Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Baile Átha Cliath (1)

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Donncha Graphic BAC1

Dáilcheantar: Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Líon Suíochán: 5

Dáilcheantar nua ina bhfuil dhá Dháilcheantar trí shuíochán curtha le chéile agus ceann de na Dáilcheantair is deacra tuar a dhéanamh air.

Tá cúigear Teachtaí Dála ag seasamh: Richard Bruton (FG), Terence Flanagan (RN), Aodhán Ó Riordáin (LO), Tommy Broughan (Nspl), Finian Mc Grath (C.Nspl). 

Anailís:

I 2011 bhí trí shuíochán ag Páirtí an Lucht Oibre idir Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár agus Baile Átha Cliath Thoir-Thuaidh, an dá dháilcheantar a cuireadh le chéile leis an dáilcheantar nua seo a chruthú. D’imigh Tommy Broughan ón Lucht Oibre, tá Seán Kenny éirithe as agus tá an tAire Stáit Aodhán Ó Riordáin (LO) ag iarraidh greim a choinneáil ar shuíochán amháin dá pháirtí. 

Beidh suíochán ag an Aire Richard Bruton (FG) ach is beag seans atá ag Fine Gael an dara suíochán a thógáil, go mór mór agus triúr iarrthóirí ag seasamh. Duine acu siúd é Naoise Ó Muirí ón Spidéal.  Thart ar 17% den vóta a bhí ag Fine Gael sna toghcháin áitiúla sa cheantar seo i gcomparáid le 20% do Shinn Féin agus 19% d’Fhianna Fáil. Ar an gcaoi sin, tá seans ag Sinn Féin agus ag Fianna Fáil suíochán a bhuachan anseo. Tá beirt iarrthóirí láidre ag Sinn Féin, na comhairleoirí Micheál Mac Donncha, agus Denise Mitchell. Má fhaigheann siad aistriúcháin óna chéile, tá suíochán le buachan ag Sinn Féin. 

Aodhán Ó Riordáin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Aodhán Ó Riordáin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

I gcás Fhianna Fáil, beidh dianchoimhlint idir Seán Haughey (FF), agus Deirdre Heaney (FF). Is comhairleoirí an bheirt acu do cheantar Chluain Tarbh. Is deacair a rá an cabhair nó a mhalairt é do Sheán Haughey gur mac é leis an iar-Thaoiseach Charlie Haughey.

Ní dóigh liom go bhfuil a dhóthain tacaíochta ag Renua le go gcoinneodh Terence Flanagan (RN) a shuíochán, cé go mbeidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh. Gan Seán Kenny san iomaíocht, ba cheart go mbeadh suíochán Tommy Broughan (Nspl) réasúnta sábháilte. 

Beidh troid spéisiúil ann don chúigiú suíochán idir Aodhán Ó Ríordáin (LO), Finian Mc Grath (Nspl), Terence Flanagan (RN), agus an Comhairleoir John Lyons (AAA/PBP), a fuair 2,313 vóta sna toghcháin áitiúla. Má éiríonn le Ó Riordáin fanacht sa rása sách fada, d’fhéadfadh sé a dhóthain aistriúchán a fháil ó Fhine Gael leis an suíochán a thógáil. Ní féidir John Lyons a chur as an áireamh, ach is ag brath ar aistriúcháin ó Shinn Féin a bheadh sé.

Iarrthóir láidir eile is ea an Seanadóir Avril Power, a bhíodh le Fianna Fáil go dtí gur thit sí amach le lucht ceannaireachta an pháirtí faoin reifreann pósta. Ní thoghfar í ach beidh vóta maith aici le roinnt agus shamhlóinn go bhfaigheadh Deirdre Heney (FF) slám maith de na vótaí sin, a d’fhéadfadh í a chur chun tosaigh ar Sheán Haughey.

TUAR: Bruton (FG), Broughan (Nspl), Mac Donncha (SF), Heney (FF) agus Ó Ríordáin (LO). 


Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Láir

Líon Suíochán: 3

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011:  An ceantar a bhí in iarthar an dáilcheantair curtha le Baile Átha Cliath Thiar agus suíochán imithe as Baile Átha Cliath Láir dá bharr.

Tá ceathrar Teachtaí Dála ag seasamh gan ach trí shuíochán le líonadh: Paschal Donohue (FG), Mary Lou Mc Donald (SF), Maureen O’Sullivan (Nspl) agus Joe Costello (LO). 

Anailís: Thit an tóin as vóta an Lucht Oibre (10%) agus vóta Fhine Gael (8%) sna toghcháin áitiúla, ach mhéadaigh vóta Shinn Féin go 28%. Beidh suíochán ag Mary Lou McDonald (SF) agus beidh an dá shuíochán eile idir Pascal Donohue (FG), Maureen O’Sullivan (Nspl), Joe Costello (LO), Christy Burke (Nspl) agus Mary Fitzpatrick (FF).

Seo é an dáilcheantar ina mbíodh Bertie Ahern ina Theachta Dála, ach níl mórán brí fanta i bhFianna Fáil ó d’imigh sé.

Mary Lou Mc Donald. Pictiúr: Sam boal/Rollingnews.ie
Mary Lou Mc Donald. Pictiúr: Sam boal/Rollingnews.ie

Cabhróidh a phróifíl ard mar Aire le Pascal Donohue (FG) a shuíochán a choinneáil ach beidh air fanacht chun cinn ar Joe Costello (LO) agus aistriúchán réasúnta maith a fháil uaidh má chuirtear as an rás fear an Lucht Oibre.

I gcás an tríú suíochán, is ag Maureen O’Sullivan (Nspl) is mó atá seans, cé go bhféadfadh Christy Burke (Nspl) a bheith san iomaíocht chomh maith. Faigheann O’Sullivan aistriúchán maith i gcónaí ó chuile dhream.

Neamhspléach eile a bheas san iomaíocht don tríú suíochán is ea Cieran Perry (Nspl). Fuair sé 2,269 vóta agus é ag seasamh i gceantar Fhionnghlaise sna toghcháin áitiúla. D’aistrigh a vóta go láidir chuig Maureen O’Sullivan (Nspl), a fuair aon trian de na vótaí aige. Tá an chuma ar an scéal gurb é Joe Costello (LO) an Teachta Dála a bheidh thíos leis.

Tuar: McDonald (SF), Donohue (FG) agus O’Sullivan (Nspl).


Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh

Líon Suíochán: 3

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Is beag athrú anseo seachas píosa beag a bheith bainte de. Is iad Fionnghlas agus Baile Munna na ceantair mhóra anseo mar aon le cuid de Dhroim Conrach.

Na Teachtaí Dála ag seasamh: Róisín Shortall (SD), John Lyons (LO), Dessie Ellis (SF). 

Anailís: Bhí 33% den vóta ag iarrthóirí Shinn Féin sna toghcháin áitiúla sa cheantar seo agus tá beirt iarrthóirí ón bpáirtí sin ag seasamh, Dessie Ellis TD agus an Comhairleoir Cathleen Carney Boud, a fuair 2,328 vóta i gceantar Bhaile Munna sna toghcháin áitiúla i 2014.  Toghfar Dessie Ellis (SF) agus beidh Cathleen Carney Boud san iomaíocht go dtí an deireadh. Ar bharr an liosta beidh Róisín Shortall (SD), a d’éirigh as a haireacht sa Chomhrialtas ar bhonn prionsabail. 

Beidh troid le haghaidh an tríú suíochán idir an Teachta John Lyons (LO) agus na comhairleoirí Paul McAuliffe (FF), Cathleen Carney Boud (SF) agus Noel Rock (FG).

Ní raibh aon Teachta Dála ag Fine Gael sa dáilcheantar seo le 30 bliain anuas agus ní dóigh liom go mbeidh an uair seo ach an oiread. Bhí 14% den vóta i dtoghcháin áitiúla 2014 ag an Lucht Oibre agus má éiríonn le Lyons (LO) an méid sin a fháil agus fanacht chun cinn ar Noel Rock (FG), d’fhéadfadh na haistriúcháin ó fhear Fhine Gael suíochán Pháirtí an Lucht Oibre a thabhairt slán.

Beidh vóta réasúnta ag Paul McAuliffe (FF) ach ní bheidh aon aistriúchán le fáil aige.

Iarrthóir eile a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht go dtí an deireadh is ea an Comhairleoir Andrew Keegan (AAA/PBP), a d’fhéadfadh an suíochán a sciobadh ón Lucht Oibre mura bhfaighidh Lyons (LO) a dhóthain aistriúchán.

Tuar: Shortall (SD), Ellis (SF) agus Lyons (LO).


Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Thiar

Líon Suíochán: 4

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Tá an Dáilcheantar seo athruithe go mór. Tá cuid den sean-dáilcheantar curtha le Fine Gall agus tá píosa de Bhaile Átha Cliath Lár curtha leis.

Na Teachtaí Dála ag Seasamh: Leo Varadkar (FG), Joan Burton (LO), Ruth Coppinger (SP).

Anailís:  An cheist mhór sa dáilcheantar seo an mbeidh Ceannaire an Lucht Oibre Joan Burton in ann a suíochán a choinneáil. Coinneoidh Leo Varadkar (FG) a shuíochán gan stró agus ba cheart go gcoinneodh Ruth Coppinger (SP) a suíochán chomh maith. Tá seans an-mhaith ag an gComhairleoir Paul Donnelly (SF) suíochán a thógáil. Bhí 3,201 vóta sna toghcháin áitiúla i 2014 ag Donnelly agus ba é a bhí ar bharr an liosta sa bhfothoghchán inar toghadh Ruth Coppinger (SP).

Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Fágann sin suíochán amháin. Tá an dara hiarrthóir ag seasamh d’Fhine Gael, Catherine Noone (FG), agus beidh Joan Burton (LO) ag brath ar aistriúchán maith uaithi le fanacht sa rása. Seans go mbeidh sí ag troid don suíochán deireanach le David McGuinness (Comh. Nspl), a sheas d’Fhianna Fáil sa bhfothoghchán agus a fuair 17.5% den vóta. Ní bhfuair sé an t-ainmniúchán ó Fhianna Fáil ag an gcoinbhinsiún, áfach, agus roghnaíodh an Comhairleoir Jack Chambers (FF) le seasamh. Is iarrthóir óg é Chambers (FF) a fuair 2,603 vóta sna toghcháin áitiúla. Má fhanann McGuinness chun cinn air, ba cheart go bhfaigheadh sé aistriúchán maith vótaí uaidh agus ó dhaoine eile chomh maith.

Tuar: Varadkar (FG), Donnelly (SF), Coppinger (SP) agus McGuinness (NS).

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Baile Átha Cliath (1)'

  • Emmet Ó Fatharta

    Pictiúr de Catherine Murphy in airde agaibh ar an alt faoi dháilcheantair BÁC, ní Róisín Shorthall

  • Eoin Ó Murchú

    Ceapaim go ndéanfadh Páirtí an Lucht Oibre I bhfad níos measa na seo, agus ní thabharfainnse suíochan dóibh in aon cheann dena dailcheantracha seo.

  • Eoin P. Ó Murchí

    Bheadh drochlá amach is amach ag PLO mura mbeidh suíochán ag Joan fiú, a Eoin eile!

  • grudaire

    Tá i bfhad níos mó daoine ag seasamh I gach ceantar. Ba chóir dóibh a bheidh san anailís..

    Mar shampla tá an iarracht is mó ar shon an teanga Gaeilge á dhéanamh ag an Chomhaontais ghlas..