Tionchar mór ag tubaiste sláinte Covid-19 ar thionscal faisin an domhain

Cé nach ar thionscal an fhaisin is túisce a chuimhneofaí nuair a thráchtar ar an choróinvíreas, tá ceangal eatarthu

Tionchar mór ag tubaiste sláinte Covid-19 ar thionscal faisin an domhain

Tubaiste sláinte ar scála domhanda anois é an galar Covid-19, an tinneas a eascraíonn as an eipidéim den choróinvíreas. Cúis mhór bhróin agus imní é don saol mór go bhfuil beagnach 1,500 duine marbh ag an ngalar agus na scórtha de mhílte eile buailte síos aige ó tugadh faoi deara den chéad uair é i Wuhan sa tSín ag deireadh mhí na Nollag.

Tá an baol ann go rachaidh an scéal in olcas tuilleadh sula bhfaighfear smacht air.

Tá rud amháin eile foghlamtha againn ó tháinig an tubaiste seo chun cinn – chomh lárnach agus atá an tSín anois i ndomhan an fhaisin.

Tá srianta diana taistil curtha i bhfeidhm go hinmheánach sa tSín féin agus cosc curtha freisin ar chuid mhór taistil agus iompair idirnáisiúnta ansin.

De thoradh na srianta sin feicimid chomh mór agus atá tionscal an fhaisin ag brath ar an tSín, ní hamháin le hearraí a tháirgeadh ach mar mhargadh le hearraí a dhíol ann freisin.

Tá fás ollmhór tagtha le roinnt blianta anuas ar thábhacht mhargadh na Síne d’earraí galánta ó iarthar domhan a dhíoltar thoir ansin ar phraghsanna arda.

Ach lena gceart a thabhairt do chomhlachtaí mór faisin an domhain tá suimeanna suntasacha airgid tugtha acu le dul i ngleic le scaipeadh an víris agus le cógais a fhorbairt a leigheasfadh an tinneas. 

Dúirt VF Corporation ar leo brandaí Timberland, The North Face agus Kipling go raibh 60% dá gcuid siopaí sa tSín dúnta go sealadach acu. Sláinte agus sábháilteacht an phobail agus a gcuid fostaithe féin na cúiseanna a thug siad lena ndúnadh.

D’fhógair an comhlacht Nike le gairid go raibh leath a gcuid siopaí sa tSín dúnta go sealadach acu agus nach mbeadh an chuid eile ar oscailt ach ar feadh uaireanta teoranta gach lá. 

Tá siopaí dúnta freisin ag brandaí cáiliúla ar nós Burberry, Givenchy, Marc Jacobs, Louis Vuitton agus Fendi agus tá taispeántais agus margaí idirnáisiúnta faisin curtha ar ceal nó ar athlá acu chomh maith.

Ta síntiús $2.3 milliún tugtha ag an ngrúpa faisin LVMH le dul i ngleic leis an ngalar agus beagnach trí cheathrú milliún dollair tugtha ag L’Oréal. Thug Estée Lauder beagnach leathmhilliún dollar don obair chéanna. Léiríonn an tacaíocht sin a thábhachtaí agus atá margadh na Síne dóibh.

Chuaigh an comhlacht trádála ar líne Alibaba ón tSín féin céim níos faide. Thug siadsan síntiús €144 milliún chun troid in aghaidh an ghalair agus thairg siad €2.6 billiún d’iasachtaí ar ús íseal do chomhlachtaí de chuid na Síne a bhí buailte ag iarmhairtí an ghalair.

Ní gá gur de bharr dea-chroí amháin atá an fhlaithiúlacht seo á léiriú do mhuintir na Síne, go háirithe ag comhlachtaí an iarthair. Tá sciar dá mbrabach féin fite fuaite lena ndíolaíocht ansin. 

Ar ndóigh, tá comhlachtaí eile in iarthar an domhain ag brath go mór ar an tSín le hearraí faisin a tháirgeadh dóibh ar chostas íseal agus is minic a bhíonn an lipéad ‘Made in China’ ar gach a gceannaímid, ó fho-éadaí saora go cótaí troma geimhridh.

Léiríonn scaipeadh an ghalair Covid-19, aicíd an choróinvíris, go bhfuil gach cuid den domhan ceangailte go dlúth le chéile anois agus is amhlaidh an cás le domhan an fhaisin agus tionchar an choróinvíris air le brath i bhfad agus i ngearr.

Fág freagra ar 'Tionchar mór ag tubaiste sláinte Covid-19 ar thionscal faisin an domhain'