Toghcháin na hEorpa ar na bacáin ach is cuma fúthu…

Níl lucht tacaíochta an fhiontair Eorpaigh sásta glacadh leis go bhfuil daoine ar fud na hEorpa ag éirí míshuaimhneach faoin nualiobrálachas

Toghcháin na hEorpa ar na bacáin ach is cuma fúthu…

Tá tús á chur leis an bhfeachtas toghchánaíochta do Pharlaimint na hEorpa, a bheidh á reáchtáil ag deireadh na Bealtaine, agus cheana féin tá faitíos á léiriú ag an lucht tacaíochta is díograisí atá ag an Aontas go gcaillfidh siad a móramh sa bParlaimint.

Cé go raibh Páirtí Phobail na hEorpa (EPP), ar Críostaithe Daonlathacha ar an eite dheis iad, agus Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PES), ar Sóisialaithe Daonlathacha ar eite chlé (mar dhea) iad, in ainm is a bheith i ngleic lena chéile níorbh amhlaidh a tharla. Roinn siad an chumhacht a tugadh dóibh sa bParlaimint bhréagach seo eatarthu féin ‘ar mhaithe leis an bhfiontar Eorpach’.

Ach táthar á thuar anois go dtitfidh líon feisirí an EPP ó 217 go dtí 183, agus feisirí an PES ó 186 go dtí 135, rud a d’fhágfadh nach mbeadh ach 318 ionadaí as 705 sa bparlaimint acu.

Mar sin féin, beidh na páirtithe sin in ann brath ar dhílseacht na Liobrálach agus na nGlasach don Aontas.

Ar a shon sin is uile, beidh trian de na suíocháin ag páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis nó an eite chlé, ina measc páirtithe atá eoraisceipteach nó naimhdeach don Aontas.

Tá sé spéisiúil nach n-áirítear Sinn Féin a thuilleadh i measc na bpáirtithe eoraisceipteacha seo, in ainneoin go maíonn an páirtí féin go bhfaigheann siad locht fós ar a lán gnéithe den Aontas.

Feicfear amach anseo arbh eisceacht a bhí san ionsaí fíochmhar a dhein Pearse Doherty agus Matt Carthy ar ról an Aontais i leith na gcreach-chistí, nó an comhartha a bhí ann go bhfuil an páirtí chun filleadh ar an dearcadh a bhíodh acu faoin Aontas roimhe seo.

Faoi láthair tá ceithre shuíochán déag ag Éirinn i bParlaimint na hEorpa ach tá triúr díobh sin sna Sé Chontae agus caillfear na suíocháin sin nuair a tharlós an Breatimeacht: drochscéal cinnte do Mhartina Anderson agus Sinn Féin.

Mar chúiteamh tá dhá shuíochán breise á dtabhairt don 26 Contae – ceathrar do Bhaile Átha Cliath (ceann sa mbreis), cúigear don Deisceart (ceann sa mbreis) agus ceathrar don Iarthuaisceart (mar a bhí).

I mBaile Átha Cliath ní cóir go mbeadh aon trioblóid ag Lynn Boylan, an feisire de chuid Sinn Féin, a suíochán a choinneáil, ná ag Barry Andrews, iarrthóir nua Fhianna Fáil, ná ag Fine Gael. Ach cé a thógfas an ceathrú suíochán, an ceann breise?  Fine Gael arís, nó fiú Alex White ó Pháirtí an Lucht Oibre?

Sa deisceart, beidh beirt ag Fine Gael, mar atá faoi láthair, coinneoidh Liadh Ní Riada a suíochán do Shinn Féin is beidh ar a laghad duine ag Fianna Fáil agus seans maith ann gur beirt a bheas acu.

San iarthuaisceart, ceapaim go mbeidh suíochán ag Fine Gael, ag Sinn Féin, ag Ming Flanagan, agus is dócha ag Fianna Fáil in áit Marian Harkin. Ba dhóbair do Harkin a suíochán a chailleadh in 2014.

Má thagann an tuar faoin tairngreacht seo beidh ríméad ar Fhianna Fáil, cé nach bhfuil mórán tábhachta i ndáiríre ag baint leis na toghcháin seo – in Éirinn ná san Eoraip.  Sin é an fáth go reáchtáiltear na toghcháin áitiúla an lá céanna anseo in Éirinn le líon na vótóirí a ardú.

Thit líon na vótóirí go dtí 42.9% ar fud na hEorpa in 2014, figiúr nach dtugann mórán údaráis don ‘pharlaimint’.

Ach is cuid den chur i gcéill Eorpach go gcaithfear labhairt faoi amhail is gur parlaimint ollstáit atá i gceist.

Ach cén míniú a bheas ar an scéal má thagann fórsaí frithEorpacha chun tosaigh, is má fhanann líon na vótóirí an-íseal?

Bhuel tá an bealach á réiteach cheana féin.  Bhí litir fhada san Irish Times le déanaí ó mhóruaisle an domhain – ina measc iar-ardrúnaí NATO (Anders Rasmussen), iarstiúrthóir an CIA (John Negroponte), iar-leasuachtarán Mheiriceá (Joe Biden) agus iar-aire airgeadais na hÚcráine (Natalie Jaresko), atá anois ag obair do Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba é an rud ab íorónta faoin litir áfach ná gur mhol an grúpa eachtrannach seo, ó Mheiriceá den chuid is mó, go gcaithfear a bheith san airdeall ar chur isteach ón gcoigríoch ar thoghcháin seo na hEorpa.

Ar ndóigh, ba é an deamhan Rúiseach a bhí i gceist acu.

Ach an gceapann duine ar bith dáiríre gur vótáil Meiriceánaigh ar son Trump mar gheall ar chomhairle ón Rúis, nó gur fhan vótóirí na Breataine ar ghaoth an fhocail ó Mhoscó sular roghnaigh siad an Breatimeacht?

Léiríonn na scéalta seafóideacha seo nach féidir leis na daoine atá i gceannas ar an bhfiontar Eorpach fírinne an scéil a phlé.  Ní féidir leo glacadh leis go bhfuil daoine ar fud na hEorpa ag éirí míshuaimhneach faoin nualiobrálachas, fiú nuair a admhaíonn leithéidí Minouche Shafik, Stiúrthóir Scoil Eacnamaíochta Londan, sa Financial Times go bhfuil an pobalachas tagtha ar an saol toisc go bhfuil an íos-mheánaicme agus an aicme oibre níos measa as san Eoraip anois fad is atá na daoine is saibhre ar mhuin na muice.

Caithfidh mé súil ar an bpobalachas seo an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Toghcháin na hEorpa ar na bacáin ach is cuma fúthu…'