Tiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta tar éis pléadáil ciontach

Maraíodh beirt nuair a bhuail carr a bhí á thiomáint ag Francis Carr faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017

Tiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta tar éis pléadáil ciontach

Tá fear a bhí ina thiománaí i dtimpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo in 2017 tar éis pléadáil ciontach i dtiomáint chontúirteach.

Tugadh Francis Carr as an gCeapaigh Dhuibh i dTuar Mhic Éadaigh os comhair Chúirt Chuarda Chaisleán an Bharraigh inné. Phléadáil Carr ciontach i dtiomáint gan árachas chomh maith.

Tabharfar é os comhair na cúirte arís ar an 6 Iúil tráth a ngearrfar pionós air.

Bhí Carr ag tiomáint cairr a bhuail faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017. Maraíodh beirt eile a bhí sa charr leis, Seán Halloran (20) as an bhFairche i gcontae na Gaillimhe agus Orla O’Malley (18) as an gCrois i gCo. Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste luath maidin Domhnaigh dheireadh seachtaine na Cincíse 2017 agus an triúr tar éis freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Seán Halloran ina shuí i suíochán tosaigh an phaisinéara agus Orla O’Malley ina suí sa suíochán cúil nuair a bhuail an carr faoi bhalla i Páirc an Teampaill Íochtarach ar bhruach Loch Measca.

Gortaíodh an tiománaí go dona chomh maith, ach d’imigh sé go Meiriceá nuair a scaoileadh amach as an ospidéal é.

Gabhadh Carr thall mí Iúil seo caite agus rinneadh é a eiseachadadh as Stáit Aontaithe Mheiriceá mí na Nollag.

Fág freagra ar 'Tiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta tar éis pléadáil ciontach'