Tirlán – síneadh fada fágtha ar lár in ainm comhlachta chun é a dhéanamh ‘níos simplí’ don mhargadh

Deir Glanbia gur cinneadh gan ach síneadh fada amháin a úsáid ina n-ainm nua chun go mbeadh sé ‘níos cuí’ don mhargadh idirnáisiúnta 

Tirlán – síneadh fada fágtha ar lár in ainm comhlachta chun é a dhéanamh ‘níos simplí’ don mhargadh

Deir comhlacht Éireannach gur rinneadh an cinneadh síneadh fada a fhágáil amach as a ainm nua chun é a dhéanamh “níos simplí”.

Tarraingíodh conspóid an tseachtain seo nuair a d’fhógair an comhlacht bia Glanbia gurb é ‘Tirlán’ a n-ainm nua.

Iarracht atá san ainm nua, a deir an comhlacht, na focail Ghaeilge ‘tír’ agus ‘lán’ a nascadh le chéile. Tá an ‘í’ fágtha amach as ‘tír’ san ainm nua, áfach, rud a fhágann go bhfuil sí go hiomlán gan chiall.

Tá cáineadh déanta ar an ainm nua toisc an síneadh fada a bheith ar lár agus toisc an easpa céille a bhaineann leis.

Deir Tirlán gur cinneadh síneadh fada amháin a úsáid chun go mbeadh an t-ainm ag tagairt do dhúchas an chomhlachta agus gur socraíodh an ceann eile a fhágáil ar lár chun go mbeadh an t-ainm nua “níos cuí” don mhargadh idirnáisiúnta.

“Tirlán translates as Full Country or Land, which for us communicates as Land of Abundance. It comes from the words ‘Tir’ [sic], meaning land or territory, and the word ‘Lán’, meaning full.

“We have used one fada to simplify the name and make it more relevant in a global context as we export to 80 countries.

“We chose to include one of the fadas as a distinct Irish reference and looked at other well-known consumer brands which also include an accent (such as Nescafé and many others).”

Comhlacht bainistíochta branda idirnáisiúnta, Siegel+Gale, a rinne athbhrandáil ar Glanbia.

Dúirt an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh gur maith an rud é comhlacht a fheiceáil ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a úsáid ach gur chóir “an botún” a cheartú.

Dúirt an Teachta Dála ón gComhaontas Glas go gcuireann sé isteach go mór air go bhféadfaí botún chomh bunúsach a dhéanamh agus airgead mór caite ar fheachtas athbhrandála.

“Ní thuigim cén fáth nach raibh seans ag duine le Gaelainn labhairt leo agus a rá ‘Look it lads, tá ‘í’ ag teastáil ansin’. Ní dhéanann sé mórán céille domsa an méid sin airgid a íoc ar rud agus gan é seiceáil le duine le Gaelainn ,” a dúirt Ó Cathasaigh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Má tá tú ag iarraidh ainm Gaelinne a úsáid, agus is maith an rud é an Ghaelinn a chur chun cinn agus an Ghaelinn a úsáid chomh minic agus is féidir, díreach cuir ceist ar dhuine le Gaeilge, ‘An bhfuil sé seo ceart? An bhfuil aon fhadhb ann? An bhfuil aon mhíniú eile ar an téarma seo?’”

Dúirt Ó Cathasaigh go raibh fadhb níos bunúsaí leis an ainm, áfach, fadhb a bheadh ann fiú dá mbeadh ‘Tirlán’ litrithe i gceart.

Cé gur roghnaíodh na focail ‘tír’ agus ‘lán’ chun léiriú a thabhairt ar cé chomh flúirseach is atá talamh na hÉireann, dúirt Ó Cathasaigh go bhféadfadh daoine áirithe brí níos mailísí a bhaint as ‘Tírlán’.

Dúirt sé gur minic le daoine a bhfuil meon frith-inimirce acu an haischlib #Irelandisfull a úsáid ar na meáin shóisialta.

“Tá fadhb ann leis an haischlib sin #Irelandisfull agus tá ciall iomlán eile leis an haischlib sin agus ní dóigh liom gur mhaith le Tirlán nó Glanbia an nasc sin a bheith ann idir ciníochas agus a gcomhlacht féin.”

Dúirt Ó Cathasaigh gur tharla sé go raibh sé le bualadh le hionadaithe ó Tirlán an tseachtain seo chugainn agus go raibh sé chun an scéal a phlé leo, mura mbeadh an t-ainm “ceartaithe” faoin am sin.

Bhí Conradh na Gaeilge agus an Comhairleoir Peter Kavanagh, iarmhéara Bhaile Átha Cliath Theas i measc siúd a léirigh díomá faoi ainm nua Glanbia.

Dúirt Peter Kavanagh le TheJournal, gur cúis díomá a bhí sa scéal ach nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith.

Comhlacht príobháideach é Tirlán, rud a fhágann nach bhfuil aon dualgas reachtúil orthu ó thaobh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tirlán – síneadh fada fágtha ar lár in ainm comhlachta chun é a dhéanamh ‘níos simplí’ don mhargadh'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá sé cosúil le mana a bheadh ag grúpa ciníoch frith-inimirceach

  • Léitheoir

    Ní raibh ‘Glanbia’ slán ó thaobh na gramadaí de ach oiread – bhí sé níos measa fiú.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Agus cad faoi “Tusla” ??

  • Ciarán Ó Coigligh

    Is dearmad Gaeilge ‘Glanbia’ (recte Glan-Bhia / Bia Glan). Is litriú neamh- chaighdeánach ‘Tirlán’ (recte Tír Lán) agus is droch- iarracht ‘lán’ ar ‘abundance’ (an focal a luaigh an comhlacht féin) a chur i gcéill. Bheadh ‘Tír Fhairsing’, ‘Tír Fhlúirseach’, ‘Tír Raidhsiúil’ nó “Tír na bhFuíoll’ freagrach sa gcás. D’eile, céard leis a mbeifí ag súil i stát truaillithe ach le teanga thruaillithe?

  • KH

    Tá ag éirí le Société Générale, shílfeá.

  • Sorcha B.

    ‘Tirlán gan teanga, Tirlán gan anam’ ?