Tithe tábhairne i dteideal cúitimh Covid-19 óna gcomhlacht árachais – cinneadh Ard-Chúirte

Chinn Breitheamh Ard-Chúirte nár cealaíodh an polasaí sin de bharr gur ráig náisiúnta a bhí sa coróinvíreas

Tithe tábhairne i dteideal cúitimh Covid-19 óna gcomhlacht árachais – cinneadh Ard-Chúirte

Cinneadh cinniúnach a bhí i mbreith na hArd-Chúirte inniu go raibh ceathrar úinéirí tithe tábhairne i dteideal cúitimh óna gcomhlacht árachais Insurer FBD ar an drochbhail a chuir paindéim an Covid-19 ar a gcuid gnóthaí.

Úinéir teach tábhairne i mBaile Átha Luain, Seán’s Bar agus úinéirí trí theach tábhairne i mBaile Átha Cliath, Sinnotts, The Leopardstown Inn agus an Lemon and Duke – a thug an cás samplach.

Beidh tionchar ag breithiúnas an lae inniu ar éilimh atá déanta ag breis is 1,000 teach tábhairne is bialann eile sa tír seo a raibh an cineál céanna polasaí árachais acu le FBD.  Tá ciste €30 milliún i leataobh ag FBD leis an gcúiteamh seo a íoc.

Chinn an Breitheamh Denis McDonald gur gheall an polasaí cosaint dóibh in aghaidh aon chaillteanas a bheadh orthu sa gcás go mbeadh orthu dúnadh de bharr éigeandáil sláinte dhomhanda.  Dúirt an Breitheamh nár cealaíodh an polasaí sin de bharr gur ráig náisiúnta a bhí sa coróinvíreas, ó tharla go raibh an ráig sin i limistéar 25 míle ón tábhairne chomh maith céanna agus gurb í an phaindéim sin ceann de na cúiseanna le dúnadh an tí ósta.

D’fháiltigh Leo Varadkar, an Tánaiste agus an tAire Fiontar, roimh an gcinneadh agus dúirt sé ar Twitter gur “dea-scéal é seo do ghnóthaí beaga arbh éigean dóibh dúnadh de bharr na paindéime”.

Beidh an cás os comhair na cúirte arís an 17 Feabhra.

 

Fág freagra ar 'Tithe tábhairne i dteideal cúitimh Covid-19 óna gcomhlacht árachais – cinneadh Ard-Chúirte'