Titim sneachta an-ard go deo á tuar do Chúige Mumhan, Cúige Laighean agus an Ghaillimh

Tá 'Stádas Dearg' i bhfeidhm anois do Chúige Mumhan, do Chúige Laighean agus do chontae na Gaillimhe go dtí 6pm tráthnóna

Titim sneachta an-ard go deo á tuar do Chúige Mumhan, Cúige Laighean agus an Ghaillimh

Tá síneadh curtha anois ag Met Éireann leis an foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ do Chúige Mumhan, do Chúige Laighean agus do chontae na Gaillimhe agus an foláireamh is tromchúisí i bhfeidhm sna háiteanna sin go dtí 6pm tráthnóna inniu.

Dúirt Met Éireann go mbeidh an sneachta ag síobadh sna ceantair sin i gcaitheamh an lae inniu agus go mbeidh an méid sneachta a bheidh carnaithe ar chósta an oirthir agus an deiscirt an-ard go deo. Foláireamh ‘Stádas Oráiste’ a bheidh i bhfeidhm go dtí 6pm tráthnóna i gcontae an Chabháin, Dhún na nGall, Múineacháin, Liatroma, Ros Comáin agus Shligigh.

Bhí Stádas Dearg i bhfeidhm sa Stát ar fad inné agus an titim sneachta is measa le 35 bliain anuas ann. Deirtear go bhféadfadh titim sneachta chomh hard le méadar a bheith ann in áiteanna i mBaile Átha Cliath.

Tugadh rabhadh do dhaoine a bheith ag an mbaile inné faoi 4pm agus fanacht taobh istigh go dtí tráthnóna inniu. Dúirt an Taoiseach inné nár chóir d’aon duine ‘beag is fiú’ a dhéanamh don fholáireamh aimsire agus go bhféadfadh beatha daoine a bheith i mbaol.

D’eisigh Met Éireann foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, do gach contae Dé Céadaoin. Tháinig an Stádas Dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre ag 11pm an oíche sin agus dúradh go mairfeadh sé go dtí 3pm inniu. 

Dúirt Met Éireann go mbeadh sneachta ag síobadh ó dheas tráthnóna Déardaoin de bharr gaoth láidir anoir agus sneachta trom agus go leanfaidh sé mar sin go dtí maidin Dé hAoine, rud a d’fhágfadh ráthanna sneachta in áiteanna go leor. Is iad na contaetha ar chósta an deiscirt agus ar chósta an oirthir is measa atá buailte agus a lorg fágtha ar fud na tíre ag Stoirm Emma agus an fronta Artach a dtugtar An Torathar Anoir air.

Dúirt Seán Hogan cathaoirleach an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála go raibh “teachtaireacht shoiléir” ag an ngrúpa –  “tá an stoirm ag teacht”.

Beidh scoileanna, institiúidí tríú leibhéal, siopaí agus gnóthaí dúnta  arís inniu agus rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm go dtí 6pm i gCúige Mumhan, Cúige Laighean agus an Ghaillimh.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Dé Céadaoin go mbeadh gach scoil agus institiúid triú leibhéal sa tír dúnta Déardaoin agus Dé hAoine agus tá oifigí rialtais agus poiblí, siopaí agus gnóthaí dúnta arís inniu .

Tá seirbhísí Bus Átha Cliath and Bus Éireann ina lánstad agus  stop curtha  le seirbhísí Luas, DART agus Iaranród Éireann. Tá eitiltí curtha ar ceal chomh maith ag Aer Lingus agus Ryanair.

Dúirt Seán O’Neill, urlabhraí Bonneagar Iompar Éireann “nár cheart d’aon duine a bheith ar an mbóthar”.