Toghchán SAM idir dhá cheann na meá, deir Trump go bhfuil ‘calaois mhór’ déanta ar an bpobal

Tá vótaí fós á gcomhaireamh i dtoghchán drámatúil lán teannais agus an chuma ar chúrsaí go gcoinneofar lucht tacaíochta Donald Trump agus Joe Biden ar tinneall siar go deireadh

Toghchán SAM idir dhá cheann na meá, deir Trump go bhfuil ‘calaois mhór’ déanta ar an bpobal

Bhí toradh thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheirceá fós idir dhá cheann na meá ar maidin agus gan ach fíorbheagán idir Donald Trump agus Joe Biden.

In ainneoin vótaí a bheith á gcomhaireamh i gcónaí, mhaígh an tUachtarán Donald Trump go raibh an toghchán buaite aige.

Dúirt Joe Biden go gcreideann sé go raibh sé ‘ar an mbóthar ceart’ chun an bua a fháil agus é “an-dóchasach” go n-éireoidh leis in Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin.

“Coinnigh bhur misneach, a chairde, táimid chun é seo a bhuachan,” a dúirt Joe Biden lena lucht tacaíochta.

Mhaígh Trump go rabhthas ag iarraidh an toghchán “a ghoid” uaidh.

Dúirt Biden go gcaithfí gach uile vóta a chomhaireamh agus gur faoi mhuintir Mheiriceá amháin a bhí sé buaiteoir an toghcháin a fhógairt, ach dúirt Trump nár cheart aon vóta a chomhaireamh i ndiaidh dhúnadh na mbothán vótála.

In oráid ghairid a thug Trump sa Teach Bán, mhaígh sé go raibh an toghchán buaite aige. Dúirt sé gur “calaois” ar mhuintir Mheirceá a bhí i gceist leis an toghchán, gur “údar náire” a bhí i gcomhaireamh na vótaí agus go mbeidh sé ag dul chun na Cúirte Uachtaraí chun iarracht a dhéanamh stop a chur leis.

Cuireadh tús aréir leis an gcomhaireamh drámatúil lán teannais agus ba léir tar éis tamaill nach aon bhua mór a bhí i ndán do rogha láidir na coitiantachta, iarrthóir na nDaonlathach, an t-iar-leasuachtarán Joe Biden.

Bhí Donald Trump cuid mhaith níos faide siar sna pobalbhreitheanna ná mar a bhí roimh thoghchán 2016 nuair a tháinig an fear gnó agus réalta teilifíse aniar aduaidh ar Hillary Clinton, ach de réir mar a tháinig na torthaí isteach aréir threisigh ar an mbraistint go bhféadfadh sé bua gan choinne eile a fháil.

D’éirigh le Biden agus Trump roinnt mhaith de na stáit a bhíonn de ghnáth ag a bpáirtithe a bhuachan luath san oíche, ach beidh an comhaireamh fós ar siúl go ceann tamaill i gcuid de na stáit is tábhachtaí sa toghchán.

Ní fios go fóill cathain a bheidh toradh an toghcáin ann.

De réir mar a bhí an bheirt ag cur lena vótaí sa choláiste toghcháin, ba léir gur ceithre stát a shocródh toradh an toghcháin sa deireadh – Pennsylvania, Wisconsin, Michigan agus Arizona.

Bhíothas den tuairim go mbeadh an toradh in Pennsylvania go háirithe idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh.

Chuir an vótáil clabhsúr ar fheachtas toghchánaíochta ar fhág an phaindéim lorg mór air.

Chaith níos mó Meiriceánach ná riamh vóta luath – breis is 103 milliún duine – agus tá sé ag tógáil níos faide na vótaí go léir a chomhaireamh dá bharr.

Bhí níos mó de na votaí luatha ag na Daonlathaigh agus bhí Trump agus na Poblachtanáigh ag brath níos mó ar a lucht tacaíochta a ghríosú chun teacht amach ar an lá.

Bhí an chuma ar chúrsaí gur éirigh leis na Poblachtánaigh sa mhéad sin agus más breithiúnas ar thréimhse ceithre bliana chorraitheach chonspóideach dheighilteach Donald Trump sa Teach Bán a bhí ann, ba léir nár thug muintir Mheiriceá an t-eiteach glan don Uachtarán ná baol air.

Measadh go bhféafadh gur chaith 160 milliún duine ar fad vóta, nó 67% den lucht vótála, an céatadán is airde le céad bliain.

Fág freagra ar 'Toghchán SAM idir dhá cheann na meá, deir Trump go bhfuil ‘calaois mhór’ déanta ar an bpobal'