Toghchán 2016 – Baile Átha Cliath (Cuid 3)

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Toghchán 2016 – Baile Átha Cliath (Cuid 3)

 

BAC Rath an Duin

 

Líon Suíochán: 3

 

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Baile Átha Cliath Theas a bhíodh ar an dáilcheantar agus cúig shuíochán ann. An turas seo, tá thart ar 10,000 vóta curtha le Dún Laoghaire agus beagnach 30,000 vóta curtha le Baile Átha Cliath Thiar Theas agus gan ach trí shuíochán le líonadh.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Ceathrar Teachtaí Dála atá ag seasamh: Shane Ross (CNspl), Alan Shatter (FG), Peter Mathews (Nspl) agus Alex White (LO).

Anailís: As an gceathrar Teachtaí Dála atá ag seasamh is féidir le Shane Ross (CN) agus Alan Shatter (FG) a bheith réasúnta cinnte go dtoghfar iad. Ceapaim go gcaillfidh Peter Mathews (Nspl), a bhíodh le Fine Gael, a shuíochán agus beidh sé deacair ar Alex White (LO) a shuíochán a choinneáil.

Sa dáilcheantar seo tá tacaíocht Shinn Féin sách íseal – ní raibh ach 8% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i 2014. Beidh ag éirí go han-mhaith le Sorcha Nic Cormaic (SF) má fhaigheann sí 10% den vóta. Beidh a cuid aistriúchán an-tábhachtach. Páirtí an Lucht Oibre is mó a fuair na haistriúcháin uaithi i 2011 ach ní raibh an Lucht Oibre sa rialtas an uair sin.

Beidh an tAire Alex White (LO) ag troid don suíochán deireanach leis an Seanadóir Mary White (FF) nó leis an dara iarrthóir de chuid Fhine Gael, an Comhairleoir Josepha Madigan (FG), a toghadh anuraidh do cheantar Stigh Lorgan le 1,350 vóta. Má aistríonn vótaí Peter Mathews (Nspl) chuig Josepha Madigan (FG) beidh seans ag an bpáirtí dhá shuíochán a thógáil.

Tá Alan Shatter (FG) réasúnta cinnte dá shuíochán, cé nach bhfuil an tionchar céanna aige a thuilleadh ó d’éirigh sé as a phost mar Aire.

 

Alan Shatter. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Alan Shatter. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Seans gur Shane Ross (CN) a bheas ar bharr an liosta agus go dtoghfar ar an gcéad chomhaireamh é. Bhí farasbarr aige i 2011 agus seans go mbeidh an uair seo chomh maith. Gheobhaidh iarrthóirí Fhine Gael a bhformhór.

Tá iarrthóir láidir ag Fianna Fáil, an Seanadóir Mary White. Bean ghnó í a d’fhéadfadh tacaíocht mhaith a fháil ón bpobal meánaicmeach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Más féidir léi fanacht chun cinn ar Josepha Madigan (FG) beidh sí ag troid don suíochán deireanach le Alex White (LO). D’fhéadfadh sí aistriúchán réasúnta a fháil ó dhaoine a chaitheann vótaí do mhná thar fir, nuair a chuirtear amach Sorcha Nic Cormaic (SF) agus Catherine Martin (CG). Má bhíonn Alex White chun cinn ar Josepha Madigan (FG) gheobhaidh sé aistriúchán maith ó bhean Fhine Gael, a thabharfaidh an suíochán dó.

Seo é an dáilcheantar ina mbíodh suíochán ag Eamon Ryan (CG) ach tá ceannaire na nGlasach tar éis bogadh go dtí Baile Átha Cliath Thiar Theas. Catherine Martin (CG) atá ag iompar an bhrataigh don Chomhaontas Glas an uair seo. Fuair sí 1,068 vóta sna toghcháin áitiúla agus d’fhéadfadh sí an vóta sin a dhúbailt. Dá n-éireodh léi an méid sin a dhéanamh rachadh formhór na n-aistriúchán uaithi chuig Alex White (LO) seachas aon duine eile. Seans gurb é aistriúcháin Martin a shocróidh an tríú suíochán.

Tuar: Ross (CN) Shatter (FG) agus White (LO).


 

 

Dun Laoghaire

Líon Suíochán: 4 (Gan ach trí shuíochán le líonadh)

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Tá Dún Laoghaire méadaithe beagán ó 2011, le thart ar 10,000 vóta a bhíodh i mBaile Átha Cliath Theas curtha leis an dáilcheantar. Níl ach trí shuíochán le líonadh anseo os rud é go bhfuil an Ceann Comhairle, Seán Barrett (FG), i dteideal a bheith tofa gan seasamh sa toghchán.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Richard Boyd Barrett (PBPA), Mary Mitchell-O’Connor (FG), Seán Barrett (FG), atá tofa cheana. Tá Éamonn Gilmore (LO) ag éirí as.

Anailís: Gan Gilmore ag seasamh beidh sé deacair do Pháirtí an Lucht Oibre an suíochán a choinneáil. Tháinig iarrthóir an Lucht Oibre, Carrie Smyth (LO), sa cheathrú háit ina toghcheantar féin sna toghcháin áitiúla le 1,220 vóta. Ní raibh ag iarrthóirí an Lucht Oibre ach 12% sna toghcháin áitiúla i 2014 agus níor leor é sin agus cuóta de 25% ann.

Beidh spéis faoi leith sa toghcheantar seo mar go bhfuil Mary Hanafin (FF) ag seasamh ann agus súil aici teacht aniar a dhéanamh. Beidh vóta Fhianna Fáil scoilte idir í féin agus Cormac Devlin (FF), a fuair an t-ainmniúchán ag an gcoinbhinsiún. Má éiríonn le Hanafin fanacht chun cinn ar Devlin beidh sí sa rása ag an deireadh don tríú suíochán, agus gheobhaidh sí aistriúcháin áirithe mar go bhfuil a hainm in airde agus í deisbhéalach sa dá theanga náisiúnta nuair a bhíonn sí ar na meáin chumarsáide.

Níl ach suíochán amháin as na trí cinn le fáil anseo ag Fine Gael. Shílfeá go mbeadh an buntáiste ag an Teachta Dála Mary Mitchell-O’Connor (FG) ach d’fhéadfadh an Comhairleoir Maria Bailey (FG) barra thuisle a bhaint aisti. Is iníon í leis an gComhairleoir John Bailey (FG), a bhfuil tacaíocht láidir aige i nDún Laoghaire. Chaith sé deich mbliana ina chathaoirleach ar Chumann Lúthchleas Gael Átha Cliath freisin ach tharraing sé conspóid air féin de bharr síntiúis a bhí faighte aige ó fhorbróirí nár tuairiscíodh le SIPO, an Coimisiún um Chaighdeán in Oifigí Poiblí, iad.

Má chuirtear iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Carrie Smyth (LO), as an áireamh bheadh Maria Bailey (FG) ag súil le haistriúchán réasúnta uaithi, agus vice versa, mar is as an gceantar céanna iad beirt.

Cé go bhfuil an cuóta ardaithe ó 20% go 25%, ceaptar go gcoinneoidh Richard Boyd Barrett (PBPA) a shuíochán toisc go mbíonn sé le feiceáil agus le cloisteáil ar na meáin chomh minic sin. Fuair sé an ceann is fearr ar Mary Hanafin (FF) don suíochán deiridh i 2011 agus 1,374 vóta aige. Beidh sé ag súil le haistriúchán maith ó Shane O’Brien (SF), iarrthóir Shinn Féin, nuair a chuirfear amach é siúd.

Ossian Smyth (CG) atá roghnaithe ag an bPáirtí Glas. Beidh thart ar 2,000 vóta aige, agus d’fhéadfadh na haistriúcháin siúd dul i bhfeidhm go mór ar an tríú suíochán sa dáilcheantar seo. I 2011, fuair Ivana Bacik (LO) beagnach trian d’aistriúcháin na nGlasach. An uair seo gheobhaidh Boyd-Barrett (PBPA) sciar maith dóibh.

Tuar: Barrett (FG)*, Bailey (FG), Boyd-Barrett (PBPA) agus Hannifin (FF).


 

BAC Fine Gall

Líon suíochán: 5

Athruithe sa Dáilcheantar ó 2011: Baile Átha Cliath Thuaidh a bhíodh ar an dáilcheantar seo agus tá píosa de Bhaile Átha Cliath Thiar curtha leis agus suíochán breise le líonadh.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Clare Daly (Nspl), James O’Reilly (FG), Alan Farrell (FG) agus Brendan Ryan (LO).

Anailís: Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin sa dáilcheantar seo i 2011. Sna toghcháin áitiúla fuair iarrthóirí de chuid Shinn Féin 15% den vóta, agus d’éirigh leo sé shuíochán a fháil ar Chomhairle Chontae Fhine Gall. Má éiríonn le Louise O’Reilly (SF) an cineál vóta sin a fháil tógfaidh sí suíochán. Tá fadhb amháin aici sa mhéid is nach as an gceantar í. Ach bean chumasach atá inti, le neart taithí aici mar oifigeach ceardchumainn lánaimseartha le SIPTU.

Bhíodh suíochán anseo ag Trevor Sargent, iarcheannaire na nGlasach, ach chaill sé amach ar an gceathrú shuíochán anseo le beagnach 1,000 vóta aige. Níl mórán seans ag an iarrthóir atá ag an gComhaontas Glas an uair seo, Joe O’Brien (CG). Ní bhfuair sé ach 804 vóta sna toghcháin áitiúla i 2014 agus níor toghadh é.

Is cinnte go dtoghfar Clare Daly (Nspl), duine de na Teachtaí Dála neamhspleácha is mó a bhfuil ceisteanna ardaithe aici sa Dáil le blianta beaga anuas. Tá seans láidir go mbeidh sí ar bharr an liosta agus go mbeidh farasbarr le roinnt aici.

D’éirigh le Fine Gael dhá shuíochán a fháil i 2011 le cuóta go leith mar go bhfuair Alan Farrell (FG) lear mór aistriúchán ó Trevor Sargent (CG). Toghfar an Dr James O’Reilly (FG) ach ní rachaidh mórán aistriúchán chuig Alan Farrell (FG) an babhta seo, sin mura mbeadh Farrell chun tosaigh ar Brendan Ryan (LO) agus go bhfaigheadh sé a aistriúcháin siúd.

Is cosúil go n-oibríonn Ryan go dian i measc an phobail agus tá mealladh láidir pearsanta aige dá bharr. Sna toghcháin áitiúla i 2014 bhí 11% ag an Lucht Oibre. Leis an gcineál tacaíochta sin bheinn ag ceapadh go mbeidh Ryan sa choimhlint don chúigiú suíochán.

Ba cheart go mbeadh suíochán ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo. Bhí thart ar 18% den vóta ag Fianna Fáil sna toghcháin áitiúla i 2014, níos mó ná aon pháirtí eile. Tá próifíl réasúnta ard ag an Seanadóir Darragh O’Brien (FF). Fuair sé 4,115 vóta nuair a chaill sé a shuíochán i 2011. Ní cabhair dó go bhfuil an dara hiarrthóir ainmnithe ag an bpáirtí, Lorraine Clifford-Lee (FF), le cur le líon na mban ag Fianna Fáil. Dá gcuirfeadh sé 1,000 eile vóta leis an méid a fuair sé i 2011 agus aistriúchán maith a fháil ó Clifford-Lee (FF), ba cheart go mbeadh sé in ann suíochán a thógáil ar ais d’Fhianna Fáil anseo.

Tuar: Daly (Nspl), O Reilly (FG), O’Brien (FF), O’Reilly (SF) agus Ryan (LO).

Tuar ar na suíocháin ar fad i mBaile Átha Cliath:


 

Screen Shot 2016-01-22 at 18.20.50 
Nóta: Líon na suíochán sa toghchán 2011 i lúibíní.

Dáileadh an 14 suíochán eile:

Comhghuaillíocht na Neamhspléach: 2

People Before Profit Alliance: 2

Renua: 1

Na Daonlathaigh Shóisialacha: 1

Comhaontas Glas: 1

Páirtí Sóisialach/AAA: 3

Neamhspléaigh (den eite chlé): 3

Neamhspléaigh Eile: 1

Iomlán: 14