Tógfaidh sé ‘roinnt laethanta eile’ Éireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú aisti

Tá coimhlint ar siúl idir dhá ghrúpa sa tSúdáin le seachtain anuas, coimhlint inar maraíodh na céadta agus inar deineadh ionsaithe sliogán ar Khartoum, príomhchathair na tíre

Tógfaidh sé ‘roinnt laethanta eile’ Éireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú aisti

Tógfaidh sé “roinnt laethanta eile” na hÉireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú as an tír sin, a deir an Tánaiste.

Dúirt Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, gur aslonnaíodh as an tSúdáin go dtí seo timpeall 50 saoránach de chuid na hÉireann.

Ag labhairt dó le Morning Ireland ar RTÉ, ghabh Martin buíochas leis an bhFrainc agus an Spáinn as an “éacht” a rinne siad daoine a aslonnú as an tír.

Dúirt Martin gur chláraigh timpeall 150 saoránach de chuid na hÉireann ar liosta daoine atá ag iarraidh cabhrach.

Mhol Micheál Martin do shaoránaigh de chuid na hÉireann atá fós sa tSúdáin súil a choimeád ar chuntas Twitter ambasáid na hÉireann sa Chéinia, fanacht taobh istigh agus slán go bhfaighfear a thuilleadh comhairle ó oibrithe na hÉireann.

Tá coimhlint ar siúl idir dhá ghrúpa sa tSúdáin le breis is seachtain anuas, coimhlint inar maraíodh na céadta agus inar deineadh ionsaithe sliogán ar Khartoum, príomhchathair na tíre.

Arm na Súdáine agus grúpa paraimíleata darb ainm Na Fórsaí Mearthacaíochta (RSF) atá ag iarraidh ceannas a bhaint amach sa tír agus tá géarchéim dhaonnúil ann, atá ag dul in olcas, de dheasca na coimhlinte.

Tá leictreachas, bia, leigheas agus uisce gann.

Tá an tSúdáin ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan agus timpeall €680 in aghaidh na bliana an meánphá sa bhliain atá ag an 46 milliún duine atá in gcónaí ann.

Comhairle Ginearál atá i gceannas ar an tír ó bhí coup ann in 2021 agus tá aighneas eatarthu faoi cá bhfuil a dtriall.

Tá easaontas eatarthu go háirithe faoi ar cheart áit san arm a thabhairt don RSF, fórsa ina bhfuil 100,000 duine.

Cuireadh tús leis an marú ar an 15 Aibreán nuair a cuireadh baill den RSF ar dualgas ar fud na tíre.

Mheas lucht arm na Súdáine gur bagairt dóibh a bhí anseo.

Bunaíodh an RSF in 2013 agus d’eascair sé as an mílíste Janjaweed ar cuireadh cinedhíothú ina leith in Darfur.

Tá sáruithe ar chearta daonna curtha i leith an RSF as tSúdáin chomh maith agus é ráite gur mharaigh siad 120 duine a bhí i mbun agóide in 2019.

Fág freagra ar 'Tógfaidh sé ‘roinnt laethanta eile’ Éireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú aisti'