Tír tairngire bainte amach ag Ciarraí faoi dheireadh agus Gaillimh cloíte acu

Cuireadh ceisteanna crua ar fhoireann seo Chiarraí le roinnt blianta anuas agus cliste orthu ar an lá mór agus, cé go rabhadar i mbaol arís tráthnóna, sheas siad an fód nuair ba ghá

Tír tairngire bainte amach ag Ciarraí faoi dheireadh agus Gaillimh cloíte acu

Ciarraí 0-20 Gaillimh 0-16

Tá a lá tagtha faoi dheireadh ag David Clifford, Seán O’Shea agus foireann seo Chiarraí. Tá Corn Mhig Uidhir ag dul ó dheas chun na Ríochta arís tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cuireadh ceisteanna crua orthu le roinnt blianta anuas nuair a theip orthu ar an lá mór agus bhíodar i mbaol arís tráthnóna. Ach nuair ba ghá sheas na Ciarraígh an fód agus ní raibh Gaillimh in ann iad a fhreagairt.

Bhí Ciarraí dhá phointe chun deiridh agus beagán os cionn 20 nóiméad fágtha ach tháinig siad ar ais agus chuir siad deireadh leis an gcrá croí, an gíoscán fiacal agus an géarcháineadh. Thug siad na cosa leo chun a 38ú chraobh a bhaint.
Bhí Gaillimh  nach mór gan locht sa chéad trí cheathrú uaire, ach tháinig na botúin ina dhiaidh sin agus d’íoc siad astu. Chuir Cillian McDaid agus Paul Conroy pasanna amú agus chuaigh Ciarraí suas an pháirc chun scóranna a fháil. Fuair Graham O’Sullivan, a bhí ar fheabhas, David Clifford agus Paudie Clifford na pointí chun Ciarraí a chur dhá phointe chun tosaigh den chéad uair sa chluiche, 0-16 in aghaidh 0-14.

Le bheith féaráilte do Ghaillimh, tháinig siad ar ais ar comhscór tar éis do Shane Walsh, lena naoú pointe, agus Cillian McDaid an sprioc a aimsiú. Ach má bhí Pádraic Joyce ag súil go dtiocfadh scaoll ar Chiarraí agus ceann scríbe ag teannadh leo bhí dul amú air.

Bhuaigh an t-ionadaí Killian Spillane cic saor tábhachtach faoi bhun Chnoic 16. Ní raibh bainisteoir na Gaillimhe sásta beag ná mór le cinneadh an réiteora agus é den tuairim gur rinneadh feall ar John Daly ach, shlánaigh David Clifford cic deacair chun Ciarraí a chur chun tosaigh arís.

Chuir McDaid iarracht ar foraoíl agus é faoi dheifir ina dhiaidh sin rud a bhain an ghaoth  as seolta na Gaillimhe arís. Nuair a chuir Spillane pointe thar an trasnán lena dhorn sa 70ú nóiméad, bhí cuma na maitheasa ar Chiarraí. Scóráil Gavin White agus Seán O’Shea pointí eile chun barr smaise a chur ar chlár na scór sular cuireadh tús leis an gceiliúradh.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tugadh Jack O’Connor isteach mar bhainisteoir ag tús na bliana chun rud amháin a dhéanamh agus b’shin é Craobh na hÉireann a bhuachan. Tá sin déanta anois ag fear na Dromad agus an ceathrú craobh aige mar bhainisteoir ar Chiarraí.

Bhí an chaint uile roimh an chluiche faoi conas mar a d’éireodh le Gaillimh srian a choinneáil ar David Clifford agus, cé nach bhféadfaí locht a fháil ar an iarracht a rinne captaen na Gaillimhe Seán Kelly, d’éirigh le Clifford ocht gcinn de phointí a fháil.

Bhíodar ag teastáil freisin agus tosaithe eile Chiarraí ciúnaithe ag Gaillimh. Níor scóráil Seán O’Shea ach trí chic saor, fuair Paudie Clifford péire agus baineadh Paul Geaney den pháirc ag leath ama.

Ar an taobh eile, bhí a naoscaire féin ag Gaillimh – Shane Walsh. Bhí cuid de na pointí a fuair an Gaillimheach iontach go deo ach bhí Gaillimh ag brath rómhór ar a chuid draíochta, go háirithe sa dara leath agus Damien Comer coinnithe faoi chois ag Jason Foley.

Cé go raibh Gaillimh chun tosaigh ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-7, bhí sé ina imní i measc a lucht tacaíóchta ag leath ama nach raibh siad níos faide chun cinn. Is beag a rinne foireann Phádraic Joyce mícheart sa chéad 35 nóiméad nó mar sin sin ach, fós, ní raibh siad ach pointe amháin chun tosaigh ag an mbriseadh.

Nuair a chaithfear súil siar ar an gcluiche ceannais seo sna blianta romhainn, cuimhneofar ar ghaiscí Walsh agus Clifford, agus na seacht bpointe déag a scóráil siad eatarthu. Chríochnaigh an Gaillimheach le ceann níos mó ná Clifford ach is é an Ciarraíoch a bheidh ag fágáil Páirc an Chrócaigh le bonn ina phóca aige.

Ciarraí: S Ryan; G O’Sullivan (0-1), J Foley, T O’Sullivan; B Ó Beaglaoich, T Morley, G White (0-1); D Moran, J Barry; D O’Connor (0-1), S O’Shea (0-3 ó chiceanna saora), S O’Brien (0-1); P Clifford (0-2), D Clifford (0-8, 0-2 ó mharcanna, 0-3 ó chiceanna saora), P Geaney (0-1 ó mharc). Fir Ionaid: K Spillane (0-2) in áit Geaney (leath amma), A Spillane in áit Moran (leath ama). J Savage in áit P Clifford (43-46 nóim), M Burns in áit O’Brien (56 nóim), P Murphy in áit O Beagloaich (63 nóim), J O’Connor in áit P Clifford (70+2 nóim).

Gaillimh: C Gleeson; L Silke, S Kelly, J Glynn (0-1); D McHugh, J Daly, K Molloy (0-1); P Conroy, C McDaid (0-3); Patrick Kelly, M Tierney, J Heaney (0-1); R Finnerty, D Comer, S Walsh (0-9, 0-4 ó chiceanna saora, 0-1 ó chic ‘45). Fir Ionaid: F Ó Laoi in áit Finnerty (46 nóim), C Sweeney in áit Conroy (57 nóim), E Finnerty in áit Heaney (62 nóim), N Daly in áit Tierney (70+4 nóim)

Réiteoir: Seán Hurson.

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Fág freagra ar 'Tír tairngire bainte amach ag Ciarraí faoi dheireadh agus Gaillimh cloíte acu'

  • Bríd

    Shane Walsh, Laoch an Chluiche & Imreoir na Bliana. Fathach d’imreoir. Clifford sna sála air ach ba le Shane Walsh an lá.

    Maith sibh Ciarraí. Dílseacht don Ghaeilge & don chultúr Gaelach go smior ionaibh. Cluiche den scoth idir dhá fhoireann lán le laochra. Roll on 2023🏐