Tionól Niocláis Tóibín 2015

Beidh na sluaite ag bailiú ó chian is ó chóngar go dtí Rinn Ua gCuanach i nGaeltacht na nDéise an deireadh seachtaine seo do Thionól Niocláis Tóibín.

Screen Shot 2015-02-09 at 13.55.36

Cuirfear tús le Tionól Niocláis Tóibín an deireadh seachtaine beag seo. Féile í seo a reáchtáiltear gach aon bhliain in ómós don amhránaí sean-nóis Nioclás Tóibín, a dtugtaí ‘Rí amhránaí Éireann’ air agus a cailleadh i 1994, ach a d’fhág rian nach beag ina dhiaidh ar amhránaithe na linne seo.

Beidh idir cheardlanna, cheolchoirmeacha agus chainteanna ar siúl mar chuid den Tionól.

Is í Helen Ní Shé, Raidió na Gaeltachta, a osclóidh an Tionól ar an Aoine agus beidh ceol agus amhránaíocht le haireachtaint gan stad as sin go dtí déanaí na hoíche ar an Domhnach.

Ceann de na chéad dualgais a bheidh ar Helen ná gradam saoil, Gradam Niocláis Tóibín 2015, a bhronnadh ar Mickey Dalton, ó Mhaigh Dheilge i bPort Láirge, fear atá ag seinnt ar an mbosca ceoil le breis agus seachtó bliain agus atá ina ábhar spreagtha ag go leor ceoltóirí eile a tháinig ina dhiaidh in imeacht na mblianta.

Beidh dea-chomhluadar ag Mickey óir tá ceoltóirí agus amhránaithe den scoth bailithe le chéile do na ceardlanna a bheidh ar siúl maidin Shathairn i Meánscoil San Nioclás agus craolfar cuid acu sin beo ar Raidió na Gaeltachta. Ina measc siúd a chloisfear ag casadh is ag canadh, beidh Clara Mannion, Aodán Ó Ceallaigh, Ógie Ó Céilleachair agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2014, Nell Ní Chróinín.

Tabharfaidh an Dochtúir Stiofán Ó Cadhla, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, caint uaidh i mbliana a gcuirfear tús léi ag 2.30 ar an Satharn. ‘An Seanscéal is Sine ar Domhan: Liam Turraoin agus Scéal an Bhradáin’ is teideal don phíosa cainte agus is i gColáiste na Rinne a bheidh sí ar siúl.

Beidh an grúpa ceoil Húlaí le clos ag seinnt ina dhiaidh sin ag 4.15 agus ag 4.30, seolfar an t-ochtú eagrán déag den ‘Linn Bhuí’ san ionad céanna, is é sin, i gColáiste na Rinne.

Is féidir le duine a aghaidh a thabhairt ar Thigh an Cheoil ina dhiaidh sin arís, mar a mbeidh seisiún eile ar siúl go dtí 5.30 sa tráthnóna.

Beidh ceol á sheinnt Tigh Uí Mhuirithe agus Tigh Uí Mhaonaigh ag an am céanna. John Kelly, Derek Hickey agus Harry Bradley a bheidh i measc na gceoltóirí a chífear is a chloisfear sna tithe tábhairne áitiúla seo.

Is ag 7.30 sa tráthnóna a chuirfear tús le Ceolchoirm an Tionóil, a bheidh ar siúl i Halla Pobail na Rinne.

Craolfar Aifreann an Tionóil beo ar Raidió na Gaeltachta ó Shéipéal San Nioclás maidin Domhnaigh ag 11.30 agus tabharfar cuairt ar uaigh Niocláis Tóibín dá éis sin ag 1.30 san iarnóin.

Cuirfear clabhsúr ar na himeachtaí ar fad le seoladh dlúthdhiosca nua Tigh Uí Mhuirithe, Heilbhic, ar a dó a chlog. ‘Togha an Tionóil’ is teideal don dlúthdhiosca, a bhfuil taifeadtaí a bailíodh ag an Tionól le haimsir le clos air. Is é Meaití Joe Shéamuis a sheolfaidh an diosca nua seo agus beidh míle fáilte roimh gach éinne ann.

Buailfidh Meaití faoi ina dhiaidh sin í, mar a dtabharfaidh sé cluas, i dteannta na cuideachta go léir, do Brendan Clancy, Paddy Tutty agus Derek Morrissey agus iad ag casadh ag seisiún deiridh an Tionóil.

– Tionól Niocláis Tóibín, 13 – 15 Feabhra, 2015

– Tuilleadh eolais: Mac Dara Mac Donncha 086 856 5569 nó Darren Ó Droma 087 600 7827