Titim áirithe do SF agus borradh faoi neamhspleáigh

POBALBHREITHEANNA NUA: Fine Gael 26% (+ 2); Páirtí an Lucht Oibre 8% (mar a chéile); Fianna Fáil 18% (mar a chéile); Sinn Féin 20% (-3); Neamhspleáigh 28% (+5)

Keny Adams Burton

Tá titim áirithe tagtha ar thacaíocht Shinn Feín agus méadú tagtha ar an dtacaíocht atá á tabhairt do neamhspleáigh, de réir pobalbhreitheanna atá le foilsiú sa Sunday Business Post agus sa Sunday Times amárach.

De réir pobalbhreith Red C agus an Sunday Business Post, tá laghdú 3% tagtha ar thacaíocht Shinn Féin.

Is idir tús agus lár na seachtaine seo caite a cuireadh na ceisteanna don phobalbhreith seo, tráth a raibh cás Maíria Cahill go mór i mbéal an phobail, agus ábhar faoisimh go pointe do Shinn Féin é nach raibh titim níos mó i gceist.

D’fhéadfadh, áfach, go spreagfadh pobalbhreith Behaviours and Attitudes agus an Sunday Times tuilleadh cainte faoi cheannaireacht Gerry Adams ar Shinn Féin.

De réir na pobalbhreithe sin, tá titim 7% ar an leibhéal sásaimh i measc an phobail le ceannaireacht Adams, cé go bhfuil sé fós ar an dara ceannaire is mó a bhfuil daoine sátsa leis.

Léiríonn pobalbhreitheanna an dá nuachtáin go bhfuil borradh suntasach faoin dtacaíocht i measc an phobail do neamhspleáigh.

Tugann pobalbhreith an Sunday Buisness Post le fios go bhfuil méadú 5% go 28% ar thacaíocht an phobail do na neamhspleáigh, agus méadú 4% go 29% atá i gceist sa Sunday Times.

Beidh díomá ar pháirtithe an Rialtais le torthaí na bpobalbhreitheanna chomh maith, agus an chuma ar an scéal go bhfuil níos mó suntais á thabhairt ag an bpobal do chonspóid na dtáillí uisce ná mar a thug siad don Bhuiséad, an chéad bhuiséad le sé bliana anuas nach raibh fréamhaithe sa pholasaí déine.

Is beag dea-scéal atá sna pobalbhreitheanna d’Fhianna Fáil ach an oiread, agus i bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí seo, níl ag éirí leis an bpáirtí dul i bhfeidhm ar an bpobal ná cur lena dtacaíocht.

Dealraíonn sé go bhfuil pé tacaíocht atá á chailliúint ag Sinn Féin ag dul i dtreo na neamhspleách seachas chuig Fianna Fáil nó páirtithe an Rialtais.

 


NA TORTHAÍ


SUNDAY BUISINESS POST/RED C


Fine Gael 26% (+ 2)

Páirtín an Lucht Oibre 8% (mar a chéile)

Fianna Fáil 18% (mar a chéile)

Sinn Féin 20% (-3)

Neamhspleáigh 28% (+5)


SUNDAY TIMES/ BEHAVIOUR AND ATTITUDES


Fine Gael 25% (+1)

Fianna Fáil 18% (mar a chéile)

Sinn Féin 19% (mar a chéile)

Páirtí an Lucht Oibre 9% (-5)

Eile 29% (+4)

AN RIALTAS 29% (+2)


Na Ceannairí


Enda Kenny (FG) 29% (-6)

Joan Burton (LO) 41% (-4)

Gerry Adams (SF) 40% (-7)

Micheál Martin (FF) 37% (-2)


 

Fág freagra ar 'Titim áirithe do SF agus borradh faoi neamhspleáigh'