FAISEAN: Togha agus rogha an tsamhraidh

Tá feistis oiriúnacha do shaoire an tsamhraidh ar intinn ár gcomhfhreagraí

beach-with-feet

Bíonn súil ag chuile dhuine le saoire éigin samhraidh a fháil faoin am seo bliana. Is le linn mhí Iúil agus mhí Lúnasa is mó a bhíonn sos á thógáil ag muintir na tíre seo nuair atá seans áirithe ar aimsir mhaith faoi theas na gréine anseo. Agus is cuma ar cois trá sa mbaile nó thar sáile a chaitear an seachtain nó dhó speisialta sin, tá sé go deas go mbeadh rogha éadaí ar leith againn don tsaoire. Chuaigh mé ag tóraíocht i siopaí agus ar líne le roinnt feistis feiliúnacha a roghnú a bheadh tarraingteach ach nach mbeadh ródhaor ar fad – le héadach trá a thosaigh mé, rogha eile don lá agus an tríú ceann don oíche spraíúil saoire.


Ar an trá

Ar an trá…

Le bicíní deas le stríocaí ó Topshop a thosaigh mé – is riachtanas samhraidh é an chulaith snámha fiú mura dtéann tú san uisce ar chor ar bith. Phioc mé bristí gearra denim agus barr le dath breá bríomhar buí don am nach mbeinn sínte ar an trá. Roghnaigh mé bróga ar stíl espadrilles ó Office – tá siad go mór i bhfaisean faoi láthair, iad thar a bheith compordach agus éasca siúl iontu ach iad ar fáil ar phraghas réasúnta go leor. Bheadh infheistíocht níos mó le déanamh i mo rogha spéaclaí gréine – Raybans le lionsaí gorma – ach tá na spéaclaí gréine tábhachtach más uait a bheith faiseanta agus réchúiseach ag an am céanna. 


Feisteas lae

Feisteas lae

Tá rogha ollmhór bristí géine – jeans – ar a bhfuil poill nó stróiceadh orthú ar fáil faoi láthair. Cé gur ar chinn chaola is mó atá éileamh, roghnaigh mise péire ó Mango ar an stíl ar a dtugtar boyfriend. Bíonn cuma álainn orthu le péire buataisí ar nós na gceanna seo ó Vince Camuto atá ar shladmhargadh ar €99 ag Brown Thomas faoi láthair. Mar mhalairt ar bhróga spóirt nó aclaíochta, cuireann na buataisí seo cuma beagán níos sofaisticiúla ar an bhfeisteas. Barr simplí bán a roghnaigh mé – tá an dath bán faiseanta don samhradh i gcónaí – ach chuir mé cóta trinse – trench-coat – leis; ceann an-éadrom, gan mhuinchillí, le hagaidh an tráthnóna agus dul faoi na gréine.


Ag clubáil

Ag clubáil don oíche

Gúna álainn le stríocaí ar an stíl ar a dtugtar Bardot a roghnaigh mé mar fheisteas don oíche. Tá stil Bardot an-choitianta i ngúnaí agus i mbarra samhraidh faoi láthair.  D’aimsigh mé seaicéad leathair i H&M ar phraghas iontach (€39.99) a bheadh go hálainn le caitheamh leis an ngúna ar oíche amuigh sa mbaile mór. Le beagán breise de dhath a chuir sa bhfeisteas, roghnaigh mé na bróga sál ard ó Office agus an béaldath ar a dtugtar Red Square ó Nars.

Fág freagra ar 'FAISEAN: Togha agus rogha an tsamhraidh'