Tionchar na tuirse san iomáint, easpa comórtais sa pheil agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ón deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí CLG an deireadh seachtaine

Tionchar na tuirse san iomáint, easpa comórtais sa pheil agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ón deireadh seachtaine

Na cluichí ag teacht sa mhullach ar na foirne róthapa

Tá na cluichí ag teacht tiubh te sa chóras nua atá i bhfeidhm sna craobhacha iomána ach is léir go bhfuil sé deacair ar fhoirne dul i dtaithí ar na dúshláin a bhaineann leis an gcóras. Bhí Loch Garman ag imirt a gceathrú cluiche as a chéile Dé Sathairn agus cé go raibh siad chun cinn ar Chill Chainnigh ag leath ama, ba léir go raibh siad tugtha traochta sa dara leath agus thit an tóin astu. Tharla an rud céanna d’fhoireann Davy Fitzgerald an tseachtain seo caite in aghaidh na Gaillimhe i Staid an Phiarsaigh.

Dúirt Fitzgerald arís agus arís eile roimh thús na craoibhe go mbeadh sé deacair ar Loch Garman a bheith i mbarr a maitheasa do cheithre chluiche as a chéile agus is cinnte go raibh an ceart aige.

Nuair a bhuaigh na Gaillimhigh ar Áth Cliath Dé Sathairn, ba iad an t-aon dream ar éirigh leo cluiche a bhuachan nuair a bhí siad ag imirt den tríú deireadh seachtaine as a chéile. Ní raibh tábhacht ar bith le cluiche an tSathairn, áfach, agus thapaigh Micheál Donoghue an deis le briseadh a thabhairt do roinnt imreoirí.

Ní bhíonn an deis chéanna ag imreoirí CLG teacht chucu féin i ndiaidh na gcluichí agus a bhíonn ag imreoirí gairmiúla, rud a fhágann go bhfuil sé deacair orthu imirt seachtain i ndiaidh seachtaine. Seans go bhfuil gá leasú beag a dhéanamh ar an gcóras nua chun briseadh a thabhairt d’fhoirne ach ó tharla go bhfuil CLG ag iarraidh an séasúr a ghiorrú, beidh sé deacair an t-am breise sin a aimsiú.

Clár na scór ó bhua Chiarraí i gcoinne An Chláir. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Easpa comórtais i gcluichí leathcheannais peile na gcúigí

Imríodh cluichí leathcheannais i gCraobhacha Peile Uladh agus Laighean Dé Domhnaigh, rud a fhágann go bhfuil na foirne uile a bheidh san iomaíocht i gcluichí ceannais na gcúigí ar eolas againn faoin tráth seo.

Ba é an rud ba shuntasaí faoi na cluichí leathcheannais uile ná an easpa comórtais a bhain leo. Ní raibh ach pointe amháin idir Fear Manach agus Muineachán ina gcluiche leathcheannais ach ba é sin an t-aon chluiche nach raibh ach an t-aon scór amháin idir na foirne ag deireadh na himeartha. Ceithre phointe a bhí mar fharasbarr ag Laois ar Cheatharlach i bPáirc an Chrócaigh inné ach bhí ar a laghad deich bpointe idir na foirne i ngach ceann eile de na cluichí leathcheannais a imríodh ar fud na tíre.

Bhí farasbarr breis agus 20 pointe ag Gaillimh i gcoinne Shligigh agus ag Ciarraí in aghaidh an Chláir. Naoi bpointe dhéag a bhí le spáráil ag Áth Cliath ar An Longfort inné. As na hocht gcluiche, trí phointe dhéag a bhí idir na foirne, ar an meán.

Ní haon iontas gur ar an gcraobh iomána a bhí na stáisiúin teilifíse ag díriú le roinnt seachtainí anuas.

Derek McGrath agus Michael Ryan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Céard atá i ndán do Derek McGrath agus Michael Ryan?

Níl Craobh Iomána na Mumhan fiú críochnaithe fós agus Tiobraid Árann agus Port Láirge, péire de na foirne a d’imir i gcluichí leathcheannais na hÉireann anuraidh, imithe cheana féin. Bhí an dá fhoireann sin ag súil le bliain níos fearr a bheith acu i mbliana agus beidh ceisteanna á gcur anois faoi thodhchaí a mbainisteoirí, Michael Ryan agus Derek McGrath.

Fógraíodh mí Mheán Fómhair seo caite go mbeadh Ryan ag fanacht i gceannas ar fhoireann Thiobraid Árann ar feadh trí bliana eile ach, ó chlis go dona orthu sa chraobh i mbliana, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn sé faoi bhrú. Nuair a chaill a fhoireann i gcoinne An Chláir inné, dúirt sé go raibh sé róluath aon chinneadh a dhéanamh ach is léir nach bhfuil gach rud i gceart le Tiobraid Árann i mbliana.

Is beag seans go mbeidh Derek McGrath i gceannas ar iománaithe na nDéise an bhliain seo chugainn ach an oiread. Dúirt sé i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh go raibh sé ar tí seasamh siar ach, faoi dheireadh, ach chinn bliain eile a thabhairt don fhoireann. Tá sos gairme tógtha ag McGrath óna phost múinteoireachta agus b’fhéidir go gceapfadh sé go bhfuil a dhícheall déanta aige agus go bhfuil sé in am éirí as.

Lee Keegan agus Michael Quinlivan ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2016. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tiobraid Árann an chéad stad eile ar thuras Mhaigh Eo

Rinneadh an tarraingt do Bhabhta 2 de na cluichí cáilithe ar maidin agus beidh Tiobraid Árann á fhéachaint le Maigh Eo sa chéad bhabhta eile tar éis d’fhoireann Stephen Rochford greadadh a bhualadh ar Luimneach Dé Sathairn. Ní dhearna Tiobraid Árann aon ghaisce in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan ach beidh siad ag súil go bhfeabhsóidh siad i gcoinne na foirne a casadh orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann cúpla bliain ó shin.

Tabharfaidh Ceatharlach aghaidh ar Thír Eoghain i gceann de na cluichí móra eile. Bhí an t-ádh ar Thír Eoghain teacht slán óna gcluiche in aghaidh na Mí Dé Sathairn agus ba mhór an chabhair an réiteoir dóibh i bPáirc Tailteann. Beidh Ceatharlach ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dóibh cluiche leathcheannais Laighean a chailleadh i gcoinne Laoise inné.

Bhuaigh peileadóirí Phort Láirge a gcéad chluiche craoibhe le seacht mbliana nuair a sháraíodar Loch Garman Dé Sathairn agus tá cluiche mór in aghaidh Mhuineacháin amach rompu anois i mBabhta 2.

Is iad An Cabhán v An Dún, Uíbh Fhailí v An Clár, An Longfort v Cill Dara, Sligeach v Ard Mhacha agus Liatroim v An Lú na cluichí eile a imreofar i mBabhta 2.

Fág freagra ar 'Tionchar na tuirse san iomáint, easpa comórtais sa pheil agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ón deireadh seachtaine'