‘Tionscadal Joni Mitchell’ ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath

Is iad na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar amhráin Mitchell, leithéidí Both Sides Now, Big Yellow Taxi, Woodstock agus God Must Be a Boogie Man

maxresdefault52

Mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath, léireoidh IMRAM anocht ‘Tionscadal Joni Mitchell’ – oíche cheoil ina gcasfar leaganacha Gaeilge d’amhráin mór le rá de chuid Mitchell, duine de na cumadóirí amhrán is mó a bhí riamh ann.

Is iad na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar amhráin Mitchell, leithéidí Both Sides Now, Big Yellow Taxi, Woodstock agus God Must Be a Boogie Man. Is í Caitríona O’Leary a bheidh ag canadh in amharclann Smock Alley anocht.

Pléitear i liricí Mitchell an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas, chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta, agus tá tionchar an cheoil tíre, an cheoil rithime agus gormacha, an phopcheoil agus an tsnagcheoil le cloisteáil ina cuid ceoil.

Tá tionscadal eile den chineál seo déanta ag IMRAM cheana. Aistríodh amhráin Bob Marley agus Leonard Cohen le blianta beaga anuas agus bhí amhránaithe mór le rá, leithéidí Liam Uí Mhaonlaí agus Natty Wailer bainteach leis na tionscadail sin.

Beidh Tionscadal Joni Mitchell ar siúl in Amharclann Smock Alley ag a 8 a chlog anocht.

Fág freagra ar '‘Tionscadal Joni Mitchell’ ar siúl anocht i mBaile Átha Cliath'