Todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá

Tá todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá an deireadh seachtaine seo agus vóta á chaitheamh i dTeach na nIonadaithe faoi tháinseamh an uachtaráin, Dilma Rousseff

Dilma Rousseff
Dilma Rousseff

Cuireadh tús i mBrasília inné, Dé hAoine, le seisiún parlaiminte neamhghnách a mhairfidh trí lá agus a bhfuil todhchaí pholaitiúil na tíre, agus todhchaí pholaitiúil an uachtaráin shóisialaigh Dilma Rousseff go háirithe, ag brath air.

Tá táinseamh (impeachment) Rousseff á mheas i dTeach na nIonadaithe. Ós rud é go bhfuil cead cainte ag gach duine de 513 bhall an tí sin, agus ós rud é go gceaptar go mbeidh sé ina raic sa Teach, níl súil le toradh na vótála go dtí go mall oíche Dhomhnaigh.

Má ghlacann móramh dhá thrian le rún an táinsimh, beidh cosa polaitiúla Rousseff nach mór nite. Bheadh vóta le caitheamh sa Seanad go fóill ach is dóichí ná a mhalairt go leanfadh an Teach sin vóta Theach na nIonadaithe. Ach má dhiúltaítear don táinseamh i dTeach na nIonadaithe an deireadh seachtaine seo, beidh Rousseff slán: beidh deireadh leis an bpróiseas ar an bpointe boise.

Tá ‘cuntasaíocht chruthaitheach’ á cur i leith Rousseff, a bhaineann le Páirtí na nOibrithe agus atá i gcumhacht ó 2011 i leith. Go gairid roimh thoghchán uachtaránachta 2014, inar éirigh léi a dara tréimhse a bhaint amach ach ar éigean, chuir a rialtas íocaíochtaí móra ar athló in iarracht cuma níos bisiúla a chur ar an státchiste. Dar leis an bhfreasúra, cuireadh an dallamullóg ar na vótóirí leis an gcleas seo, ach maíonn Rousseff agus a rialtas gur ghnáthchleachtas cuntasóireachta a bhí sa mhéid a tharla.

Cé go gceaptar go forleathan go bhfuil, níl baint dhíreach ag an gcás i gcoinne Rousseff le scannal an chomhlachta ola leathstáit Petrobrás, an scannal calaoise is mó i stair na Brasaíle, atá á fhiosrú ag póilíní feidearálacha na Brasaíle le blianta beaga anuas.

Tarlaíonn go raibh Rousseff i gceannas ar chomhairle riaracháin Petrobras sa tréimhse atá á scrúdú.

Ach dá mbunódh an freasúra a gcuid iarrachtaí deireadh a chur le réimeas Rousseff ar an scannal sin, seans gur mó an dochar a dhéanfadh sé sin dóibh féin ná mar a dhéanfadh sé do Rousseff: go fóilleach pé scéal é, níor aimsíodh aon fhianaise i gcoinne Rousseff i scannal Petrobras, ach tá na scórtha polaiteoirí ó gach uile pháirtí, páirtithe an fhreasúra san áireamh, luaite leis an scannal iad féin.

Idir an dá linn, tá an Bhrasaíl deighilte ar fad faoi cheist an táinsimh. “Golpe”, nó coup, atá á thabhairt ag Dilma Rousseff agus ag a lucht leanúna féin ar an bpróiseas táinsimh ina coinne.

Ach is maith leis an bhfreasúra an focal céanna: “golpe” a thug siad sin ar iarracht Rousseff cosaint a thabhairt don iar-uachtarán iomráiteach Lula, atá faoi amhras maidir le scannal Petrobras, ón bhfiosrúchán. An mhí seo caite, d’ainmnigh Rousseff Lula mar Cheann Foirne, an post is airde sa rialtas, rud a thabharfadh cosaint dhioplomáideach dó – ach ó shin chuir an Chúirt Uachtarach Fheidearálach an t-ainmniúchán sin ar fionraí.

Ó am go chéile, bíonn an focal tromchúiseach “golpe” in úsáid ag an tríú grúpa freisin: iad sin nach bhfuil aon ghrá acu do Dilma Rousseff ach ar cás leo an daonlathas. Tá pointe acu: bealach daonlathach chun uachtarán a chur ar fionraí atá sa táinseamh nuair a bhíonn fianaise thromchúiseach ar fáil i gcoinne an uachtaráin, agus i gcás Rousseff, níl – go fóilleach pé scéal é. Deachtóireacht a bhí sa Bhrasaíl idir 1964 agus 1985 agus maireann scáil na tréimhse sin i gcuimhne na ndaoine.

Agus vóta cinniúnach le caitheamh i dTeach na nIonadaithe, tá súil ar fud na Brasaíle le mórléirsithe i bhfábhar agus i gcoinne Rousseff. Ar eagla go rachadh an dá dhream sna doirne – rud a tharla cheana – táthar tar éis balla fada a thógáil os comhair Theach na nIonadaithe i mBrasília chun lucht leanúna Rousseff agus lucht leanúna an fhreasúra a scaradh óna chéile.

Pé toradh a bhéas ar an vótáil – amadáin amháin a dhéanfadh tairngreacht – is cinnte nach thar oíche a imeoidh an scoilt leathan atá fágtha ag an bpróiseas táinsimh seo ar shochaí na Brasaíle, fiú dá n-éireodh le Rousseff í féin a thabhairt slán an deireadh seachtaine seo

Fág freagra ar 'Todhchaí pholaitiúil na Brasaíle idir dhá cheann na meá'