Tionchar an Bhreatimeachta ar an nGaeilge le plé i dTithe an Oireachtais tráthnóna

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, go bhféadfadh go mbainfeadh 'dúshláin' leis an mBreatimeacht don Ghaeilge

Tionchar an Bhreatimeachta ar an nGaeilge le plé i dTithe an Oireachtais tráthnóna

Pléifear an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar chúrsaí Gaeilge ag cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais inniu.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus an scátheagras POBAL i láthair ag an gcruinniú tráthnóna agus pléifear “cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann” tar éis imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, go bhféadfadh go mbainfeadh “dúshláin” don Ghaeilge leis an mBreatimeacht.

“Ós rud é go bhfuil dlúthnaisc eacnamaíocha, chultúrtha, shóisialta agus thíreolaíocha idir Éirinn agus an Bhreatain, beidh iarmhairtí fadréimseacha ag Brexit don tír seo. D’fhéadfadh dúshláin éirí as Brexit ó thaobh fhorbairt na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann freisin, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaimis creat don díospóireacht ar an tsaincheist sin a leagan síos a luaithe agus is féidir.

“Tá an imní ag dul i méid freisin go bhféadfaí tacaíocht d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga phobail labhartha ar fud an oileáin a chiorrú tar éis Brexit,” a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil “an deis á tapú” ag an gCoiste labhairt le hionadaithe na n-eagraíochtaí thuaidh agus theas chun an imní a phlé agus le “tabhairt faoin bhfadhb ar bhonn uile-Éireann”.

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, go bhfuil contúirt ann i bhfianaise an Bhreatimeachta “go dtarraingeoidh rialtas na Breataine siar ó dhlúthcheangal na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thug cosaint de chineál éigin don Ghaeilge le blianta beaga anuas”.

Dúirt Muller go raibh an baol ann toisc gan aon Acht Teanga a bheith tugtha isteach, go bhfágfaí “an teanga ó thuaidh ar an trá fholamh” dá dtarraingeofaí siar ó Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, nó ón gCreatchoinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta.

Maíonn an t-eagras ELEN, a chuireann cearta mionteangacha chun cinn san Aontas Eorpach go raibh an tAontas Eorpach i gcónaí ina “sciath chosanta agus ina lóchrann dóchais ag teangacha mionlaithe” an Aontais.

Sa ráiteas a shínigh Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí teanga in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine, dúradh go bhfuil “ré ríchasta” i ndán do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Beidh an cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán ar siúl ag a 5 a chlog tráthnóna agus beidh sé á chraoladh beo ar shuíomh idirlín Thithe an Oireachtais.

Beidh tuairisc bheo ar imeachtaí an chruinnithe ar Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Tionchar an Bhreatimeachta ar an nGaeilge le plé i dTithe an Oireachtais tráthnóna'