LÉIRMHEAS – Tobar agus tolláin

LÉIRMHEAS: Bolgam ó thobar an dúchais agus léargas ar thraidisiún an tollánaithe ar TG4

 

Seán Mac an tSíthigh TG4
Seán Mac an tSíthigh, láithreoir slachtmhar, eolasach Béaloideas Beo ar TG4

“Ná bí ar an chéad duine ag dul síos agus ná bí ar an duine deireanach ag teacht aníos.”

Sin an chomhairle a chuir Gonna Ó Domhnaill, a chaith dhá scór bliain i ngairm an tollánaithe, ar ógánach ó Dhún na nGall a bhí ar tí an bád bán a thógáint go Londain le dul i mbun na gairme céanna.

Sa chéad chúpla nóiméad den chlár Tunnel Tigers Thír Chonaill (TG4, aréir), thaibhseofaí duit gur cuid den rabharta faisnéise faoin gcúlú eacnamaíochta a bhí ann. Beirt ógánach ag cur síos ar an nganntanas fostaíochta ar an bhfód dúchais agus an cinneadh brónach atá déanta acu a seolta a ardú.

I gcaitheamh an chláir, áfach, tugadh léargas ar thraidisiún an tollánaithe atá fréamhaithe go daingean i nDún na nGall agus b’ábhar iontais dom an oiread daoine ó Thír Chonaill a bhí, agus atá, ag plé leis an ngairm seo.

Labhraíonn na seanfhonndúirí linn faoina laethanta ag obair ar scéimeanna hidrileictreacha na hAlban agus dhein na hóganaigh cur síos ar Londain na linne seo mar a bhfuil 26 míle de tholláin á dtochailt 130 troigh faoi thalamh.

Muintir Uí Bhaoill, Uí Ghallchóir agus Uí Dhomhnaill, bhíodar ar fad anseo ag cur síos ar ghairm a thuill clú, cáil agus ómós do na Conallaigh agus a thuill dóibh chomh maith an t-ainm, Tíogair Thochailte Dhún na nGall.

Bhí struchtúr an chláir ag brath go mór ar chaint dhíreach na rannpháirtithe agus lena gceart a thabhairt do lucht a dhéanta, bailíodh le chéile meitheal bhreá. Dhein Gonna Ó Domhnaill cuid mhaith den chlár a iompar. Scéalaí cumasach, paiseanta é a thug éachtaint ghléineach dúinn ar an sclábhaíocht mhídhaonna a bhain leis an obair.

Is léir gur beag aire a tugadh do na hoibrithe agus ná bí ag caint ar shláinte agus ar shábháilteacht. Luaigh Connie ‘Ellen John’ Boyle ar cailleadh a athair go tragóideach cúpla mí sular rugadh é agus deir duine eile nach bhfaca sé solas an lae ach ag an deireadh seachtaine. Saol ba ea é a d’fhág an Wild West in áit na leathphingine, faoi mar a deir Albanach linn.

B’ábhar díomá nár tugadh léargas níos ginearálta ar earnáil an tollánaithe, ar an líon daoine as Dún na Gall, agus Éire fiú, a mheastar a bhíodh ag plé leis an tollanú sna tréimhsí atá idir chaibidil, mar aon leis na háiteanna difriúla a rabhadar i mbun oibre. Thosaigh agus chríochnaigh an clár i Londain ach níor deineadh aon ionramháil ar stair an tollánaithe ansin.

Deineadh tagairt shuimiúil, thruamhéalach do Nua Eabhrac ach thairis sin, is dírithe go hiomlán ar Albain a bhí an clár. Dá bharr sin, ní raibh scéalta na n-ógánach agus na seanfhonndúirí nasctha lena chéile chun mo shástachta.

Rud amháin a rith liom, agus a chuir iontas orm, ná an gean atá ag na seanfhonndúirí fós ar an ngairm dhian seo, agus an bród atá acu as. Dúirt duine amháin go dtabharfadh sé faoi arís dá mbeadh sé óg. Maidir le Gonna, bíonn sé ag dul ar camchuairt chuig na tolláin thall go minic.

Faoi mar a deir Seán Mac an tSíthigh, láithreoir Béaloideas Beo (gach Céadaoin, TG4), is clár é seo dóibh siúd gur mian leo “bolgam a ól as tobar an dúchais”.

Tá dhá chlár sa tsraith nua seo craolta ag an bpointe seo, ceann faoi nósanna agus piseoga an phósta agus ceann eile faoi nósanna na breithe.

Tá cúlra béaloidis ag Seán mar aon le taithí theilifíse mar iriseoir le Nuacht TG4 agus déanann sé cúrsaí a stiúradh go heolasach, go slachtmhar agus go nádúrtha.

Tá na cláir tógtha ar chomhrá na rannpháirtithe sa stiúideo agus iad ag trácht ar phiseoga mar a bhí agus mar atá. Deineadh an cinneadh tábhachtach, cliste an chaint seo a mheascadh le míreanna físe réamhthaifeadta ar eagla go rachadh an scéal chun leadráin. Seoidín ab ea an mhír ina raibh Nóra Joe Bheartla ag cur síos ar an gcleamhnas a deineadh di.

Cé go bhfuil an-tábhacht ag baint le hionchur acadúil/taighde i gclár den saghas seo, tá an baol ann chomh maith go rachfaí rófhada leis. Ní tharlaíonn sé sin anseo, áfach, agus cuireann an Dr. Síle de Cléir agus an Dr. Pádraig Ó hÉalaí go mór leis na cláir. Ábhar díomá dom nár baineadh úsáid as ábhar cartlainne (de chuid RnaG, RTÉ agus an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) ar uairibh.

Leathuair an chloig taitneamhach i “dtobar an dúchais” ab ea é ar a shon sin.