Tíortha áirithe ag déanamh a mbealach as an dianghlasáil de chéimeanna staidéartha

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go gcaithfidh daoine teacht ar bhealaí nua le maireachtáil faoi bhagairt an víris

Tíortha áirithe ag déanamh a mbealach as an dianghlasáil de chéimeanna staidéartha

Tá na srianta Covid-19 maolaithe de bheagán i roinnt tíortha san Eoraip agus cead tugtha ag an Iodáil agus an Spáinn do dhaoine áirithe filleadh ar an obair.

In áiteanna áirithe san Iodáil, an tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, tugadh cead do shiopaí leabhar, neachtlanna, siopaí stáiseanóireachta agus siopaí éadach leanaí oscailt ar bhonn trialach.

Tugadh cead filleadh ar an obair d’oibrithe foraoise agus do dhaoine atá ag obair i monarchana ina ndéantar ríomhairí agus earraí IT.

Ach beidh formhór na mbeartas dianghlasála fós i bhfeidhm go dtí an 4 Bealtaine san Iodáil, mar a bhfuil breis is 20,000 duine curtha den saol ag an ngalar.

Tuairiscíodh sa Spáinn inniu go raibh ardú níos lú i líon na gcásanna nua de Covid-19 ná mar a bhí aon lá eile ón 17 Márta i leith.

Tugadh cead d’oibrithe tógála agus d’oibrithe monarchan áirithe filleadh ar an obair sa Spáinn ach tá oibrithe oifige fós ag obair ón mbaile más féidir leo.

Tá os cionn 18,000 duine curtha den saol ag an ngalar sa Spáinn agus dúirt an t-aire sláinte Salvador Illa gur go faichilleach agus go stuama a dhéanfaí na srianta níos boige agus go mbeadh aon chinneadh a dhéanfaí bunaithe ar “fhianaise eolaíochta”.

Tá cead tugtha do thart 300,000 oibrí neamhriachtanach filleadh ar gcuid oibre sa Spáinn.

Tá sé i gceist ionaid cúram leanaí agus bunscoileanna a athoscailt sa Danmhairg amárach. Fillfidh cuid mhaith daoine ar an obair dá bharr ach ní osclófar bialanna ná caiféanna na Danmhairge go fóill. Ní bheidh cead ag daoine a bheith i ngrúpaí de níos mó ná deichniúr go dtí an 10 Bealtaine ar a laghad agus d’fhéadfadh cosc a bheith ar ghrúpaí níos mó ná sin go dtí mí Lúnasa.

San Ostair tá páirceanna poiblí, siopaí beaga, siopaí DIY agus siopaí garraíodóireachta á n-oscailt arís. Ó thosaigh sé, bhásaigh 384 duine a raibh Covid-19 orthu san Ostair agus dúirt an Seansailéir Sebastian Kurz go raibh “na chéad chéimeanna” á dtabhairt ag a thír i dtreo “saol a bheadh an-éagsúil”.

“Is beag an baol go bhfuil an ghéarchéim seo thart,” a dúirt sé.

Emmanuel Macron

Sa Fhrainc, an ceathrú tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, d’fhógair an tUachtarán Emmanuel Macron go bhfágfaí an dianghlasáil i bhfeidhm go dtí an 11 Bealtaine.

Bhásaigh beagnach 15,000 duine sa Fhrainc go dtí seo de thoradh na paindéime.

11,973 duine atá básaithe sa Bhreatain, ardú 768 ar an lá inné.

Tá na céad chéimeanna amach as an gcuibhriú á dtabhairt go staidéartha ag tíortha áirithe, tráth a ndúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go gcaithfeadh daoine teacht ar bhealaí nua le maireachtáil faoi bhagairt an víris.

Dr David Nabarro

Dúirt an Dr David Nabarro, toscaire speisialta an WHO don Covid-19 nach bhféadfaidh an domhan fanacht “faoi dhianghlasáil” nó go mbeidh vacsaín ann nó tástáil ar fáil do chuile dhuine.

Dúirt sé go mbeadh ar dhaoine bealaí nua a aimsiú lena gcúraimí a dhéanamh nó go ndéanfadh an víreas “pairilis” orainn agus nach mbeadh muid ábalta dada a dhéanamh in aon chor dá bharr.

Dúirt Nabarro gurb é an bealach is fearr leis na srianta ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta a laghdú ná gach duine a spreagadh le bheith páirteach san iarracht agus muid ar fad ag foghlaim conas maireachtáil leis seo “chomh maith agus is féidir linn” agus a fhios againn nach bhfuil an coróinvíreas imithe.
Bhí Nabarro ag caint ar chlár raidió RTÉ, Today with Sean O’Rourke, agus dúirt sé go raibh sé dodhéanta gach duine a thástáil agus nach bhfuil aon seans ann “go stopfaidh an víreas ag scaipeadh ag fanacht le tástáil agus mar sin caithfimid sinn féin a chosaint air agus é inár measc”.

Maidir le mascanna aghaidhe, dúirt an Dr Nabarro gur bealach amháin le scaipeadh an choróinvíris a laghdú masc a chaitheamh agus go gcaithfeadh oibrithe sláinte, othair agus daoine a bheidh ag obair go dlúth leis an bpobal ina n-ionad oibre iad a chaitheamh – leithéidí gruagairí agus daoine a bhíonn ag obair ag an gcuntar in ollmhargaí.

Dúirt sé go gcaithfeadh daoine athmhachnamh a dhéanamh ar conas cruinnithe móra sóisialta a eagrú amach anseo.
Dúirt an dochtúir go bhfuil sé deacair vacsaín a tháirgeadh don choróinvíreas agus nach mbeidh ceann ar fáil ar mhórscála go luath.

“Níl an víreas seo ag imeacht leis agus caithfidh muidne foghlaim conas sinn féin a chosaint air,” a dúirt an Dr Nabarro.

Donald Trump

San Eoraip atá an líon is mó cásanna deimhnithe den ghalar i gcónaí, ach is é Meiriceá croílár na paindéime anois.

Tá go leor conspóide á tarraingt sa tír sin i gcónaí faoin tslí a bhfuil an ghéarchéim á láimhseáil ag an Uachtarán Donald Trump.

Ag preasócáid aréir, mhaígh Trump nár dhein sé oiread is botún amháin maidir leis an bhfeachtas i gcoinne an ghalair agus taispeánadh ag tús na hócáide sa Teach Bán físeán bolscaireachta inar tugadh moladh mór don uachtarán agus inar deineadh beag is fiú de na meáin.

Dúirt Trump aréir chomh maith gur aige féin atá “an chumhacht go léir” maidir le deireadh a chur leis an dianghlasáil ar fud na stát.

Ag preasócáid theasaí inar thug sé cuid mhaith den am ag sciolladh ar na meáin agus ag caitheamh anuas ar na hiriseoirí a bhí á cheistiú, dúirt Trump gur ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí an focal scoir maidir leis an dianghlasáil.

“Nuair atá duine ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe, tá an t-údarás go léir aige.

“Go léir. Tuigeann na gobharnóirí sin.”

Deir bunreacht na tíre gurb iad na stáit féin atá i gceannas ar chaomhnú an oird phoiblí agus ar chosaint na sláinte poiblí.

Tá sé i gceist ag deich stát deireadh a chur lena n-orduithe ‘fan ag baile’ as a stuaim féin agus meastar go bhfuil go leor stát eile ann a dhiúltódh don Uachtarán dá n-iarrfadh sé orthu dul i mbun gnó arís agus gan iad réidh chun sin a dhéanamh.

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá beagnach 600,000 den nach mór dhá mhilliún cás deimhnithe den ghalar sa domhan agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó básanna de thoradh na paindéime, breis is 23,000 duine.

Dúirt an IMF inniu go mbeidh titim thobann 7.5% ar eacnamaíocht limistéar an euro i mbliana, cúlú níos measa ná aon uair eile ó Spealadh Mór na 1930idí.

Ach má choinnítear an coróinvíreas faoi chois agus má éiríonn leis na ballstáit an geilleagar a chur i mbun gnó arís, d’fhéadfadh fás 5.8% a bheith i gceist in 2021, dar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Tíortha áirithe ag déanamh a mbealach as an dianghlasáil de chéimeanna staidéartha'