Dáilcheantar Sligeach-Liatroim.

Teachtaí Dála ag seasamh: Joe McHugh (FG), Charlie McConalogue (FF), Pat ‘the Cope’ Gallagher (FF), Pearse Doherty (SF) agus Thomas Pringle (Nspl). 

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) Pobalbhreith Nuacht TG4 (%)
Fianna Fáil 31 29 22
Fine Gael 15 19 20
Sinn Féin 28 19 39
Nspl/Eile 26 30 30

Anailís: An dá scéal is mó as Dáilcheantar Dhún na nGall, de réir phobalbhreith Nuacht TG4 aréir, nach bhfuil mórán tacaíochta ag Peter Casey (Nspl) agus go bhfuil an chuma ar an scéal go  mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin. An cheist ná cé a chaillfeas? Pat ‘the Cope’ Gallagher (FF) nó Thomas Pringle (Nspl). Is féidir le Fine Gael a bheith cinnte go gcoinneoidh an tAire Stáit Joe McHugh (FG) a shuíochán. Ar an gcaoi chéanna is féidir le Fianna Fáil a bheith cinnte de shuíochán amháin agus an chuma air gur ag Charlie McConalogue (FF) ó oirthuaisceart an chontae a bheas sé sin.

Tá sé ionann is a bheith cinnte go dtoghfar Pearse Doherty (SF) le farasbarr mór agus ba cheart go mbeadh a dhóthain d’aistrithe ag dul chuig Pádraig Mac Lochlainn (SF) len é féin a thabhairt thar an líne. Bhí a ndóthain vótaí ag Sinn Féin in 2016 le beirt a thoghadh ach mar go raibh an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí chaill Pádraig Mac Lochlainn (SF) an suíochán le 184 vóta agus Thomas Pringle (Nspl) a fuair é. Má tá cruinneas ar bith ag baint le pobalbhreith Nuacht TG4 beidh a dhóthain le déanamh ag Thomas Pringle (Nspl) fanacht sa rása, agus gan ach 6% aige. Is iontach an borradh a thugann sé d’iarrthóir ar bith a bhíonn ag canbhasáil a bheith in ann a rá go bhfuil a shuíochán i mbaol agus cabhróidh sé seo le Pringle (Nspl) go mórmhór nuair nach bhfuil aon iarrthóir láidir eile ó dheisceart an dáilcheantair san iomaíocht. Ar an gcaoi sin ba cheart go mbeadh níos mó ná 6% aige agus go mbeadh sé san iomaíocht don chúigiú suíochán leis an seansaighdiúir de chuid Fhianna Fáil, Pat ‘the Cope’. Ar bhonn tíreolaíochta d’fhéadfadh Pat ‘the Cope’ (FF) as Na Rosa a bheith ag súil le haistriúcháin níos fearr ó Pearse Doherty (SF) ná mar a bheadh ag dul go dtí Thomas Pringle (Nspl) as Na Cealla Beaga.

Ag seasamh chomh maith tá an Comhairleoir Martin Harley (FG) as Gleann na Finne atá ar 3% de réir phobalbhreith Nuacht TG4 agus Michael White atá ag seasamh don Chomhaontas Glas agus atá ar 4% sa phobalbhreith chéanna. Tá Maghnus Monaghan (RN) ag seasamh do Renua, agus Mary T. Sweeney (Aon) ag seasamh d’Aontú. Fuair sí 856 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Leitir Ceanainn. Tá triúr iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: an comhairleoir conspóideach John O’Donnell (Nspl) as Cill Mhic Réanáin a bhí ar bharr an chomhairimh i gceantar Bhaile na nGallóglach sna toghcháin áitiúla agus beagnach 2,000 vóta aige; Peter Casey (Nspl), ar ndóigh, agus Niall McConnell (Nspl).

Tuar: Doherty (SF), Mac Lochlainn (SF), Mc Hugh (FG), McConalogue (FF) agus Pat ‘the Cope’ Gallagher (FF). 

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: An chuma ar an scéal go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin i nDún na nGall'