Tiobraid Árann v Port Láirge: Súil siar ar an stair

Tá Tiobraid Árann agus Port Láirge le casadh le chéile don deichiú huair i gcluiche ceannais na Mumhan an deireadh seachtaine seo. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar thrí cinn de na cluichí ceannais is cáiliúla eatarthu

Is é seo an deichiú huair a thiocfaidh Tiobraid Árann agus Port Láirge le chéile i gcluiche ceannais na Mumhan, agus is le Tiobraid Árann a bhí an lá i mbunáite na gcluichí go dtí seo – a seacht in aghaidh a dó an scór faoi láthair. Seo thíos cuid de na coimhlintí is cáiliúla idir an dá fhoireann go dtí seo.

Foireann Phort Láirge a shroich cluiche ceannais na hÉireann i 1963
Foireann Phort Láirge a shroich cluiche ceannais na hÉireann i 1963

1963 – Port Láirge 0-11 Tiobraid Árann 0-8

I gcluiche ceannais na bliana roimhe seo, 1962, thug Tiobraid Árann greadadh do Phort Láirge agus farasbarr scór pointí idir na foirne faoin deireadh, 5-14 in aghaidh 2-3. Chuaigh na Tiobradaigh ar aghaidh chun craobh na hÉireann a bhuachan an bhliain sin agus nuair a chas Port Láirge orthu arís i 1963, bhí gach duine ag súil leis an toradh céanna.

Cé go raibh forlámhas iomlán ag Tiobraid Árann agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe sa chéad leath, ní raibh an méid sin follasach ar chlár na scór acu. Chuaigh siad isteach ag leath ama agus iad dhá phointe chun cinn, ach 12 iarracht curtha amú acu.

Chuir Jimmy Doyle leis an bhfarasbarr ag tús an dara leath ach ba spreagadh mór do Phort Láirge é nár ceadaíodh cúl Seán McLoughlan go luath ina dhiaidh sin. Cé go raibh sé deacair acu scóranna a fháil ón imirt, bhí Phil Grimes ar fheabhas ó na pocanna saora agus tharraing sé a chontae ar ais sa choimhlint. Chríochnaigh Grimes an cluiche agus 0-8 faighte aige agus, faoin am a shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach, 30 soicind níos túisce ná mar ba cheart, bhí Craobh na Mumhan buaite ag na Déisigh.

James Murray, Eoin Kelly agus Brian Greene tar éis dóibh Craobh Mumhan a bhuachan i 2002. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
James Murray, Eoin Kelly agus Brian Greene tar éis dóibh Craobh Mumhan a bhuachan i 2002. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

2002 – Port Láirge 2-23 Tiobraid Árann 3-12

Idir 1963 agus 2002 níor éirigh le Port Láirge craobh na Mumhan a bhuachan arís. An tseachtain roimh an gcluiche, tháinig Tom Cheasty, Frankie Walsh agus Larry Guinan, fir a d’imir i 1963, chun labhairt leis na himreoirí agus is léir go raibh tionchar acu ar na fir óga.

Arís, bhí Port Láirge i gcoinne fhoireann Thiobraid Árann a raibh craobh na hÉireann buaite acu an bhliain roimhe sin, ach níor ghéill siad. Agus, faoi mar a rinne siad i 1963, chuir Tiobraid Árann go leor iarrachtaí amú – 17 gcinn ar iomlán – ach d’éirigh leo na scóranna a fháil nuair a theastaigh siad. Bhí Tiobraid Árann pointe chun cinn agus gan ach 20 nóiméad imeartha fágtha, ach fuair Port Láirge 1-6 i ndiaidh a chéile idir sin agus deireadh an cluiche chun an bua a bhreith leo.

Bhí laochra ag Port Láirge i ngach ball den pháirc an lá sin ach ba é taispeántas Ken McGrath, a raibh gortú gualainne ag cur as dó, is mó a léirigh díograis fhir na nDéise – fuair sé 0-7 an lá sin.

Lar Corbett ag aimsiú cúl eile i gcluiche ceannais na bliana 2011. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Lar Corbett ag aimsiú cúil eile i gcluiche ceannais na bliana 2011. Pictiúr: INPHO/James Crombie

2011 – Tiobraid Árann 7-19 Port Láirge 0-19

Cé gurbh í foireann Phort Láirge a bhuaigh craobh na Mumhan i 2011, ba iad Tiobraid Árann seaimpíní na hÉireann agus ní raibh na Déisigh chun teacht aniar aduaidh orthu an uair seo. Thug Tiobraid Árann greadadh ceart dóibh agus farasbarr 21 pointe acu ar deireadh. Ba í an chailliúint is mó i gcluiche ceannais na Mumhan le beagnach 30 bliain í.

Tar éis dóibh deireadh a chur le ‘drive for five’ Chill Chainnigh an bhliain roimhe sin, bhreathnaigh sé go raibh Tiobraid Árann chun áit na gCat a thógáil mar an fhoireann is fearr sa tír. Thacaigh an taispeántas seo i bPáirc Uí Chaoimh leis an tuairim sin. Fuair siad 1-2 taobh istigh de cheithre nóiméad ach is sna cúig nóiméad roimh leath ama a rinne siad scrios ceart agus Eoin Kelly, Lar Corbett (2) agus Séamus Callanan uile ag aimsiú cúl. Chríochnaigh Corbett an cluiche agus 4-4 aige.

Cé go raibh bua ag Port Láirge sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe, fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr orthu sa bhabhta leathcheannais agus tháinig deireadh le tréimhse Davy Fitzgerald mar bhainisteoir ar na Déisigh ag deireadh na bliana sin.

Fág freagra ar 'Tiobraid Árann v Port Láirge: Súil siar ar an stair'

  • sean

    Op na Déisigh!