Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Baile Átha Cliath (2)

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

C BAC

Líon Suíochán: 4

Baile Átha Cliath Thoir-Theas a bhíodh ar an dáilcheantar seo. BÁC 4 is mó atá ann, le Droichead na Dothra ina lár, agus síneann sé ó Ráth Garbh go Dumhach Trá. Tá píosa beag curtha leis, thart ar Thír an Iúir.

Ceithre shuíochán atá le líonadh agus triúr Teachtaí Dála atá ag seasamh: Eoghan Murphy (FG), Lucinda Creighton (RN), agus Kevin Humphries (LO).

Anailís: Agus 35% den vóta acu, d’éirigh le Fine Gael dhá shuíochán a fháil in 2011 – Eoghan Murphy agus Lucinda Creighton. Coinneoidh Eoghan Murphy (FG) a shuíochán gan stró agus ba cheart go mbeadh suíochán ag Lucinda Creighton (RN) chomh maith. Bhí Creighton ar bharr an liosta nuair a sheas sí d’Fhine Gael in 2011 agus mar cheannaire ar Renua, tá próifíl níos airde fós aici sna meáin, rud a chabhróidh léi.

Beidh coimhlint spéisiúil ann don dá shuíochán eile idir ceathrar iarrthóirí láidre: Éamonn Ryan (CG), Jim O’Callaghan (FF), Kevin Humphreys (LO) agus Chris Andrews (SF), agus seans maith ag chuile dhuine acu suíochán a thógáil.

 

02/01/2015. Lucinda Creighton - New Political Party. Pictured Lucinda Creighton TD speaking to the media in at the launch of their new political party in the Marker Hotel in Dublin thids morning. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Lucinda Creighton. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Bhí 19% den vóta ag an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo. Más féidir le Humphreys sciar maith den vóta sin a chruinniú chuige, beidh a shuíochán sábháilte. Gheobhaidh sé roinnt aistriúchán ón iarrthóir eile ag Fine Gael, má bhíonn Eoghan Murphy (FG) agus Lucinda Creighton (RN) tofa faoin am sin.

Ní dhearna Sinn Féin rómhaith sna toghcháin áitiúla sa gceantar seo i 2014. Ba é Chris Andrews an t-aon duine ón bpáirtí a toghadh. Chaill Andrews a shuíochán Dála in 2011 nuair le Fianna Fáil a bhí sé. Agus dathanna Shinn Féin anois á gcaitheamh aige, ní bheidh sé éasca air sa dáilcheantar meánaicmeach seo a shuíochán a fháil ar ais.

Ar feadh na mblianta, bhíodh suíochán anseo ag na Glasaigh ach nuair a scriosadh an páirtí go náisiúnta in 2011, chaill a gceannaire ag an am, John Gormley, a shuíochán sa dáilcheantar seo. Is anseo is mó atá seans ag an bPáirtí Glas Teachta Dála a chur ar ais sa Dáil.

Tá Glenna Lynch (SD) ag seasamh don pháirtí nua, na Daonlathaigh Shóisialta. Iarrthóir láidir í ach tá géariomaíocht sa dáilcheantar seo agus ní dóigh liom go mbeidh a dóthain vótaí aici le fanacht sa rása go dtí an deireadh.

Tuar: Murphy (FG), Creighton (RN), Humphries (LO) agus Ryan (CG)


BAC lar

Líon Suíochán: 4

Síneann an Dáilcheantar seo ó Chill Mhaighneann go Baile Formaid agus ó dheas go Cromghlinn agus Baile Bhailcín. Thart ar Thír an Iúir atá an chuid mheánaicmeach den seandáilcheantar curtha isteach i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas agus suíochán caillte dá bharr.

Tá ceathrar Teachtaí Dála ag seasamh anseo: Eric Byrne (LO), Catherine Byrne (FG), Joan Collins (Nspl), agus Aengus Ó Snodaigh (SF). Níl Micheal Conaghan (LO) ag seasamh an uair seo.

Anailís: Toghadh beirt ó Pháirtí an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo in 2011 agus 35% den vóta ag an bpáirtí. Gabhfaidh sé rite leo an uair seo suíochán Eric Byrne (LO) a choinneáil. Fuair siad 12% den vóta sna toghcháin áitiúla sa gceantar seo, ceantar ina bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta ag Sinn Féin, a fuair 27% den vóta sna toghcháin chéanna.

Beidh suíochán cinnte ag Aengus Ó Snodaigh (SF) agus beidh an tarna iarrthóir ón bpáirtí sin, Máire Devine, san iomaíocht don cheathrú suíochán.

Beidh vóta na heite clé ‘crua’, mar a thugtar uirthi, scoilte idir Joan Collins (Nspl) agus Bríd Smith (AAA/PBPA). Toghfar duine acu. Is iarrthóir láidir í Bríd Smith (AAA/PBPA), a fuair 2,031 vóta i gceantar Bhaile Formaid sna toghcháin áitiúla. D’fhéadfadh sí an suíochán a bhaint de Joan Collins (Nspl) ach níos mó aistriúchán a fháil ó Mháire Devine (SF) chomh maith le haistriúcháin a fháil ón gComhairleoir Paul Hand (Nspl), ar as Baile Formaid é chomh maith.

Aengus O Snodaigh. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Aengus Ó Snodaigh. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Chaill Fianna Fáil dhá shuíochán sa Dáilcheantar seo in 2011. Rinne siad praiseach de roghnú na n-iarrthóirí nuair a cuireadh bac ar an gComhairleoir Daithí de Róiste dul ar aghaidh mar gur fear atá ann. Roghnaíodh bean ina áit – Catherine Ardagh, iníon leis an iar-Theachta Dála Seán Ardagh.

Fuair Páirtí an Lucht Oibre 12% den vóta sna toghcháin áitiúla. De bhrí nach bhfuil ach caolseans acu ar shuíochán amháin, shocraigh Michael Conaghan (LO) gan dul san iomaíocht.

Nuair a thoghfar Ó Snodaigh (SF), beidh géarchoimhlint don trí shuíochán eile idir Byrne (LO), Devine (SF), Ardagh (FF), Byrne (FG), Smith (AAA/ PBPA) agus Collins (SP).

Ní raibh ach 6% den vóta ag Fine Gael sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo. Ach tá tacaíocht phearsanta láidir ag Catherine Byrne agus toisc go bhfuil thart ar 30% den vóta ag Fine Gael go náisiúnta, ba cheart go mbeadh suíochán ag an bpáirtí.

Beidh go leor ag brath ar an mbealach a rachas vótaí Catherine Ardagh (FF) má chuirtear as an iomaíocht í. In 2011 d’aistrigh vótaí Fhianna Fáil níos láidre i dtreo Pháirtí Lucht Oibre ná mar a d’aistrigh siad i dtreo Fhine Gael ach fuair Fine Gael níos mó de na haistriúcháin sin ná mar a fuair Sinn Féin. Má bhíonn an scéal amhlaidh an babhta seo, ba cheart go gcoinneodh Eric Byrne (LO) agus Catherine Byrne (FG) a suíocháin.

Tuar: Ó Snodaigh (SF), Byrne (FG), Byrne (LO), Smith (AAA/PBPA)


BAC Thiar mean

Líon Suíochán: 4

Níl aon athrú anseo ó 2011. Síneann an dáilcheantar seo ó Bhaile Phámar siar i dtreo Leamhcáin agus ó dheas go Ráth Cúil agus Teach Sagard. Tá Robert Dowds (LO), a toghadh in 2011, ag seasamh siar le seans níos fearr a thabhairt do Joanna Tuffy (LO). Ag seasamh chomh maith tá na Teachtaí Dála Frances Fitzgerald (FG) agus Derek Keating (FG).

Anailís: Is ag páirtithe an rialtais atá na suíocháin ar fad sa dáilcheantar seo, péire ag Fine Gael agus péire ag Páirtí an Lucht Oibre. Ní fada eile a bheas. An uair seo, beidh suíochán amháin ag Fine Gael agus iad ag troid chun an dara ceann a choinneáil. Níl ach iarrthóir amháin ag seasamh don Lucht Oibre.

Beidh suíochán cinnte ag Eoin Ó Broin (SF). Sna toghcháin áitiúla fuair sé 2,992 vóta i gceantar Chluain Dolcáin, an vóta is airde a bhí ag aon iarrthóir i mBaile Átha Cliath Theas. Beidh suíochán chomh maith ag an Aire Frances Fitzgerald (FG).

Tá seans ag Joanna Tuffy (LO) a suíochán a choinneáil, más féidir léi fanacht chun cinn ar Derek Keating (FG), an dara hiarrthóir atá ag Fine Gael, agus ansin roinnt aistriúchán a fháil uaidh. D’fhéadfadh Fine Gael an dá shuíochán a choinneáil dá roinnfí an vóta go cothrom idir Fitzgerald agus Derek Keating.

Frances Fitzgerald. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Frances Fitzgerald. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhíodh suíochán ag an gComhairleoir Paul Gogarty (CN) ón gComhaontas Glas sa cheantar seo, ach tá Gogarty imithe ó na Glasaigh agus ag seasamh don Chomhghuaillíocht Neamhspléach. Baileoidh sé cúpla míle vóta agus beidh aistriú na vótaí sin an-tábhachtach ag deireadh an chomhairimh: an uair dheireanach, fuair Páirtí an Lucht Oibre a bhformhór, ach ní raibh siad sa rialtas an uair sin.

Ní bhfuair Fianna Fáil ach 11% den vóta sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo. Ní leor é sin le suíochán a fháil agus ní mórán aistriúchán a bheas le fáil ag an iarrthóir John Curran (FF), a bhí mar phríomhaoire ag Fianna Fáil nuair a bhí Brian Cowen ina Thaoiseach. Mar sin féin, beidh Curran ag troid don suíochán deireanach agus gan mórán aistriúchán le fáil aige.

Tá go leor iarrthóirí eile ó ghrúpaí ar an eite chlé sa dáilcheantar seo: Gino Kenny (AAA/ PBPA), Anne-Marie McNally (SD) agus Louise Hennessy (WP). Fuair Gino Kenny (AAA/ PBPA) 2,471 vóta in 2011 agus sna toghcháin áitiúla fuair sé 1,696 vóta. Gheobhaidh sé aistriúchán maith ó na hiarrthóirí eile ar an eite chlé. Ar an gcaoi sin, thabharfainn an ceathrú suíochán dó.

Maidir leis an suíochán deireanach, má chuirtear amach é, d’fhéadfadh vótaí Curran (FF) a bheith an-tábhachtach. Sa toghchán deireanach, d’aistrigh 37% dá vóta i dtreo FG, 26% i dtreo an LO agus 9% i dtreo Shinn Féin. 

Tuar: Fitzgerald (FG), Ó Broin (SF), Tuffy (LO), Kenny (AAA/ PBPA)


BAC Thiar Theas

Líon Suíochán: 5

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Tá thart ar 30,000 vóta aistrithe ó Bhaile Átha Cliath Theas (Ráth Fearnáin/Teampall Óg) isteach sa Dáilcheantar seo agus suíochán breise curtha leis. Tá Tamhlacht sa Dáilcheantar seo.

Na Teachtaí Dála atá ag Seasamh: Seán Crowe (SF), Paul Murphy (AAA/PBPA), Éamonn Moloney (Nspl).

Anailís: Fuair an Lucht Oibre dhá shuíochán as ceithre cinn in 2011 le 36% den vóta, ach drochsheans ar shuíochán an babhta seo. Níl Pat Rabitte (LO) ag seasamh agus tá an Teachta Éamonn Moloney, a toghadh in 2011 don Lucht Oibre, ag seasamh mar iarrthóir neamhspléach.

Coinneoidh Paul Murphy (AAA/PBPA) an suíochán a ghnóthaigh sé sa bhfothoghchán i 2014. Beidh suíochán chomh maith ag Seán Crowe (SF).

Níl aon Teachta Dála ag Fine Gael sa Dáilcheantar faoi láthair, ach is cinnte go mbeidh Colm Brophy nó Anne-Marie Dermody acu sa Dáil tar éis an toghcháin. Tá cúlra i bhFine Gael ag Ronan McMahon (Renua), mac leis an iar-Theachta Dála, Larry McMahon.

Katherine Zappone. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Katherine Zappone. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Beidh Fianna Fáil ag súil go dtoghfar an Comhairleoir John Lahart (FF) anseo. Bhí sé chun tosaigh ar chách i gceantar Ráth Fearnáin sna toghcháin áitiúla le 1,972 vóta (9% den vóta), ceantar ar cuireadh leis an dáilcheantar seo é ó bhí an fothoghchán ann.

Agus suíochán amháin ag Seán Crowe (SF), ceann ag Paul Murphy (AAA/ PBPA), ceann ag Fine Gael, agus ceann eile ag Fianna Fáil beidh coimhlint spéisiúil ann sa deireadh don chúigiú suíochán. Idir Seán Moloney (Nspl), An Seanadóir Katherine Zappone (Nspl) agus Sarah Holland (SF) a bheidh sé don suíochán deireanach.

Iarrthóir fíorláidir í Katherine Zappone (Nspl) agus creidim gur idir í agus Éamonn Moloney (Nspl) a bheas an cúigiú suíochán. Má éiríonn léi fanacht chun cinn ar Sarah Holland (SF), gheobhaidh Zappone aistriúchán maith uaithi agus tógfaidh sí an suíochán.

Tuar: Crowe (SF), Murphy (AAA/ PBPA), Brophy (FG), Lahart (FF), agus Zappone (Nspl)

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Baile Átha Cliath (2)'

  • séamus mac seáin

    is maith tuaisceoireacht obiachtúil neamh chlaonta a léamh ar na páirtithe éagsúla agus barúil tomhasta tugtha . go raibh mhinic is deacair a dhéanamh amach agus “iriseoirí ” ag scríobh cé tuairisceoireacht atá ann ná bolscaireacht ar son nó in éadan páirtí ar leith..maith thú a Dhonncha