Tionól na nIriseoirí & Éigse na Mac Léinn

Bhí idir greann, greann dóite agus diancheistiúchán ar bun in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag an deireadh seachtaine, nuair a bhailigh scata iriseoirí agus mic léinn cumarsáide le chéile i gcomhair éigse ealaíon agus tionól ócáideach na n-iriseoirí.

 

Harry McGeeBhí idir greann, greann dóite agus diancheistiúchán ar bun in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag an deireadh seachtaine, nuair a bhailigh scata iriseoirí agus mic léinn cumarsáide le chéile i gcomhair éigse ealaíon agus tionól ócáideach na n-iriseoirí.

Bhí an Grúpcheannasaí Gaeilge nuacheaptha in RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, i measc na gcainteoirí ar an Aoine a thug cuntas oscailte ar a gcosáin ghairme féin. B’údar dóchais do mhic léinn an Acadaimh éisteacht le beirt iarchéimí dá gcuid, Fiona Ní Fhlaithearta (láithreoir leanúnachais le TG4) agus Ciara McGinn (iriseoir sinsearach le Ocean FM).

Ag tionól na n-iriseoirí ar an Satharn thug an t-údar agus beathaisnéisí Liam Mac Con Iomaire cuntas ar shaol Raibiléiseach agus ar shaothar ilchineálach an iriseora iomráitigh, Breandán Ó hEithir. Ba le greann agus le hionracas a phléigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill (ar iarchomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ é), cuid den aistíl a bhaineann leis an athrú ón duine a bhíodh ag cur na gceisteanna go dtí an duine a bhíonn dá bhfreagairt. Agus rinne eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, cur síos ar na dúshláin a bhaineann le foilseachán nua ar líne.

Grúpa mac léinn agus Feidhmeannach Teanga san Acadamh, Odí Ní Chéilleachair, a d’eagraigh éigse na mac léinn. Ba é comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times, Harry McGee, a d’eagraigh tionól na n-iriseoirí i gcomhar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a ceapadh le gairid i gceannas ar an Aonad Cumarsáide san Acadamh

Fág freagra ar 'Tionól na nIriseoirí & Éigse na Mac Léinn'