Tá plean an Rialtais €725 milliún d’airgead poiblí a chur ar fáil do RTÉ thar thréimhse trí bliana fógartha ag Aire na Meán agus na Gaeltachta, Catherine Martin.
Fágfar an ceadúnas teilifíse mar atá ag €160 sa bhliain ach cuirfear le ciste RTÉ leis a maoiniú breise ón státchiste as seo go ceann trí bliana.
€725 milliún san iomlán a bheidh i gceist, idir an ceadúnas agus an maoiniú breise.
Dúirt Aire na Meán agus na Gaeltachta Catherine Martin go raibh sé mar chuspóir mór aici féin agus an Rialtas bonn ceart a chur faoin na meáin phoiblí – RTÉ agus TG4 – agus do sheirbhís phoiblí na meán i gcoitinne.
“Tá céim mhór chun tosaigh tugtha ag an Rialtas inniu chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá cinnteacht tugtha do mhaoiniú RTÉ agus tá arduithe suntasacha curtha ar fáil do Chiste na Meán,” a dúirt Catherine Martin.
Dúirt sí go dtabharfadh an fógra “cinnteacht” do RTÉ a ligfeadh dóibh “a straitéis agus a bhunathrú a chur i bhfeidhm”.
Cé go gcoinneofar an córas ceadúnais teilifíse mar atá, dúirt sí go mbeadh feabhas ar an gcóras bailiúcháin.
Chuir an Rialtas de chúram inniu ar an nGrúpa Oibre Teicniúil um Cheadúnas Teilifíse, faoi chathaoirleacht na Roinne Cumarsáide, teacht le chéile an athuair, chun athruithe chun feabhais ar an gcóras a mholadh.
“Mar chuid de seo, tá an Rialtas tiomanta freisin d’acmhainní breise a chur ar fáil chun a chur ar chumas An Post, mar ghníomhaire bailiúcháin reachtúil, na hathruithe oibriúcháin agus córais riachtanacha a chur i bhfeidhm,” a dúirt an tAire Martin.
“Soláthraíonn an méid a comhaontaíodh inniu cobhsaíocht airgeadais do RTÉ do na blianta atá le teacht, mar aon le modhanna leasaithe bailithe táillí… Is linne ar fad RTÉ agus na meáin seirbhíse poiblí, agus anois tá a dtodhchaí ar bhonn níos cinnte ná mar a bhí riamh.”
Fógraíodh chomh maith €4 milliún breise don chiste craoltóireachta do chraoltóirí neamhspleácha. €22.2 milliún a bheidh sa chiste sin an bhliain seo chugainn.
Fág freagra ar '‘Todhchaí RTÉ níos cinnte ná riamh’ – €725 milliún fógartha don chraoltóir poiblí'