Tír Chonaill fágtha gan aon churaidh i mbliain ar bheagán dul chun cinn

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltacht Dhún na nGall, na Mí, Mhaigh Eo agus sna cathracha in 2020

Tír Chonaill fágtha gan aon churaidh i mbliain ar bheagán dul chun cinn

Foireann Peile Naomh Conaill. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Tá muid fágtha gan aon bhuaiteoirí ar Chraobh Shinsir Peile Dún na nGall 2020 agus an cluiche ceannais idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh curtha ar athlá. Cuireadh an cluiche siar uair amháin mar gheall ar chás den Covid-19 agus ní raibh sé imeartha arís faoin am ar fhógair Cumann Lúthchleas Gael stop le cluichí mí Dheireadh Fómhair.

Bhí áit bainte amach ag Naomh Conaill, seaimpíní 2019, sa chluiche ceannais tar éis dóibh cluiche crua a bhuachan i gcoinne Naomh Adhamhnáin i ndiaidh am breise sa bhabhta leathcheannais.

Sa chluiche leathcheannais eile, bhí bua cumasach ag Cill Charthaigh ar Ghaoth Dobhair i gcluiche a chuir deireadh le ré Mervyn Ó Domhnaill mar bhainisteoir ar fhoireann Mhachaire Gathlán. Imreoir de chuid an chumainn, Kevin Cassidy, agus Joe Duffy atá ceaptha ina mbainisteoirí in áit Uí Dhomhnaill.

Mervyn Ó Domhnaill. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Díbríodh An Clochán Liath ón Chraobh Shinsir mí Mheán Fómhair nuair a chailleadar cluiche dícháilithe in aghaidh Bhaile na nGallóglach.

Bhí crá croí ag baint arís leis an gcraobh Idirmheánach do Chloich Cheann Fhaola agus an cluiche ceannais caillte acu don dara bliain as a chéile. Aodh Ruadh as Béal Átha Seanaidh a fuair an ceann is fearr orthu an uair seo.

Ócáid stairiúil a bhí ann agus bean ag réiteoireacht ar an gcluiche ceannais den chéad uair. Siobhán Coyle ó chumann Ghaeil Fhánada a bhí i bhfeighil na feadóige.

I gCraobh Shinsir Pheil na mBan i dTír Chonaill, Gleann Fhinne agus an Tearmann a bhí sa chluiche ceannais arís. Bhain mná Ghleann Fhinne díoltas amach ar chluiche ceannais 2019 agus bhí bua slachtmhar, 7-7 in aghaidh 2-10, acu ar an Tearmann.

Scóráil an t-imreoir contae Yvonne Bonner, nár imir i gcluiche ceannais 2019, cúig cinn de chúil sa chéad leath i gcluiche ceannais na bliana seo chun an chraobh a bhuachan do Ghleann Fhinne den tríú huair le ceithre bliana anuas.

An Mhí

Feachtas gearr a bhí ag Cumann Bhulf Tón i gCraobh Shinsir Peile na Mí. Bhuadar an chéad chluiche craoibhe a bhí acu in aghaidh Churrach Átha ach fuair Cnoc an Línsigh an ceann is fearr orthu sa dara cluiche agus theip ar fhoireann Bhaile Ghib áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais.

Eoghan Harrington (Bhulf Tón) i gcluiche ceannais Chomórtais Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí bliain mhaith ag foireann peile Chlann na nGael agus iad ar ais i gCraobh Idirmheánach na Mí in 2020. Chríochnaigh Clann na nGael ar bharr Ghrúpa E tar éis dóibh trí chluiche as trí cinn a bhuachan ach chlis orthu ansin sna babhtaí ceathrú ceannais in aghaidh Bhuaile na Bréachmhaí.

Bhain iománaithe Chlann na nGael ardú céime amach in 2019 chomh maith agus bhí mí-ádh orthu nach ndeachaigh siad níos faide ná babhtaí na ngrúpaí i gCraobh Shinsir Iomána na Mí in 2020. Difríocht an scóir an t-aon rud a choinnigh áit i gcluiche ceathrú ceannais uathu.

Maigh Eo

Bliain leamh go maith a bhí ann d’fhoirne Ghaeltacht Mhaigh Eo ó thaobh dul chun cinn ar pháirc na himeartha. I gCraobh Shinsir Peile an chontae, theip ar Bhéal an Mhuirthead agus ar Chill tSéadhna áit a bhaint amach i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe.

Theip freisin ar Chill Chomáin i ngrád na sóisear. Bhí Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh sa ghrúpa céanna sa chomórtas sin agus d’éirigh leis na hoileánaigh na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Ní dheachaigh siad tada níos faide ná sin faraor agus fuair Oileán Éadaí an ceann is fearr orthu.

Foirne na gCathracha

In Aontroim, chuaigh mná Laochra Loch Lao chomh fada le cluiche leathcheannais Chraobh Shóisir B an chontae ach fuair Gleann Aireamh an ceann is fearr orthu. Bhí feachtas sraithe den scoth ag an bhfoireann níos luaithe sa bhliain agus bhuaigh siad ceithre cinn de na cúig chluiche a d’imir siad i Roinn 3.

Foireann ban Laochra Loch Lao. Pictiúr: Laochra Loch Lao/Facebook

Níor éirigh le foireann na bhfear an dul chun cinn céanna a dhéanamh sa Chraobh Shóisir. Bhuadar cluiche amháin i nGrúpa 1 ach ní dhearna siad dóthain chun dul ar aghaidh sa chomórtas.

An scéal céanna a bhí ann do mhná agus d’fhir na nGael Óg i mBaile Átha Cliath. Bua amháin, cailliúint amháin agus cluiche comhscóir amháin a bhí ag foireann na bhfear i nGrúpa 4 de Chraobh Shóisir Peile 1 an chontae.

D’éirigh le hiománaithe na nGael Óg dul chomh fada le cluiche leathcheannais Chraobh Shóisir C an chontae ach fuair Naomh Sailbheastair an ceann is fearr orthu sa chluiche sin.

I nGaillimh, bua amháin agus cailliúint amháin a bhí ag Gaeil na Gaillimhe i gCraobh Shóisir B an Iarthair agus níor éirigh le foireann na mban teacht slán óna ngrúpa i gCraobh Shóisir C an chontae.

Fág freagra ar 'Tír Chonaill fágtha gan aon churaidh i mbliain ar bheagán dul chun cinn'