Toghcháin d’Údarás na Gaeltachta le moladh i mbille sa Seanad inniu

Tá sé molta ag Seanadóirí de chuid Shinn Féin go gceadófaí toghcháin dhaonlathacha do Bhord an Údaráis, mar a cheadaítí sular achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012

Toghcháin d’Údarás na Gaeltachta le moladh i mbille sa Seanad inniu

Pléifear bille sa Seanad inniu a chinnteodh toghcháin dhaonlathacha do Bhord Údarás na Gaeltachta arís dá nglacfaí leis. Triúr Seanadóirí de chuid Shinn Féin –Trevor Ó Clochartaigh, Niall Ó Donnghaile agus Paul Gavan — atá ag moladh leasú a chur ar Acht na Gaeltachta 2012 le cead vótála a thabhairt do phobal na Gaeltachta i dtoghcháin don Údarás.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Faoin Acht sin, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord freisin ó 20 go 12 comhalta. Ceadaíonn an reachtaíocht d’Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, a roghnú ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na Comhairlí Contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí. 

Tá sé molta ag na seanadóirí sa bhille nua atá le plé inniu an córas a athrú ar ais arís chuig an mbealach a mbíodh sé sular achtaíodh an tAcht nua Gaeltachta cúig bliana ó shin.

Níl i ndíospóireacht an lae inniu ach an chéad chéim den phróiseas. Pléifear an bille sa Seanad, agus má ghlactar leis ansin, rachaidh sé ar aghaidh chuig céim an choiste.

“Léiríonn an raic atá tarraingthe sna húdaráis áitiúla chéanna le seachtain anuas gur mó aird atá ag ionadaithe Fhianna Fáil ar na folúntais de bharr an leas pearsanta a bhainfidh siad féin as a bheith ar bhord an Údaráis, seachas leas phobal na Gaeltachta a chur chun cinn.

“Níl aon chiall leis ach an oiread, gur Comhairleoirí Contae nach bhfuil Gaeilge, ná baint ná páirt acu le pobal na Gaeltachta, atá ag roghnú ionadaithe ar son mhuintir na Gaeltachta, seachas iad féin trí vóta díreach,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Cáineadh an cinneadh deireadh a chur leis na toghcháin do Bhord an Údaráis nuair a fógraíodh ar dtús gur ag Aire na Gaeltachta agus na comhairlí contae a bheadh an rogha duine a cheapadh chun an bhoird. Tá molta sna blianta a d’imigh tharainn ó shin, ag polaiteoirí áirithe, ina measc an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, agus iarbhaill den Bhord go gceadófaí na toghcháin arís.

Sábháil airgid an phríomhchúis a tugadh leis an athrú a rinne Comhrialtas na linne ar an gcaoi a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta agus béim mhór ar shrianta ar sparáin i chuile roinn stáit ag an am sin.  

Bhí sé mar thoradh polaitiúil ar an athrú gur neartaíodh seasamh Fhine Gael ar an Údarás mar go raibh ionadaíocht níos tréine acu sna Comhairlí Contae Gaeltachta an tráth sin.  Bhí an lámh a bhí ag Comhairleoirí Contae as taobh amuigh den Ghaeltacht sna ceapacháin ar cheann de na hábhair spairne a bhí ann. 

Fág freagra ar 'Toghcháin d’Údarás na Gaeltachta le moladh i mbille sa Seanad inniu'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    is géire a theastaíonn cumhachtaí pleanála ón Údarás….

  • Ó Tuairisg

    Tuilleadh don seafóid. Níl suim dhá laghad ag Trevor, Sinn Féin ná aon pholaiteoir in obair Údarás na Gaeltachta. Níl uathu ach dhul ar ais go ag an sean am nuair a bhí polaiteoirí ag geallúint deontais ón Údarás ar mhaithe le vótaí. Ba cheart go mbeadh an tÚdarás glan de pholaitíocht.