TOGHCHÁN 2016: Ná bac an díospóireacht a bhuachtaint, ná caill í agus cuir cor coise faoi do chéilí comhraic

Bhí easnamh suntasach sna díospóireachtaí agus d’imigh an rud ar fad chun leadráin agus seanchaiteachta. Níl an cluiche á imirt mar is ceart

 

RTE Prime Time Leaders Debates in RTE studios. L TO R. Sinn Fein Leader Gerry Adams, Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny, Fianna Fail Leader Micheal Martin and Tanaiste and Labour Party leader Joan Burton as they line up for their last TV Debate on RTE Prime Time. 23/2/2016 Photo RollingNews.ie/RTE
Pictiúr: RollingNews.ie/RTE

Tá an tAifreann léite is gach rud nach mór déanta. Tá na giollaí gualainne ag scaipeadh. Deireadh curtha le fáinne fí na ndíospóireachtaí (Prime Time Leaders Debate, RTÉ1, aréir), ceithearnaigh na ndoirse is na bpóstaer ar an dé deiridh agus míobhán ar an lucht féachana.

Tá cluiche mór rugbaí ar siúl ar an Satharn. An lá céanna go mbeidh ionaid ar fud na tíre lán le hiarrthóirí, lucht feachtais agus saoithíní is na vótaí á gcomhaireamh. Tá saoithíní an rugbaí gearánach le tamall go bhfuil an spórt imithe i muinín na guailleála agus na bulcála agus go bhfuil an tsamhlaíocht agus an imirt neamhimníoch fágtha in áit na leathphingine. Níl an cluiche á imirt an tslí cheart.

Is amhlaidh atá leis na díospóireachtaí seo (cé go ndéarfadh lucht an tsearbhais agus na ciniciúlachta nach raibh samhlaíocht riamh i ndíospóireachtaí polaitíochta). Bíodh sin mar atá bhí easnamh suntasach ann aréir agus d’imigh an rud ar fad chun leadráin agus seanchaiteachta, dá réir. Níl an cluiche á imirt mar is ceart.

Sluaghairm an pháirtí seo ag guailleáil rosc catha an pháirtí siúd, barrshamhail ag bulcáil le gáir mhaíte.  An chluas bhodhar á tabhairt do cheisteanna agus neamhaird á déanamh d’fhíricí nár fheil don óráid réamhdhéanta. Slaiseanna agus carúlacha réamhphleanáilte caite le flosc, beag beann ar an lorg ainnis, leanbaí a d’fhág siad ar an díospóireacht. Ná bac an díospóireacht a bhuachtaint, ná caill í agus cuir cor coise faoi do chéilí comhraic.

Ní haon ionadh gurb é gíoscán an urláir is mó a bhí ag tarraingt airde agus go raibh dhá chuntas giolcaireachta aige tar éis scaithimh agus tuairim is 250 leantóir acu faoi dheireadh na hoíche.

Cuireadh réamhrá leis an gclár a bhí ag iarraidh a bheith samhlaíoch agus drámatúil ach a taibhsíodh dom a bheith méaldrámata agus ábhairín ait.

Miriam O’Callaghan mar bhean an tí agus tús á chur aici leis an gclár le tairní á gcur sa bheo; Kenny agus cáineadh na gcnáimhseálaithe; Martin agus a thréimhse ceithre bliana déag ag bord an Rialtais, Burton agus na geallúintí a briseadh; Adams agus a bhallraíocht san IRA. Seanscéalta agus meirg orthu ach d’éirigh leo na hiarrthóirí a chur dá mbuillí.

Cúpla slais agus carúl greannmhar, suarach fan na slí. I ndiaidh do Mhiriam a rá gurbh é Martin duine de thiománaithe an bhus nuair a chuaigh sé thar faill, dúirt Adams gurbh é a bhí ón gCorcaíoch ná na heochracha a fháil ar ais. Caitheadh ‘the good republican’ isteach i ndroichead na sróna ag Adams go minic agus Burton ag tagairt go deisbhéalach do mhálaí airgid sa scioból féir.

Ba mhinic Adams ag iarraidh a chuid sums a chosaint. N’fheadar an raibh áireamhán aige le déanamh amach go raibh breis agus 80 bliain Dála ag an triúr eile eatarthu. D’imigh Adams amach ón gcairt ábhairín nuair a thosaigh sé ag ceistiú Miriam faoina cuid pá amhail is go raibh sé ábhartha.

Bhí Kenny ar a thriail maidir leis an gcóras sláinte agus slais caite faoin Seanadóir Cahill, cé gur cheap daoine gur Sandra a bhí ráite aige. Seo le Burton arís agus an scian á cur go feirc in Adams mar go gcuaigh sé go Meiriceá le cúram leighis a fháil.

Chruthaigh Burton go maith lena ceart a thabhairt di, níos fearr ná na hoícheanta eile ar aon nós, ach níl ann ach glam cú i ndiaidh a sháraithe ag an bpointe seo. Baineadh barrthuisle as Micheál deisbhéalach nuair a luadh ceapachán Celia Larkin ar bhord stáit nuair a bhí cairdeas fabhair idir chamáin. Níor thug Kenny na cosa leis ón gceist seo ach an oiread agus John McNulty caite chuige. “Out-Bertied, Bertie,” a dúirt Miriam leis. Luadh na Forais Trasteorann le hAdams mar shampla de chairdeas fabhair i Sinn Féin.

Tá a mbuillí tugtha ag na ceannairí anois nach mór agus le lá na cinniúna ar leic an dorais againn is faoi na toghthóirí atá.

 

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2016: Ná bac an díospóireacht a bhuachtaint, ná caill í agus cuir cor coise faoi do chéilí comhraic'

  • padraig

    ‘D’imigh Adams amach ón gcairt ábhairín nuair a thosaigh sé ag ceistiú Miriam faoina cuid pá amhail is go raibh sé ábhartha.’ Os cionn EUR100,000 sa bhliain á thuilleamh aici agus cealú USC idir chamáin acu, ana-ábhartha go léir, dar liom.